Seo an chéad eagrán dár nuachtlitir ar riachtanais bhreise oideachais an téarma seo. Roinnfear eolas maidir le hacmhainní praiticiúla ann, blúiríní taighde, eolas cabhrach do thuismitheoirí agus deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí. ![]() Fáilte ar ais!Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag socrú isteach go maith sa téarma nua seo agus go raibh briseadh deas agaibh le linn an tsamhraidh. Seo an chéad eagrán dár nuachtlitir ar riachtanais bhreise oideachais an téarma seo. Roinnfear eolas maidir le hacmhainní praiticiúla ann, blúiríní taighde, eolas cabhrach do thuismitheoirí agus deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí. An dátheangachas agus an t-uathachas: Bileog eolais úsáideachÚdair: Bérengère Digard agus Rachael Davis “Bilingualism does not negatively impact autistic people and may provide benefits for cognitive and socio-emotional development. It is an essential part of someone’s identity […]. It is well established in the literature that bilingualism does not cause additional difficulties in language development for autistic children”. Sa mbileog seo, tugtar achoimre ar na torthaí taighde is deireanaí a bhaineann leis an uathachas agus an dátheangachas. Dírítear ar eolas atá ag teastáil ó dhochtúirí le comhairle fheiliúnach suas chun data a roinnt le teaghlaigh pháistí uathacha. Tacaíonn Coláiste Ríoga na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga sa Ríocht Aontaithe lena bhfuil sa mbileog. D’fhéadfadh an t-eolas anseo bheith an-luachmhar do thuismitheoirí nó le roinnt ar dhaoine proifisiúnta éagsúla. ![]() Bailiúchán acmhainní ar shuíomh Gaeloideachas do pháistí agus dhaoine óga uathachaAn bhfuil na hacmhainní nua Gaeilge atá forbartha ag Gaeloideachas i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism feicthe agat go fóill? Tá podchraoladh, gníomhaíochtaí, scéalta sóisialta, sceidil, leabhráin agus eile san áireamh. Cé gur forbraíodh na hacmhainní seo do scoláirí uathacha ach go háirithe, d’fhéadfadh go mbeadh na hacmhainní feiliúnach do scoláirí eile freisin. Tá na hacmhainní féin agus eolas eile i leith an uathachais ar fáil ar rannóg úr nua ar shuíomh Gaeloideachas anseo: Seans go mbeadh suim ag múinteoirí agus tuismitheoirí i roinnt de na hacmhainní thíos ach go háirithe ag an tréimhse seo den bhliain: · Seicliosta maidir leis an timpeallacht céadfaí (AsIAm). Cinntigh go bhfuil do naíonra nó scoil ag cruthú timpeallachta a ligeann do scoláirí agus bhaill foirne, araon, páirt iomlán a ghlacadh i saol an naíonra/na scoile. Tá cóipeanna crua den seicliosta seo ar fáil do bhaill Gaeloideachas freisin. · An scoil dar liomsa (Middletown). Acmhainn shimplí le mothúcháin a bhaineann le tús na scoilbhliana nó leis an scoil i gcoitinne a phlé. · Leabhrán: Ag dul ar scoil (Middletown). Acmhainn mhaith le mothúcháin nó imní faoin scoil a phlé. · Sosanna Gluaiseachta Oíche Shamhna (Middletown). Cártaí le smaointe deasa maidir le sosanna gluaiseachta dírithe ar théama Oíche Shamhna. Tá cinn eile ar fáil don Nollaig agus don Samhradh. · Seicliosta don mhála scoile (Middletown). Acmhainní amhairc chun cabhrú le páistí agus daoine óga uathacha an mála scoile a phacáil go neamhspleách. Tá sceidil agus acmhainní eile ar fáil sa leabharlann chomh maith. · Leabhrán Fúm Féin (AsIAm). Cabhraíonn an leabhrán seo le scoláirí uathacha eolas a bhaineann leo go sonrach a roinnt lena gcuid múinteoirí. ![]() Podchraoladh nua ó Gaeloideachas agus Middletown Centre for AutismAn raibh deis agat éisteacht lenár bpodchraoladh maidir le cúrsaí uathachais go fóill? Pléann painéal múinteoirí (le hionadaíocht ó leibhéal an naíonra suas go leibhéal na hiar-bhunscoile) a dtaithí ar pháistí uathacha a mhúineadh sa gcóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le Dáithí Murray. Tugann siad léargas freisin ar roinnt de na saincheisteanna a bhaineann leo siúd atá ag obair san earnáil chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus scoláirí uathacha barr a gcumais amach. Roineann siad cúpla nod agus comhairle do chomhghleacaithe eile atá ag obair sa gcóras chomh maith. ![]() Ábhar LéitheoireachtaSeo roinnt leabhar a bhféadfaí a léamh le páistí agus scoláirí níos óige chun feasacht agus glacadh a threisiú don éagsúlacht. An bhfuil aon mholtaí breise agat? Má tá, ba bhreá linn liosta níos iomláine a chur le chéile agus bhur moltaí a roinnt. Cuir go ciara@gaeloideachas.ie iad. Anseo atá Muid (Futa Fata) An Buachaill a Bhfuil Inchinn Éagsúil Aige (OTB) Rónán agus a Stad Cainte (An Cat Sásta) Tá Siondróm Down ar Lára (Futa Fata) Percy Péacóg (Futa Fata) - Taifead thíos Cócó an Colgán Cairdiúil (Futa Fata) - Taifead thíos Closleabhair agus podchraoltaíTá go leor closleabhar agus podchraoltaí úsáideacha ar fáil anois. D’fhéadfadh go mbeadh na háiseanna seo cabhrach do scoláirí faoi leith – go háirithe iad siúd a bhfuil deacrachtaí liteartha acu nó disléicse orthu. D’fhéadfaí na naisc a roinnt le tuismitheoirí freisin le go bhféadfadh siad breis tacaíochta a chur ar fáil sa mbaile. Féach ar na samplaí thíos: Leabhair do Pháistí - Raidió na Life Closleabhair saor in aisce - We Are Irish Closleabhair do Pháistí - We Are Irish Closleabhair - Cois Life Teoranta Faigh acmhainní agus scéalta eile bunaithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais thíos:![]() Deis ábhar a chur ar fáil d'ILSAAn bhfuil taighde idir lámha agat sa réimse seo? Nó ar mhaith leat cleachtais nó acmhainní atá forbartha agat a roinnt? Tá deis ábhar a chur ar fáil i ríomhiris ILSA nó san irisleabhar Learn. Féach anseo: ![]() Litriú na GaeilgeTá go leor acmhainní cabhracha maidir le litriú na Gaeilge ar fáil ar shuíomh COGG ag an nasc seo. Ina measc, tá an lámhleabhar Tuiscint ar Litriú na Gaeilge (féach thíos), ceardlanna, mar aon le liosta áiseanna agus gníomhaíochtaí chun scileanna litearthachta na Gaeilge a fheabhsú ón Dr Claire M. Dunne ó Institiúid Oideachais Marino. Má tá ceist ar bith agat faoi litriú na Gaeilge nó má tá tú ag lorg breis taighde nó acmhainní sa réimse seo, bí cinnte cuairt a thabhairt ar an leathanach. Tuiscint ar Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar do Mhúinteoirí agus d'Fhoghlaimeoirí Údair: Nancy Stenson agus Tina Hickey Má tá ceist ar bith agat maidir leis an gcur chuige is fearr leis an litriú a mhúineadh, seans go mbeadh cúpla smaoineamh breise agus lón machnaimh duit sa lámhleabhar seo. Dírítear ar phatrúin chórasacha litrithe is féidir a mhúineadh go soiléir chun cabhrú le daltaí an nasc a dhéanamh idir focail scríofa i nGaeilge agus an t-eolas atá acu cheana féin ar an teanga labhartha. Tá eolas cabhrach ann freisin faoi conas gur féidir le múinteoirí feabhas a chur ar a dtuiscint féin ar chóras ortagrafaíochta na Gaeilge. Tá 30 ceacht ann a bhféadfadh le muinteoirí a úsáid chun cabhrú le páistí focail Ghaeilge a dhíochódú. An teicneolaíocht mar áis don oideachas speisialtaCén bealach a úsáidtear an teicneolaíocht i do scoil chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu? Chuir Ruairí Mac Conduibh, múinteoir i Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, ceardlann phraiticiúil ar an ábhar seo ar fáil ag Tionól Forbartha 2022. Labhair Ruairí maidir le hacmhainní áisiúla a bhféadfaí a úsáid sa seomra ranga bunscoile nó iar-bhunscoile chun scileanna agus cumais éagsúla a spreagadh i measc scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta acu. I measc na n-acmhainní a luadh ann, bhí Book Creator, Adobe Creative Cloud Experience, Stop Motion Studio, Toontastic 3D, Kahoot, Scratch agus Minecraft. Is féidir breathnú ar thaifead den cheardlann seo ag an nasc ar chlé. ![]() Acmhainn nua litearthachta ó CCEATá na hacmhainní litearthachta san áis seo dírithe ar fhoghlaimeoiri Eochairchéim 3 (Aois 11-14) a bhfuil deacrachtaí cognaíocha orthu. Úsáidtear cásanna spraíúla bunaithe ar an saol áitiúil, idir nua-aimseartha agus stairiúil, le scileanna litearthachta a fhorbairt. Tá creatlaí teagaisc ar fáil do mhúinteoirí le cur leis an bhfoghlaim agus leis na gníomhaíochtaí a dhéanamh níos suimiúla, níos bríomhaire agus níos éifeachtaí d’fhoghlaimeoirí. ![]() Acmhainn eolaíochta ó CCEAIs acmhainn í seo a cuireadh ar fáil le smaointe faoin eolaíocht a spreagadh i measc scoláirí trí leas a bhaint as scéalta. Tá na hacmhainní dírithe ar scoláirí Eochairchéim 3 (Aois 11-14) a bhfuil deacrachtaí cognaíocha acu go príomha. Tá leagan ficsin agus leagan fíriciúil i ngach topaic. Dírítear ar thopaic ar nós cur amú bia, aireagáin, saolré úill, leá agus reo agus eile. ![]() Léaráid úsáideach ar an disléicseTá léaráid Ghaeilge cruthaithe ag Isabel Nic an Fhaillí (@nicanfhailli), múinteoir i gColáiste de hÍde, leis an disléicse a mhíniú. Seans go mbeidh sé úsáideach le roinnt ar chomhghleacaithe. Ár mbuíochas le Isabel a thug cead dúinn seo a roinnt. ![]() Taighde nua ar RSOSeoladh an píosa taighde ríthábhachtach seo a choimisiúnaigh Gaeloideachas ag Tionól Forbartha 2022 i mí Bhealtaine. Is iad an Dr Sinéad Nic Aindriú agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a thug faoin taighde. Déantar imscrúdú ann ar na hacmhainní measúnaithe agus teagaisc atá riachtanach do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun freastal cuí a dhéanamh ar scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu. Déantar moltaí sa bpríomhthuairisc taighde maidir le forbairt don todhchaí i réimse an mheasúnaithe agus acmhainní do scoláirí a bhfuil RBO acu atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Baineann na moltaí seo leis an gcleachtas is fearr a mholtar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta maidir le freastal ar scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu i gcomhthéacsanna tumoideachais agus iad siúd atá ag foghlaim tríd an dara teanga. Is féidir an taighde iomlán a léamh ag an nasc seo Tá achoimre fheidhmheach ar fáil anseo Tá leagan Béarla den achoimre ar fáil anseo ![]() Sábháil an dáta – 24ú Samhain 2022!Beidh comhdháil ar riachtanais bhreise oideachais ar siúl ag Gaeloideachas i bpáirt le COGG in Óstán Pháirc an Mhuilinn Chearr ar an 24ú Samhain. Beidh réimse leathan ceardlann agus seimineár do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile ar an gclár. Beidh ionadaíocht ar fáil don ócáid. Bí cinnte an dáta a chur sa dialann, agus is féidir clárú anseo le tuilleadh eolais a fháil ar ríomhphost nuair a bheidh an clár deimhnithe againn. Cúpla dáta eile le cur sa dialannAn eagraíonn do naíonra nó scoil aon ghníomhaíochtaí faoi leith le feasacht a ardú nó le héagsúlacht nó ionchuimsiú a cheiliúradh ar dhátaí faoi leith? Seo roinnt dátaí mar spreagadh breise. 4 Eanáir: Lá Domhanda Braille 1 Márta: Lá Idirnáisiúnta um Chathaoireacha Rothaí 3 Márta: Lá Domhanda na hÉisteachta 21 Márta: Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down 2 Aibreán: an Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas Mí Aibreáin: an Mhí Dhomhanda Feasachta ar Uathachas Acmhainní nó straitéisí praiticiúla ónaíonraí agus scoileanna eileThug muid cuairt ar Ghaelscoil an Mhuilinn an tseachtain seo. Bhí go leor comharthaí spreagúla crochta timpeall na scoile: cinn leis an nGaeilge a shaibhriú agus a spreagadh, cinn eile le hionchuimsitheacht a léiriú agus cinn eile le scoláirí a spreagadh triail a bhaint as gníomhaíochtaí éagsúla. Seo cúpla ceann acu thíos mar ábhar machnaimh daoibh. Buíochas le Caroline, príomhoide na scoile, as cead a thabhairt dúinn iad a roinnt. Roinn Aisling, príomhoide Ghaelscoil na Fuinseoige, leabhrán álainn linn atá in úsáid sa scoil chun cabhrú leis an aistriú chuig an mbunscoil. Bheadh a leithéid de leabhrán an-úsáideach do pháistí agus dhaoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu nó a bhfuil imní orthu maidir le tosú sa naíonra nó ar scoil. Bheadh sé an-éasca an teimpléad a chur in oiriúint do naíonra nó scoil ar bith, agus do riachtanais pháistí agus dhaoine óga éagsúla. Féach anseo Más maith leat acmhainn, smaoineamh, ceist nó grianghraif a roinnt linn, ba bhreá linn iad a áireamh anseo. Cuir ar aghaidh go ciara@gaeloideachas.ie iad. ![]() ![]() Nuachtlitreacha Gaeloideachas | NewlettersLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime. Físeáin Gaeloideachasar RSOFíseáin dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais Videos based on Special Educational Needs |