Nuachtlitir RSO 15 Aibreán 2021 No images? Click here 13 Aibreán 2021Tá súil againn go raibh briseadh álainn agaibh don Cháisc.Tá go leor rudaí dearfacha ar siúl ag Gaeloideachas sa réimse riachtanais speisialta oideachais i láthair na huaire gur mhaith linn a roinnt libh. Ina measc, tá rannóg úr nua ar an disléicse forbartha againn, acmhainní nua chun tacú le páistí a bhfuil uathachas orthu, ceardlanna ar an disléicse agus uathachas ar siúl agus comhdháil lae beartaithe don bhliain seo chugainn dírithe ar fhorbairt ghairmiúil mhúinteoirí sa réimse RSO agus tacaíocht foghlama.Is féidir tuilleadh a léamh faoi na nithe sin thíos, mar aon le blaiseadh a fháil ar roinnt de na hacmhainní nua atá ar fáil le tacú le páistí a bhfuil riachtanais bhreise nó difríochtaí foghlama acu sa suíomh lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.Sa Nuachtlitir Seo:
Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge & Riachtanais Speisialta OideachaisTá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do thuismitheoirí agus chúramóirí a bhfuil páiste le riachtanais speisialta oideachais acu. D’fhoilsigh muid leabhrán dátheangach roimh an Nollaig dar teideal Ag Tacú le do Pháiste: Oideachas lán-Ghaeilge agus Riachtanais Speisialta Oideachais. Cuireadh an leabhrán seo le chéile i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) agus tá sé dírithe go sonrach ar thuismitheoirí a bhfuil páistí acu sa chóras lán-Ghaeilge nó orthu siúd atá ag smaoineamh ar an gcóras den chéad uair. Tugtar eolas ar roinnt de na hábhair seo ann:
Tá muid cinnte go mbainfear an-leas as an leabhrán praiticiúil seo. Tá an leabhrán seo le feiceáil ar ár leathanach speisialta atá dírithe ar riachtanais bhreise oideachais ar shuíomh Gaeloideachas: www.gaeloideachas.ie/oideachas-speisialta/ Dátaí don dialannAn bhfuil dátaí na gceardlann thíos sábháilte sa dialann agat? Beidh dhá cheardlann thar a bheith suimiúil d’éinne a bhfuil suim acu i riachtanais speisialta oideachais ag tarlú i gcaitheamh na coicíse romhainn.
Tá an seimineár ar an uathachas ar an 19ú Aibreán dírithe ar thuismitheoirí, ach go háirithe, agus beidh formhór an tseimineáir áirithe sin ar siúl trí mheán an Bhéarla. Is féidir le héinne a bhfuil suim acu freastal ar sheimineár comhchosúil i nGaeilge sin a chur in iúl ar an leathanach clárúcháin. Tá an cheardlann disléicse ar an 26 Aibreán dírithe ar mhúinteoirí agus phríomhoidí bunscoile agus roinnfear moltaí, dea-chleachtais agus acmhainní praiticiúla lena linn. Anuas ar na ceardlanna seo, tá Gaeloideachas i mbun pleanála do chomhdháil lae ar RSO do 2022. Beidh an chomhdháil seo ar siúl in Óstán Pháirc an Mhuilinn gCearr i mí na Samhna 2021 (18.11.22). Tá muid ag súil go mór le bualadh le roinnt agaibh i bpearsan ansin. Tuilleadh eolais le teacht. Coinnigh súil ar an nasc thíos d'imeachtaí uile Gaeloideachas. D’éinne a chaill an seimineár dírithe ar thacaíochtaí agus straitéisí do pháistí ardchumais agus ardtallainne (bunleibhéal) nó an seimineár maidir le sealbhú agus forbairt teanga le béim ar RSO (naionaí), is féidir breathnú siar orthu ar chainéal YouTube Gaeloideachas. Tá cartlann le hábhar na gceardlann ar fad ar fáil ar shuíomh Gaeloideachas: Acmhainní úr nua forbartha i bpáirt le AsIAmTá an-áthas ar Gaeloideachas bheith in ann cur leis an réimse tacaíochtaí atá ar fáil do pháistí agus dhaoine óga a bhfuil uathachas orthu. Tá sé an-tráthúil go bhfuil leagan Gaeilge de 22 acmhainn éagsúla de chuid na heagraíochta AsIAm forbartha agus curtha ar fáil ag Gaeloideachas anois i lár Mhí Feasachta an Uathachais. Is acmhainní iad seo chun tacú le páistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu barr a gcumais a bhaint amach sa naíonra nó ar scoil. I measc na n-acmhainní, tá póstaeir, leabhráin, bileoga oibre, seicliostaí don timpeallacht agus pas do naíonraí chun cabhrú leis an aistriú chun na scoile san áireamh. Tá Gaeloideachas thar a bheith buíoch d’AsIAm a thug faoin gcomhpháirtíocht seo linn go fonnmhar agus tá muid ag súil go mór le leanúint le deiseanna comhoibrithe eile leo amach anseo. Ní hamháin go mbeidh na hacmhainní seo thar a bheith úsáideach do pháistí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu sa chóras, ach rachaidh siad chun leasa gach éinne sa chóras oideachais agus cabhróidh siad le feasacht i leith an uathachais a ardú ó leibhéal an naíonra ar aghaidh. Is iomaí páiste a bhfuil uathachas orthu atá ag freastal ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge nó Gaeltachta agus táimid ríméadach gur féidir linn acmhainní den chéad scoth a chur ar fáil dóibh, dá múinteoirí agus dá muintir trí Ghaeilge. Rúin a ritheadh ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas 2021Tá Coiste Comhairleach RSO Gaeloideachas, mar aon le foireann na heagraíochta ag súil le habhcóideacht agus stocaireacht láidir a dhéanamh ar na rúin a ritheadh ag CGB Gaeloideachas 2021. I measc na rún a pléadh, is iad seo thíos na cinn a bhain go sonrach le riachtanais speisialta oideachais: Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) go gcuirfear leagan Gaeilge ar fáil go comhuaineach leis an leagan Béarla dá gcuid acmhainní do scoileanna agus do thuismitheoirí agus go mbeidh na hacmhainní sin curtha in oiriúint don chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta seachas leagan aistrithe amháin nach bhfeileann i ngach cás. ~Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an Roinn Oideachais treoir a sholáthar do scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil ranganna speisialta acu agus do scoileanna speisialta lán-Ghaeilge maidir le cur i bhfeidhm an tumoideachais i ranganna naíonán. ~Gaelscoil Bhaile Brigín Éilíonn an Cruinniú Ginearálta Bliantúil ar an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) cúrsa oiliúna a chur ar fáil i nGaeilge dírithe ar chúntóirí riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal ar a gcuid sainriachtanas oiliúna. ~Gaelscoil Pheig Sayers Coinneofar ar an eolas sibh anseo faoi dhul chun cinn ar bith ar na saincheisteanna seo. Rannóg úr ar an Disléicse ar shuíomh GaeloideachasTá an-ríméad orainn an rannóg úr nua ar an Disléicse atá forbartha againn ar shuíomh Gaeloideachas a roinnt libh anois. Is é an bhunsprioc atá leis an eolas seo ná cabhrú le tuismitheoirí tuiscint níos fearr a bheith acu ar an disléicse, feasacht a ardú agus dul i ngleic le roinnt de na míthuiscintí a bhaineann le hoiriúnacht an chórais lán-Ghaeilge do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu. Tá comhairle agus eolas ann maidir le conas disléicse a aithint, cúrsaí measúnaithe agus bealaí le tacú le hobair bhaile nó leis an staidéar ar fáil ann. Beidh scoileanna in ann leas a bhaint as an rannóg seo mar lárphointe eolais le ceisteanna coitianta a fhreagairt agus an t-eolas cuí a roinnt ar na tuismitheoirí a mbíonn siad ag plé leo. Má tá aon cheisteanna breise a ritheann leat a bheadh fiúntach le háireamh ann, is féidir ríomhphost a chur chuig Ciara ciara@gaeloideachas.ie Táimid fíorbhuíoch d’Emily Barnes ón tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, Coláiste na Tríonóide, as na freagraí seo a chur ar fáil ar cheisteanna a tháinig isteach ó thuismitheoirí agus ó phobal na scoileanna, mar aon leis na taighdeoirí agus cleachtóirí a roinn a gcuid leideanna, comhairle agus taighde ag ár gcuid oícheanta eolais ar an disléicse a bhí ar siúl le deireanaí. Tá muid ag súil go mór le cur leis an rannóg seo go rialta. Féach: Pléadh na straitéisí atá ag naíonraí le freastal ar riachtanais na bpáistí i mbealaí praiticiúla. Rud a thugann ardú croí do na múinteoirí naíonra ná an dearfacht a léiríonn páistí i leith riachtanais speisialta, go mbíonn siad go nádúrtha cineálta agus cairdiúil lena chéile beag beann ar éagsúlachtaí fisiciúla nó intleachtúla agus go dtugann siad aire dá chéile. Tá sé iontach bheith in ann an bhuairt sin a mhaolú do thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí le tosú sa naíonra. Aithníodh gur féidir leis bheith deacair timpeallacht an naíonra a bhainistiú le freastal ar riachtanais pháistí a bhfuil dúshlán acu leis na céadfaí agus a chuireann torann ard imní orthu. Bíonn paistí ag aois an naíonra glórmhar go hiondúil agus iad i mbun spraoi. Roinn na múinteoirí naíonra cúpla leid maidir le conas cabhrú leis seo a mhaolú de réir riachtanais – feilt ar chosa na gcathaoireacha, puball mar áit chiúin, boscaí céadfaí agus suimeanna a bheith ar fáil; báisíní uisce, amadóirí gainimh, taos, teidí nó eile de réir suimeanna na bpáistí. Ar an iomlán, bhí meon an-dearfach ann maidir le freastal ar RSO sa naíonra. Bhí na múinteoirí ar aon tuairim go mbíonn na páistí an-dearfach ina leith, gur beag suntas a thugann siad d’aon dúshlán a bhíonn ag paistí eile. Go minic is a mhalairt ar fad a bhíonn i gceist – bíonn an páiste le riachtanais bhreise mar chara ar leith ag na páistí. Tá sé álainn bheith in ann an taithí seo a roinnt le tuismitheoirí a bhfuil imní orthu maidir lena bpáiste a chur ag an naíonra. Cuireadh chun pinnMá tá suim ag éinne alt gearr a scríobh don nuachtlitir seo, bheadh fíorfháilte romhaibh dul i mbun pinn. Ba bhreá linn scéalta dearfacha faoi RSO ó naíonraí agus scoileanna a áireamh ann, eolas maidir le hacmhainní nua, eolas maidir le cleachtais nó modhanna oibre a chabhraíonn le páistí nó daoine óga a bhfuil RSO acu nó eolas maidir le taighde nua ábhartha. Má tá suim agat alt a chur ar fáil dúinn, cuir nóta chuig Ciara ciara@gaeloideachas.ie Nuachtlitreacha Gaeloideachas | NewlettersLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime. Físeáin Gaeloideachasar RSOFíseáin dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais Videos based on Special Educational Needs |