No images? Click here Dréachtsonraíochtaí Nua do Ghaeilge na hArdteiste Foilsithe Ag deireadh Feabhra, d'fhoilsigh an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dréachtsonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteiste do scoileanna T1 & T2. Tá comhairliúchán oscailte faoi na dréachtsonraíochtaí a leanfas go deireadh Lúnasa 2021. Is féidir seasamh Gaeloideachas i leith na Dréachtsonraíochta T1 agus ceisteanna atá ardaithe ag an eagraíocht a léamh sa bpreasráiteas (thíos) a d'eisigh an eagraíocht nuair a foilsíodh na dréachtsonraíochtaí. Cíoradh mion déanta ar an Dréachtsonraíocht nua don Ghaeilge T1 agus ábhair imní léirithe ag na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta D’eagraigh Gaeloideachas i bpáirt leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) seisiún eolais agus comhairliúcháin thar a bheith tábhachtach agus fiúntach ar an Dréachtsonraíocht nua (nasc thíos) don Ghaeilge atá díreach eisithe do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (Scoileanna T1) Déardaoin seo caite. Bhí ionadaíocht an-leathan ann ó 26 iar-bhunscoil Ghaeltachta & lán-Ghaeilge – scoileanna ó 11 contae agus chuile chúige san áireamh! Eagraíodh an seisiún seo mar cheann den tsraith fócasghrúpaí atá á heagrú ag an CNCM mar chuid den chomhairliúchán agus tugadh deis do scoileanna a gcuid ceisteanna a chur isteach roimh ré. I measc na gceisteanna a hardaíodh ar na foirmeacha clárúcháin agus sna grúpaí beaga plé ar an oíche, bhí.
Ba é aidhm an tseisiúin breis eolais a roinnt i leith na Dréachtsonraíochta, roinnt freagraí a thabhairt ar cheisteanna na rannpháirtithe agus tuairimí múinteoirí agus príomhoidí a bhailiú agus a thaifeadadh go hanaithnid i ngrúpaí fócais. An chéad chéim eile.......... Ba í Fíona Uí Uigínn Cathaoirleach an tseisiúin agus ag an deireadh, ghlac sí buíochas leis an CNCM as an seisiún comhairliúcháin a eagrú i bpáirt le Gaeloideachas. Thug sí cuireadh don CNCM agus don Roinn Oideachais teacht arais chuig seisiún eile nuair a bheadh an t-eolas ar fad scagtha acu le go mbeadh deis freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a hardaíodh an trathnóna sin. D'iarr Uí Uigínn chomh maith ar an CNCM , de bharr na cúinsí a bhfuil scoileanna ag feidhmiú fúthu faoi shrainta na paindéime, síneadh ama a chur leis an gcomhairliúchán, idir dhátaí d'eagrú cruinnithe agus grúpaí fócais agus spriocdhátaí do chomhlanú suirbhé agus do sheoladh aighneachtaí a chur siar. Ghlac Fíona buíochas leis na múinteoirí ar fad a d'fhreastal agus mheabhraigh dóibh eolas a roinnt le múinteoirí Gaeilge eile faoin gcomhairlúchán agus na bealaí ar fad atá ann chun a gcuid tuairmí faoina sonraíochtaí nua a chur in iúl tríd: Aighneacht Scríofa nó Suirbhé ar líne. Tá an t-eolas ar fad faoina dréachsonraíochtaí, faoin gcomhairliúchán agus conas páirt a ghlacadh ann le fáil ar suíomh idirlín an CNCM (nasc thíos) Fógra Beidh an CNCM ag eagrú seisiún comhairliúcháin faoi na dréachtsonraíochtaí nuafhoilsithe le hiar-bhunscoileanna Gaeltachta ar an: Máirt 20 Aibréan 2021 Bí ag faire amach do thuilleadh eolais faoi seo. Tairseach chun clarú do scrúduithe na hArdteiste 2021 ar oscailt inniu ! Beidh rochtain ar Thairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil ag uair an mheánlae inniu an 10 Márta 2021 agus dúnfar í ar an 16 Márta ag 6pm. Ní mór duit clárú ar an Tairseach i gcomhair na scrúduithe agus/nó na gráid chrediúnaithe. Beidh ort logáil isteach ar an Tairseach arís níos déanaí chun sonraí maidir le leibhéil do chuid ábhar a dheimhniú i dtaca leis na scrúduithe agus/nó na gráid chreidiúnaithe. Tá eolas& treoir ar fáil ag an nasc thíos: Seirbhís Chomhairleach na Cigireachta don Churaclam Tá an Chigireacht ag soláthar seirbhís chomhairleach, ghutháin agus ríomhphoist atá tiomnaithe do scoileanna atá ag feidhmiú i dtimpeallacht chianda. Tá tacaíocht ar fáil 5 lá sa tseachtain, 09:00 – 17:30 do phríomhoidí agus do mhúinteoirí i leith na rudaí seo thíos:
Déan teagmháil leis an seirbhís seo ar 057-9324461 nó inspectorateadvisory@education.gov.ie COGG - Scéim Mhaoinithe & Sparánachtaí Taighde 1. Scéim mhaoinithe áiseanna teagaisc agus foghlama 2021 Fáilteofar roimh iarratais do mhaoiniú d’fhorbairt áiseanna teagaisc agus foghlama don oideachas trí Ghaeilge nó do theagasc na Gaeilge Glacfar le hiarratais ag maoiniu@cogg.ie (i ndoiciméid WORD) Dáta deiridh d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain an 22 Márta 2021. Tuilleadh eolas thíos. 2. Sparánachtaí Taighde 2021 Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó ó institiúidí le tabhairt faoi thaighde (mar thionscadal taighde fadtréimhseach nó gearrthréimhseach). Seol iarratais chuig sparanacht@cogg.ie (i ndoiciméid WORD) Dáta deiridh d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain an 15 Márta 2021. Tuilleadh eolas thíos:
Acmhainní Ranga OSPS/OCG ón CNCM D’fhorbair CNCM tairseach nua ar líne a dearadh le bheith mar láraonad le haghaidh ábhair thacaíochta OSPS/OCG. Óstáiltear an tairseach ar curriculumonline.ie, agus í lán le hacmhainní teagaisc agus foghlama don réimse OSPS/OCG don bhunscoile, don tsraith shóisearach agus don tsraith shinsearach. Na hacmhainní a cuireadh ar fáil; ba iad na gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí stáit a d’fhorbair iad le saineolas i limistéar an OSPS/OCG agus tá siad ar fáil saor in aisce dá n-úsáid i seomraí ranga na hÉireann. Tá na hacmhainní sin mar chuid amháin de na Foirne Uirlisí OSPS/OCG atá i mbéal forbartha do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna faoi láthair araon. Cuirfear ábhair thacaíochta breise sa réimse seo leis an tairseach sna atá míonna amach romhainn. Faigh acmhainní agus scéalta eile don iar-bhunleibhéal thíos:Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachasan Iar-bhunleibhéilFíseáin bunaithe ar an tumoideachas san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. |