No images? Click here

Eagarfhocal

Ag deireadh Feabhra, d'fhoilsigh an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dréachtsonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteiste do scoileanna T1 & T2. Tá comhairliúchán oscailte faoi na dréachtsonraíochtaí a leanfas go deireadh Lúnasa 2021. Tá eolas thíos faoi sheisiún comhairliúcháin a d'eagraigh Gaeloideachas i bpáirt leis an CNCM ar an 4 Márta.

B'fhéidir go bhfuil sibh ag fiafraí díbh féin , cén bhaint atá ag sonraíochtaí Ghaeilge na hArdteiste le hábhar i nuachtlitir d'fhoirne bunscoile ach mar atá fhios ag cách, tá ceangal láidir idir caighdéan na Gaeilge a bhíonn á mhúineadh ag leibhéal Ardteiste agus an caighdéan Gaeilge a bhíonn ag micléinn nuair a thosaíonnn siad ag freastal ar chúrsaí 3ú leibhéil in oiliúint múinteoirí.

 

10 Márta 2021

 San eagrán seo:

  • Comhairliúchán - Sonraíocht T1, Gaeilge na hArdteiste
  • Seimineáir Gaeloideachas
  • Seirbhís Chomhairleach na Cigireachta don Churaclam
  • Imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge
  • CNCM - Ag lorg Leas-phríomfheidhmeannach nua

 

 

Cíoradh mion déanta ar an Dréachtsonraíocht nua don Ghaeilge T1 agus ábhair imní  léirithe ag na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

D’eagraigh Gaeloideachas i bpáirt leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) seisiún eolais agus comhairliúcháin thar a bheith tábhachtach agus fiúntach ar an Dréachtsonraíocht nua (nasc thíos) don Ghaeilge atá díreach eisithe do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (Scoileanna T1) Déardaoin seo caite. Bhí ionadaíocht an-leathan ann ó 26 iar-bhunscoil Ghaeltachta & lán-Ghaeilge – scoileanna ó 11 contae agus chuile chúige san áireamh!  

Eagraíodh an seisiún seo mar cheann den tsraith fócasghrúpaí atá á heagrú ag an CNCM mar chuid den chomhairliúchán agus tugadh deis do scoileanna a gcuid ceisteanna a chur isteach roimh ré.

I measc na gceisteanna a hardaíodh ar na foirmeacha clárúcháin agus sna grúpaí beaga plé ar an oíche, bhí.

  • Struchtúr an scrúdaithe bhéil agus ísliú ar na marcanna ag dul dó 
  • Imní maidir le daltaí nach mbeadh sé ar a gcumas tabhairt faoi pháipéar níos dúshlánaí 
  • An mbeidh rogha ag scoileanna an páipéar T1 agus T2 a chur ar fáil nó an mbeadh T1 éigeantach?
  • Liosta na dtéacsanna/litríochta agus cén caighdeán a bheadh iontu 
  • Cá bhfuil páipéir shamplacha mar threoir? 
  • Béim níos mó ar litríocht na Gaeilge i gcomparáid le labhairt na Gaeilge 
  • Ceist na marcanna bónais ar pháipéar níos dúshlánaí a dhéanamh 
  • Athbhreithniú  a dhéanamh ar Ghaeilge ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí ar dtús
  • Feidhmiú agus sprioc na punainne 
  • Líon uaireanta an chloig ar fáil don Ghaeilge 
  • Ailíniú leis an gcreat Eorpach d’fhoghlaim teangacha (CEFR) 
  • Sonraíocht Bhéarla éagsúil do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta 

Ba é aidhm an tseisiúin breis eolais a roinnt i leith na Dréachtsonraíochta, roinnt freagraí a thabhairt ar cheisteanna na rannpháirtithe agus tuairimí múinteoirí agus príomhoidí a bhailiú agus a thaifeadadh go hanaithnid i ngrúpaí fócais. 

An chéad chéim eile..........

Ba í Fíona Uí Uigínn Cathaoirleach an tseisiúin agus ag an deireadh, ghlac sí buíochas leis an CNCM as an seisiún comhairliúcháin a eagrú i bpáirt le Gaeloideachas. Thug sí cuireadh don CNCM agus don Roinn Oideachais teacht arais chuig seisiún eile nuair a bheadh an t-eolas ar fad scagtha acu le go mbeadh deis freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a hardaíodh an trathnóna sin.

D'iarr Uí Uigínn chomh maith ar an CNCM , de bharr na cúinsí a bhfuil scoileanna ag feidhmiú fúthu faoi shrainta na paindéime, síneadh ama a chur leis an gcomhairliúchán, idir dhátaí d'eagrú cruinnithe agus grúpaí fócais agus spriocdhátaí do chomhlanú suirbhé agus do sheoladh aighneachtaí a chur siar.

Ghlac Fíona buíochas leis na múinteoirí ar fad a d'fhreastal agus mheabhraigh dóibh eolas a roinnt le múinteoirí Gaeilge eile faoin gcomhairlúchán agus na bealaí ar fad atá ann chun a gcuid tuairmí faoina sonraíochtaí nua a chur in iúl tríd: Aighneacht Scríofa  nó  Suirbhé  ar líne.

Tá an t-eolas ar fad faoina dréachsonraíochtaí, faoin gcomhairliúchán agus conas páirt a ghlacadh ann  le fáil ar suíomh idirlín an CNCM (nasc thíos)

Dréachtshonraíochtaí T1 & T2 - Eolas faoin gComhairliúchán - Suirbhé - Aighneachtaí

Is féidir seasamh Gaeloideachas i leith na Dréachtsonraíochta agus ceisteanna atá ardaithe ag an eagraíocht a léamh sa bpreasráiteas (thíos) a chuir an eagraíocht amach nuair a foilsíodh na dréachtsonraíochtaí. 

Preasráiteas Gaeloideachas
 

Seimineáir Gaeloideachas

Súil chun Cinn:

Daltaí ardchumais agus ardtallainne, 15 Márta 2021

Tá an ceardlann seo dírithe ar Mhúinteoirí agus ar Phríomhoidí Bunscoile. Díreoidh  sé ar mhodhanna, straitéisí agus acmhainní chun tacú le páistí ardchumais agus ardtallaine barr a gcumas a bhaint amach sa chóras lán-Ghaeilge. Déanfar plé ar céard is daltaí ardchumais nó ardtallainne ann agus conas tacú leo, mar aon le stráitéisí praiticiúla chun dúshláin thairbheacha, thaitneamhacha a chur rompu. Pléifear conas freastal ar dhaltaí ardchumais gan teacht salach ar riachtanais dhaltaí eile sa rang agus ag tógáil éilimh an lae inniu ar mhúinteoirí san áireamh.

Am agus áit: 15 Márta 2021 ag a 16.00, Zoom

Aoichainteoirí: Cormac Ó Tuairisg, Scoil Éinne, an Spidéal,

                             Elaine Ní Longaigh, Gaelscoil na Dúglaise

                             An Dr Naoise Collins, Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn   

                             (RCSI).

Cláraigh do :Daltaí ardchumais agus ardtallainne, 15 Márta 2021
 

Súil Siar :

Muna raibh deis agaibh freastal ar ár seimineár "Líofacht Na Léitheoireachta sa Bhunscoil"  ar an  24 Feabhra 2021 le Jacqueline de Brún, is féidir é a fheiceáil ar Youtube ag an nasc thíos.

Tá na sleamhnáin ón seimineár ar fáil thíos freisin.

Líofacht na Leitheoireachta sa Bhunscoil
Sleamhnáin
 
 

Seirbhís Chomhairleach na Cigireachta don Churaclam

Tá an Chigireacht ag soláthar seirbhís chomhairleach, ghutháin agus ríomhphoist atá tiomnaithe do scoileanna atá ag feidhmiú i dtimpeallacht chianda.

Tá tacaíocht ar fáil 5 lá sa tseachtain, 09:00 – 17:30 do phríomhoidí agus do mhúinteoirí i leith na rudaí seo thíos:

  • Teagasc
  • Foghlaim
  • Measúnú
  • Cur i bhfeidhm an churaclaim

Déan teagmháil leis an seirbhís seo ar 057-9324461 nó inspectorateadvisory@education.gov.ie 

 

 

Imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge 2021

Tá MS DreamSpace i bpáirt le COGG ag reáchtáil dhá sheisiún le haghaidh bunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus dhá sheisiún le haghaidh iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge timpeall na tíre chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2021.

Ní gá duit clárú. Is féidir leat páirt a ghlacadh trí chliceáil ar na naisc thíos ar an dáta agus ar am cuí.

Tá fáilte romhat an nasc chuig an ócáid a roinnt le páistí agus daltaí atá sa bhaile más mian leat.

Tá gach eolas le fáil ó www.cogg.ie  nó ó                                                                 microsoft.com/dreamspace 

 

Udar.ie

Bhfuil fhios agaibh go bhfuil lascainí suas go 50% ar shuíomh Údar.ie i rith Sheachtain na Gaeilge ?  Tá tuilleadh eolais le fáil ag an nasc thíos:

Udar.ie
 

CNCM ag lorg Leas-Phríomhfheidhmeannach Nua

Tá an CNCM (Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i mbun Leas-Phríomhfheidhmeannach nua (Leibhéal na Luath-Óige agus Leibhéal na Bunscoile) a earcú tar éis Arlene Forster  a cheapadh mar Phríomhfheidhmeannach i dtreo dheireadh na bliana seo caite. Tá an comórtas á bhainistiú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus beidh sé beo go dtí an 18 Márta 2021. Tá gach eolas ar fáil thíos:

Folúntas - Leas-Phríomhfheidhmeannach CNCM
 

Faigh acmhainní agus scéalta eile don bhunleibhéal thíos:

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas   an Bhunleibhéil

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Físeáin Bunaithe ar an mBunleibhéal

 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe