Nuachtlitir an Iar-bhunleibhéil 19 Eanáir 20201 - Gaeloideachas

No images? Click here

 

19 Eanáir 2021

San eagrán seo:

  • Focal Misnigh
  • Seimineáir Gaeloideachas 2021
  • Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021
  • Ábhar ar Líne - Mata don Iar-bhunleibhéal

2021  - Ní raibh éinne ag súil go dtósódh sí mar seo!

Tá muid ag seoladh beannachtaí na bliana nua chugaibh ar fad agus fios againn go bhfuil múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí agus ar ndóigh daltaí faoi bhrú an Eanáir seo. Tá babhta dianghlasála eile curtha i bhfeidhm, na scoileanna dúnta agus cianfhoghlaim agus an teicneolaíocht arís chun tosaigh. 

Is tréimhse dhúshlánach í agus de bharr seo, beidh Gaeloideachas ag bailiú eolais agus acmhainní le cur ar líne chun cabhrú le múinteoirí, daltaí scoile, tuismitheoirí agus caomhnóirí ag obair ón mbaile.

Seo thíos cúpla focal misnigh ó Uachtarán Gaeloideachas Seán Ó hArgáin chuig múinteoirí na nIar-bhunscoileanna Gaeltachta & Lánghaeilge :

Uachtarán Gaeloideachas - Seán Ó hArgáin
 

Seimineáir Gaeloideachas ag leanúint ar aghaidh i 2021

Le linn 2020 chuir Gaeloideachas sraith seimineár ar líne ar bun do na Bunscoileanna & na hIar-bhunscoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge. D'éirigh thar cionn leo, d'fhreastal go leor múinteoirí orthu agus fuair muid aiseolas an-dearfach arais ón lucht freastail.

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeifear ag leanúint leis an tsraith seimineár sin i 2021 agus iad dírithe ar:

  • An Bhunleibhéal
  • An Iar-bhunleibhéal
  • RSO

Bígí ag faire amach ar ár Meáin Shóisialta agus inár Nuachtlitreacha do gach eolas fúthu

Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021

Beidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas 2021 ar bun ar an Déardaoin 11 Feabhra ón 17.00-18.00. De bharr srianta Covid 19 is ar líne a eagrófar an cruinniú.  

Na príomhnithe a bheidh ar an gclár don CGB ná:

  • Tuairiscí ar Obair  agus Airgeadas na hEagraíochta​ ​
  • Ceapadh Bord Stiúrtha Nua ​
  • Rúin​ an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil​
  • Conclúid agus Aon Ghnó Eile

Má ta suim agat freastal ar an gcruinniú, beidh ort clárú roimh 12in ar an 9 Feabhra. Is féidir clárú ag an nasc thíos.

Tá fáilte roimh gach duine freastal ar an gcruinniú ach ní bheidh cead vótála ach ag ionadaithe ó scoileanna a bhfuil balllraíocht acu leis an eagraíocht.

Cruinniú Ginearálta Bliantúil

Ceardlann - An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge

Beidh ceardlann ar líne ar siúl ag An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge ar an ábhar :

'Cianteagasc - Leideanna Úsáideacha do Mhúinteoirí'

ar an  

gCéadaoin 20ú Eanáir @ 7.30. (anocht)

 

Ábhar ar Líne - Mata

Sa nasc thíos ar www.gaeloideachas.ie faoi Acmhainní Eile tá liosta cuimsitheach ábhar agus áiseanna  Mata don Iar-bhunleibhéal. Chuir Gaeloideachas an liosta seo le chéile i 2020 do na  hiar-bhunscoileanna Gaeltachta & LánGhaeilgemar chuid do Sheachtain na Mata in Éirinn.

Mata don Iar-bhunleibhéal
 

Ceardlanna eagraithe ag an SFGM (PDST)

Beidh an dá cheardlann liostaithe thíos á reachtáil ag an tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí

1:  Teagaisc na Gaeilge ar Scoil agus sa bhaile : 10 Feabhra @7:30 

2:  Scileanna Léitheoireachta agus Litearthachta na Gaeilge: 24 Márta@7:30

 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe