Nuachtlitir an Bhunleibhéil 19 Eanáir 2020 Gaeloideachas

No images? Click here

20 Eanáir 2021

San eagrán seo:

  • Focal Misnigh
  • Seimineár ar líne - dírithe ar mhúinteoirí ranganna naíonán
  • Sraith Nua Seimineár
  • Acmhainní Mata
  • Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021
  • Cúla 4 ar Scoil
  • Acmhainní Peig.ie
 

2021  - Ní raibh éinne ag súil go dtósódh sí mar seo!

Tá muid ag seoladh beannachtaí na bliana nua chugaibh ar fad agus fios againn go bhfuil múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí agus ar ndóigh daltaí faoi bhrú an Eanáir seo. Tá babhta dianghlasála eile curtha i bhfeidhm, na scoileanna dúnta agus cianfhoghlaim agus an teicneolaíocht arís chun tosaigh. 

Is tréimhse dhúshlánach í agus de bharr seo, beidh Gaeloideachas ag bailiú eolais agus acmhainní le cur ar líne chun cabhrú le múinteoirí, daltaí scoile, tuismitheoirí agus caomhnóirí ag obair ón mbaile.

Seo thíos cúpla focal misnigh ó Uachtarán Gaeloideachas Seán Ó hArgáin chuig múinteoirí na mbunscoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge :

Uachtarán Gaeloideachas - Seán Ó hArgáin
 

An Chéad Seimineár Ar Líne 2021 ó Gaeloideachas do Mhúinteoirí Bunscoile    

An Luath-thumoideachas i Ré na Cianfhoghlama: Moltaí Praiticiúla ó Cheithre Scoil Éagsúla.

Dáta:  Luan 25 Eanáir                Am: 4i.n.

Tá Gaeloideachas thar a bheith sásta go bhfuil ceathrar múinteoirí naíonán sásta a gcuid ama a roinnt go flaithiúil agus iarnóin a chaitheamh linn i mbun plé. Siad na múinteoirí:

Áine Ní Chróinín (Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn), Póla Ní Chinnsealaigh (Gaelscoil Ruairí, Maigh Nuad), Siobhán Ní Mhaoileoin (Scoil Sailearna, Cois Fharraige) agus Tríona Ní Uallacháin (Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh).

Cathaoirleach: Bláthnaid ní Ghréacháin, Gaeloideachas.

Le linn an tseimineáir, déanfaidh na múinteoirí machnamh ar a dtaithí go dtí seo ar an gcianteagasc le naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra. Roinnfidh siad moltaí ar na dea-chleachtais is éifeachtaí a fheictear dóibh a oireann do theaghlaigh lán-Ghaeilge agus do theaghlaigh nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu.

I measc na n-ábhar atá le plé tá:

  • Gníomhaíochtaí sealbhaithe teanga spraíúla thar an idirlíon
  • Áiseanna múinteoireachta atá ar fáil i ngnáth-theach
  • Luathléitheoireacht faoi dhianghlasáil
  • Ag obair le teaghlaigh chun luaththumoideachas a chur ar fáil sa bhaile
  • Áiseanna ar líne chun tacú leis an luaththumoideachas

Beidh an cheardlann seo ábhartha do chuile phríomhoide agus múinteoir atá ag obair i mbunscoileanna lán-Ghaeilge nó Gaeltachta, go mór mhór iadsan a mhúineann naíonáin bheaga agus mhóra.

Is féidir clárú don seimineár thíos:

An Luath-thumoideachas i Ré na Cianfhoghlama: Moltaí Praiticiúla ó Cheithre Scoil Éagsúla.

agus

Fógra - Sraith Seimineár Gaeloideachas

Tá áthas ar Gaeloideachas a fhógairt go mbeidh an tsraith sheimineár a cuireadh tús leí i 2020 ag leanúint ar aghaidh sna seachtainí romhainn agus dírithe ar:

  • An Bhunleibhéal
  • An Iar-bhunleibhéal
  • RSO

Bígí ag faire amach ar www.gaeloideachas.ie, ar ár Meáin Shóisialta agus  ar ár Nuachtlitreacha don eolas ar fad!

 

Acmhainní Mata ar   www.gaeloideachas.ie

Téigh isteach ar shuíomh Gaeloideachas chun réimse acmhainní a aimsiú a chuideoidh libh i rith na dianghlasála seo. Sa nasc thíos  faoi Acmhainní Eile clúdaítear

  • Mata an Bhunleibhéil – Gluais Nua 
  • Seimineáir Mata Gaeloideachas 
  • Acmhainní Mata ó Cúla 4
  • Acmhainní Mata ón tÁisaonad Scéalta, Cluichí, Amhráin & Rainn
  • Acmhainní ón Chomhairle Náisiúnta Um Oideachas Speisialta (NCSE)
Acmhainní Mata - Gaeloideachas.ie

Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021

Beidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas 2021 ar bun ar an Déardaoin 11 Feabhra ón 17.00-18.00. De bharr srianta Covid 19 is ar líne a eagrófar an cruinniú.  

Na príomhnithe a bheidh ar an gclár don CGB ná:

  • Tuairiscí ar Obair  agus Airgeadas na hEagraíochta​ ​
  • Ceapadh Bord Stiúrtha Nua ​
  • Rúin​ an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil​
  • Conclúid agus Aon Ghnó Eile

Má ta suim agat freastal ar an gcruinniú, beidh ort clárú roimh 12in ar an 9 Feabhra. Is féidir clárú ag an nasc thíos. Is fiú go mór freastal ar an gcruinniú le heolas a chur ar an réimse oibre atá ar bun ag Gaeloideachas le bliain. B'fhéidir go spreagfaí thú le páirt a ghlacadh inár gcuid oibre leis na scoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge agus/nó bheith i do bhall den Bhord Stiúrtha.

Tá fáilte roimh gach duine freastal ar an gcruinniú ach ní bheidh cead vótála ach ag ionadaithe ó scoileanna a bhfuil balllraíocht acu leis an eagraíocht.

Cruinniú Ginearálta Bliantúil
 
 

Cúla4 ar Scoil Ar Ais!

Cuireadh tús inné le sraith nua de Cúla4 ar Scoil ar TG4. Tá  sraith nua den chlár á craoladh de bharr cinneadh an Rialtais go bhfanfaidh gach bunscoil dúnta faoi shrianta Covid-19 go bhfógrófar a mhalairt.

Craolfar an tsraith ón Luan go Déardaoin ag 10am agus beidh athchraoladh den chlár gach lá ag 4pm.

Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an gcruthaitheacht, an eolaíocht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine. Beidh deis ag leanaí páirt a ghlacadh sa chlár ón mbaile agus iarrfar orthu pictiúir nó físeáin dá gcuid oibre a sheoladh isteach chuig an gclár. Beidh ceachtanna agus míreanna ón gclár ar fáil ar YouTube Cúla4 agus na cláracha ar fáil ar shuíomh Cula4.com.

 

 

Seo réimse acmhainn arlíne do bhunscoileanna curtha ar fáil ag peig.ie

Peig.ie
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe