No images? Click here ![]() 23 Feabhra 2021San eagrán seo:
![]() 3 Bhunscoil Nua Lán-Ghaeilge le hOscailt i mBliana Cuireann Gaeloideachas an-fháilte roimh fhógra an Aire Oideachais, Norma Foley, gurb é an Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bheidh le hoscailt i mbliana le freastal ar cheantair Baile Átha Cliath 2-4 agus ar Bhaile Átha Cliath 13. Gaelscoil Eoin agus Gaelscoil Ghráinne Mhaol a thabharfar ar na scoileanna nua seo, agus beidh siad, in éineacht le Gaelscoil Lir i dTeach Sagard, Baile Átha Cliath, ag cur fáilte roimh a gcéad ranganna naíonán i Meán Fómhair na bliana seo. I bpreasráiteas a chuir Gaeloideachas amach dúirt an tArdfheidhmeannach Bláthnaid ní Ghréacháin “ Bliain ar leith a bhí inti le bheith i mbun feachtais le scoileanna nua a bhunú. Próiseas iomaíoch atá ann le pátrúin na scoileanna atá beartaithe a roghnú, agus bíonn na pátrúin ionchasacha ag brath ar vótaí ó thuismitheoirí. “Le cúinsí Covid, bhí sé níos deacra ná riamh tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí le tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir le buntáistí agus feiliúnacht an oideachais lán-Ghaeilge dá bpáistí, cur chuige an tumoideachais agus tairbhe an oideachas ilchreidmhigh. Ritheadh feachtais an-rathúla ar líne, agus táimid buíoch as an gcúnamh ar fad ó thuismitheoirí agus ó phobal na Gaeilge”........ Tá gach eolas maidir leis an trí bhunscoil nua ar fáil ar www.gaelscoil4all.ie, agus beimid ag súil go mór le tacú lena bpobail amach anseo agus iad ag dul ó neart go neart. " Tá an preasráiteas ina iomláine ar fáil thíos: Seimineáir Gaeloideachas Súil Siar:Seo thíos seimineár a heagraíodh ar an 16 Feabhra dírithe ar na naíonraí ach tá sé ábhartha freisin do mhúinteoirí naíonán bunscoile. Sealbhú agus Forbairt Teanga sa Naíonra: Béim ar RSO, 16 Feabhra 2021 Sleamhnáin an tseimineáir Súil Chun Cinn:Brúigh ar an nasc thíos le haghaidh tuilleadh eolais agus clárúcháin do na seimineáir seo:Líofacht na Léitheoireachta sa Bhunscoil, 24 Feabhra 2021 Luach an Luath-thumoideachais Iomláin, Dáta le deimhniú. Daltaí Ardchumais agus Ardtallainne, 15 Márta 2021 ![]() Suirbhé don Taighde RSO Mar atá fhios agaibh, tá taighde coimisiúnaithe ag Gaeloideachas sa réimse RSO dár teideal - Anailís ar na hacmhainní teagaisc, foghlama agus measúnuithe reatha trí mheán na Ghaeilge atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Is iad na taighdeoirí, an Dr Sinéad Nic Aindriú agus an t-Ollamh Pádraig Ó Duibhir (Sealbhú, DCU) atá ina bhun. Tá Gaeloideachas go mór faoi chomaoin ag na príomhoidí agus múinteoirí a roinn a gcuid eolais go dtí seo leis na taighdeoirí. Anois mar chéim eile den taighde tá suirbhé thíos ar mhaith leis na taighdeoirí a bheith líonta ag gach bunscoil agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelachta. Is féidir leis an bpríomhoide nó le h-aon mhúinteoir sa scoil an suirbhé a líonadh, níl sé ag díriú ar mhúinteoirí oideachais speisialta amháin. Arís a chairde, ba mhór againn bhur dtacaíocht leis an suirbhé agus mar a dúirt muid cheana is í an sprioc atá leis ná caighdeán na seirbhísí RSO san earnáil Gaeltachta/lán-Ghaeilge a thabhairt chun barr feabhais. Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas - 2021 D'éirigh thar cionn le CGB 2021 Gaeloideachas a reachtáladh ar líne don chéad uair riamh ar an Déardaoin 11 Feabhra. D'fhreastal 96 duine ar an gcruinniú, ionadaithe ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas agus ionadaithe ó eagraíochtaí agus institiúidí oideachais. Bliain ar leith a bhí inti, inar fhorbair foireann agus bord na heagraíochta bealaí nua, cruthaitheacha le freastal ar riachtanais ár mball agus na bpobal a sholáthraíonn muid seirbhísí dóibh. Tá seo léirithe go slachtmhar i dTuarascáil Bhliantúil 2020 (nasc thíos) a cuireadh os comhair an chruinnithe. Beidh an chéad eagrán eile den Nuachlitir seo dírithe go hiomlán ar an gCruinniú Ginearalta Bliantúil agus nithe ag éirí as ach idir an dá linn seo roinnt pointí suntasacha as an Tuarascáil Bhliantúil 2020: Pointí Suntasacha ó Tuarascáil Bhliantúil 2020
Acmhainní don Rang Ó COGG Seisiún Comhairle ar Líne: Ag Tacú leis an gCianfhoghlaim sa Ghaelscoil Beidh Frank Ó Tormaigh (Oifigeach Oideachais Digiteach) ar fáil gach Máirt óna 3 - 5 chun bualadh le múinteoirí ar bhonn aonair ar feadh 20 nóiméad chun ceisteanna faoi acmhainní ar líne / faoin gcianfhoghlaim a phlé. Má tá suim agat am a chur in áirithint d'aon Mháirt, líon isteach an fhoirm seo agus beidh Frank i dteagmháil leat le nasc agus am.
Sraith Seimineár ó Comhairle na Gaelscolaíochta: Tá Sraith Seimineár ar líne fógraithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta a bheidh ar bun idir 23 Feabhra go 24 Márta ag ple le réimse téamaí a oireann don bhun agus iar-bhunléibhéal. Cliceáil ar an nasc!
Áiseanna Nua Bunscoile ó An Gúm: SÉIDEÁN SÍ
FÉACH THART Tíreolaíocht - Rang 6 Foilseofar an leabhar oibre don ábhar seo ag tús mhí an Mhárta. Cuirfear cóip amach chuig scoileanna in am trátha. Tá fáil ar na chéad 7 gcaibidil ar www.angum.ie Tá leagan PDF de leabhair saothair Féach Thart!, ó na naíonáin go rang 6, ar fáil ar DROPBOX MATA GO DEO!
Na hIonaid Oideachais Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Dara : Seisiúin Tacaíochta do Mhuinteoirí i Scoileanna Gaeltachta agus Lán Ghaeilge Faigh acmhainní agus scéalta eile don bhunleibhéal thíos:Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas an BhunleibhéilFíseáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. |