No images? Click here

 

An Scéal is Déanaí

  • Tá atosú chlár réamhscoile ECCE curtha siar go dtí an 1 Feabhra.
  • Fanfaidh seirbhísí cúraim leanaí eile ar oscailt do leanaí oibrithe riachtanacha agus do leanaí leochaileacha amháin.
  • Is féidir le feighlithe leanaí leanúint de chúram a sholáthar do leanaí oibrithe riachtanacha agus leanaí leochaileacha.
  • Is féidir le teaghlach oibrí riachtanach, nach bhfuil socrú cúraim leanaí acu cheana, bolgán a chruthú le teaghlach eile chun cúram leanaí a sholáthar.

Tá maoiniú an Rialtais, lena n-áirítear an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) chomh maith le scéimeanna Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí, ar fáil do na seirbhísí seo d’fhonn ligean dóibh cúram a sholáthar do leanaí oibrithe riachtanacha agus do leanaí leochaileacha.

I bhfianaise na dtacaíochtaí fairsinge airgeadais atá ar fáil don earnáil, tá an tAire O’Gorman ag iarraidh ar sholáthraithe íocaíocht táillí a chur ar sos, nó táillí a íocadh roimh ré a thabhairt ar ais, i gcás tuismitheoirí nach oibrithe riachtanacha iad agus dá bhrí sin nach féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí idir 11 - 31 Eanáir. Is féidir an t-eolas is déanaí ón Roinne a léamh thíos.

Tá deimhniú faighte ón Roinn ag cruinniú ar an 13 Eanáir go mbeidh na ceisteanna coitianta do thuismitheoirí agus do sholáthróirí seirbhíse, araon, ar fáil i nGaeilge go luath. Ghabh an Roinn leithscéal as an moill, agus dúirt gur fhan siad go mbeadh an leagan deiridh ann roimh iad a aistriú.

Tá treoir ar fáil do thuismitheoirí agus sholáthraithe seirbhíse maidir le hAthoscailt na seirbhísí Foghlama agus Cúraim na Luath-Óige (Early Learning and Care, ELC) - is féidir an treoir iomlán a léamh thíos.

An Nuacht is Déanaí ón Roinn
Treoir maidir le hAthoscailt
Eolas maidir le COVID ó TUSLA
 
 
 

Deis plé thar Zoom le múinteoirí eile

Ba mhaith linn deis a thabhairt daoibh teacht le chéile ar líne chun na cúrsaí is déanaí a phlé agus bhur gcuid aiseolas a roinnt. Is féidir libh labhairt lena chéile maidir le bhur gcuid buairteanna, más ann dóibh, chun gur féidir tacaíochtaí cuí a aithint agus foghlaim óna cheile. Tabharfaidh sé seo deis daoibh an athoscailt a phlé, freisin.

Beidh an seisiún Zoom ar siúl ar an gCéadaoin 20.01.2021 idir 19.00-20.00. Má tá suim agat a bheith i láthair, is gá tú féin a chlárú thíos.

Cláraigh anseo
 
 

Acmhainní do na páistí le linn am COVID

Tá acmhainní iontacha curtha ar fáil go poiblí ar shuíomh Ghaelscoil Aodha Rua dírithe go sonrach ar pháistí naíscoile. Is smaoineamh maith é an nasc a sheoladh chuig na tuismitheoirí sa bhaile ionas gur féidir leo tabhairt fúthu leis na páistí. Tá idir closleabhair go seisiúin aclaíochta dírithe ar pháistí óga ar fáil. Is féidir teacht ar na hacmhainní ar fad thíos. 

Ná déan dearmad faoin mbailiúchán mór acmhainní a chuir Gaeloideachas le chéile, tá na hacmhainní dírithe ar lucht na naíonraí agus scoileanna. Is féidir breathnú orthu ar fad tríd an nasc thíos.

Dheimhnigh an Roinn Leanaí ar an 13 Eanáir go mbeidh tuilleadh ábhar i nGaeilge ar fáil ar shuíomh 'First 5' go luath chomh maith, agus go bhfuil siad ag obair air go leanúnach. Is féidir súil a choinneáil ar an leathanach anseo.

Acmhainní do Thuismitheoirí sa Bhaile
Acmhainní COVID ar shuíomh Gaeloideachas

Idir an dá linn, tabhair aire. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gaeloideachas nó le do Choiste Cúram Leanaí Áitiúil má tá aon cheist nó imní ort.

Aimsigh do CCL áitiúil anseo
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe