No images? Click here

24 Márta 2021

Bainigí sásamh as bhur saoire agus guimíd Cáisc shona ghrianmhar oraibh ar fad!

 

San eagrán seo

  • Seimineáir Gaeloideachas
  • Comhairliúchán CNCM – Dréachtsonraíochtaí Ardteiste
  • Meastóireacht - Tionscadal Píolótach r-Mhoil, POG
  • Scoil Saitilíte - Múnla Nua
 
 

Seimineáir Gaeloideachas

Eagraíodh an seimineár ar líne "Daltaí Ardchumais & Ardtallainne - Modhanna & Straitéisí chun tacú leo sa chóras lán-Ghaeilge & Gaeltachta" ar an 15 Márta. Tá taifead den ócáid seo le fáil anois ar Youtube (nasc thíos) agus tá sleamhnáin ón seimineár thíos freisin.

 
Daltaí Ardchumais & Ardtallainne
Sleamhnáin

Comhairliúchán - Dréachtsonraíochtaí T1 & T2 na hArdteiste

A Mhúinteoirí Gaeilge, ná déanaigí dearmad go bhfuil an comhairliúchán faoi dreáchtsonraíocht  T1 agus dréachtsonraíocht T2  don Ardteist Gaeilge oscailte. 

Tuigeann Gaeloideachas an t-imní agus an mhíshástacht atá ar mhúinteoirí agus tá sé fíorthábhachtach go gcuirfidh sibh bhur dtuairimí in iúl don CNCM. Tá Gaeloideachas, i gcomhar le 12 eagraíocht eile i ndiaidh comhiarratas a dhéanamh ar an CNCM

(1) go gcuirfí síneadh ama ar an gcomhairliúchán

(2) go gcuirfí siar é go mbeidh athbhreithniú déanta ar an tSraith Shóisearach.

I bhfianaise an easpa athbhreithnithe ar an tSraith Shóisearach agus cúrsaí paindéime mar atá, aontaítear go forleathan san earnáil nach am ceart é tabhairt faoi chomhairliúchán ar cheist chomh tábhachtach. Leanfaimid orainn leis na hachainí seo ar an CNCM agus lenár n-iarrachtaí freagraí a fháil ar na mórcheisteanna córasacha, ina measc an mbeidh Sonraíocht T1 roghnach nó éigeantach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus cén cúiteamh a bheidh ar an obair bhreise a bhaineann leis do na daltaí. A luaithe is a bheidh scéal againn faoi shíneadh ama agus freagra ar na ceisteanna seo, beimid i dteagmháil.

Maidir leis an gcomhairliúchán féin, in ainneoin go bhfuil síneadh ama á lorg againn, is fearr i bhfad sibh féin a chur in iúl ag gach deis faoin gceist seo. Tá cheithre mhodh ag an CNCM chun aiseolas a thabhairt faoi na sonraíochtaí.

1. Suirbhé ar Líne: Is féidir leat an suirbhé ar líne a chomhlánú anseo Dúnfar an suirbhé ag 5in ar  an Aoine, 28 Bealtaine 2021. (Tríd an suirbhé, tá deis tríd ceist áirithe a fhreagairt do shonraí teagmhála a fhágail (más mian leat) chun go ndéanfaidh an CNCM teagmháil leat.)

2. Cruinnithe fócasghrúpaí : Reáchtálfar cruinnithe fócasghrúpa chun aiseolas a fháil ó  mhúinteoirí agus ó pháirtithe leasmhara. Coinnígí súil amach d’fhógraí futhú.

Beidh cruinniú ar siúl do mhúinteoirí Gaeltachta ar an 30 Aibreán, i gcomhar le COGG. Coinnigh súil amach do thuilleadh eolais faoi seo!

3.  Cruinnithe Déthaobhacha: Le linn an chomhairliúcháin, reáchtálfar sraith de chruinnithe déthaobhacha idir CNCM agus páirtithe leasmhara an oideachais agus na Gaeilge chun dréachtsonraíochtaí Ghaeilge na hArdteistiméireachta T1 agus T2 a phlé agus aiseolas a thabhairt.

4. Aighneachtaí Scríofa: Is féidir d’aighneacht a sheoladh chuig an CNCM trí r-phost ag comhairliuchanT1@ncca.ie. Glacfar le haighneachtaí go dtí 5.00in ar an Máirt, 31 Lúnasa 2021.

6. Ríomhphoist - Is féidir chomh maith eolas a chur chuig  an CNCM tríd comhairliuchant1@ncca.ie agus comhairliuchant2@ncca.ie

Chuir Gaeloideachas amach preasráiteas nuair a foilsíodh na dréachsonraíochtaí ag cur in iúl seasamh na heagraíochta i leith Dréachtsonraíocht T1 chomh maith le ceisteanna atá ardaithe ag an eagraíocht. Is féidir an preasráiteas a léamh thíos: 

Preasráiteas - Dréachtsonraíocht T1
 

An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22

Meastóireacht neamhspleách ar Thionscadal Píolótach an r-Mhoil foilsithe - an chéad thuarascáil mheastóireachta ón POG.

Ar an 17 Márta foilsíodh tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm an Tionscadail Phíolótaigh ríomh-Mhoil don Ghaeltacht, a chuir An Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COO), Tuaisceart Éireann i gcrích le déanaí.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley agus í á fhoilsíu “Tá ríméad orm gur chinn an mheastóireacht neamhspleách COO gur tionscadal an-éifeachtach é an Tionscadal Píolótach ríomh-Mhoil"

Cuireadh tús leis an tionscadal ríomh-Mhoil trí bliana in 2019 chun leas a bhaint as seachadadh foghlama cumaisc ar líne chun an réimse ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a leathnú chuig scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, ag tosú le Fisic na hArdteistiméireachta, Ardleibhéal.

Chinn an mheastóireacht gur tionscadal éifeachtach é chun a chur ar chumas scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar Fhisic Ardteistiméireachta trí mheán na Gaeilge ag baint úsáide as foghlaim ar líne. Thuairiscigh an COO go bhfuil ag éirí go maith leis an tionscadal, go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm, go bhfuil acmhainní maithe aige, agus go bhfuil sé á bhainistiú go héifeachtach ag an Roinn Oideachais agus a cuid gníomhaireachtaí, H2 Learning, na ríomh-Mhúinteoirí san dá scoil a sholáthraíonn na ríomh-mhoil, agus ag na ríomh-Mheantóirí sna hocht scoil ghlacadóra.

Is féidir an tuarascáil ina hiomláine a léamh thíos:

Meastóireacht neamhspleách ar Thionscadal Píolótach an r-Mhoil
 

Scoil Saitilíte – Múnla nua cruthaithe chun oideachas iar-bhunleibhéil lán-Ghaeilge a sholáthar do phobal Cho Lú  

I bpreasráiteas a chuir Gaeloideachas  amach  an tseachtain seo caite, cuireadh fáilte chroíúil roimh chinneadh an Aire Oideachais faomhadh a thabhairt do bhunú múnla nua scoile i nDún Dealgan, Co Lú.  Beidh an scoil satailíte i nDún Dealgan faoi bhainistíocht Choláiste Ghlór na Mara, Gaelcholáiste atá lonnaithe i dtuaisceart Cho Átha Cliath.

Tá difríocht idir an múnla nua, scoil satailíte, agus an múnla ‘aonad’ atá ann cheana féin 

Sa phreasráiteas deirtear gur toradh í an scoil saitilíte “ar shár-iarrachtaí ó thuismitheoirí i nDún Dealgan troid a dhéanamh ar son chearta a bpáistí oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge”.

Ag an am céanna chomhairligh Ardfheidhmeannach  Gaeloideachas , Bláthnaid ní Ghréacháin  “go gcaithfear a bheith aireach nach mbeidh an múnla seo á úsáid mar réiteach náisiúnta ar na dúshláin atá cruthaithe ag an infreastruchtúr lochtach atá ann d’oideachas iar-bhunleibhéil meán-Ghaeilge.

Ná cailleadh muid radharc ar an riachtanas do pholasaí láidir  a chinnteoidh tumoideachas trí mheán na Gaeilge d’ardchaighdeán do gach dalta”

Tá an preasráiteas ina iomláine ar fáil thíos:

 

Scoil Saitilíte - Preasráiteas
 
 

Faigh acmhainní agus scéalta eile don iar-bhunleibhéal thíos:

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas

an Iar-bhunleibhéil

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Físeáin Bunaithe ar an Iar-bhunleibhéal

 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Scoil Saitilíte - Preasráiteas
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe