No images? Click here

 

24.03.2021

 
 
 

Tae & Plé - an chéad seisiún eile ar siúl ag deireadh mhí Aibreáin!

Seo meabhrú daoibh le rá nach mbeidh an seisiún Tae & Plé ar siúl ag deireadh na míosa seo toisc go mbeidh na naíonraí dúnta don Cháisc. Tá muid ag súil go mór le casadh arís ag deireadh na míosa seo chugainn.

Beidh an chéad seisiún Zoom eile ar siúl ar an gCéadaoin 28.04.2021 idir 19.00-20.00.

Tugann na seisiúin Tae & Plé deis do mhúinteoirí naíonra teacht le chéile ar líne chun na cúrsaí is déanaí a phlé, tacaíochtaí cuí a aithint agus foghlaim óna chéile. Ní ga clárú ach uair amháin agus seolfar an nasc chugat gach mí. Is féidir díchlárú ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chugainn.

Tá muid ag glacadh le hiarratais don chéad téama eile anois. Cad ar mhaith leat a phlé sa chéad seisiún eile? An bhfuil aon cheist agat do stiúrthóirí eile? Seo an deis leis na ceisteanna sin a ardú. Seol bhur moltaí / ceisteanna chuig katie@gaeloideachas.ie. Is féidir go mbeidh spreag cheisteanna againn ó am go chéile leis an bplé a threorú agus a éascú, agus táimid an-oscailte do mholtaí ina leith.

 
 

Aiseolas ón seisiún Tae & Plé, mí Feabhra

Bhí slua breá i láthair don Tae & Plé ar an 24 Feabhra le smaointe agus taithí a roinnt ar a chéile maidir le riachtanais speisialta oideachais (RSO) sa naíonra. Táimid an-bhuíoch as bhur gcomhluadar ann, agus chomh fial is a mbíonn sibh leis na scéalta a roinnt linn. Cabhraíonn sé linn pleanáil níos fearr le freastal ar bhur riachtanais, agus leis an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn. Is féidir an tuairisc ar na mórphointí a tháinig chun cinn a léamh tríd an nasc thíos.

Tuairisc ar an seisiún i mí Feabhra
 
 

Cuntas YouTube a chruthú don Naíonra

Buntáistí a bhaineann le cuntas YouTube a bhunú
• Cabhraíonn na físeáin amhránaíochta agus drámaíochta leis an saibhreas agus sealbhú teanga
• Is féidir na físeáin uilig a stóráil in aon áit amháin
• Bíonn rochtain agat ar na bhfíseán go tapa agus go héasca
• Is féidir smaointí a mhalartú le daoine eile, ó thaobh an cheoil, drámaíocht, scéalaíocht de, srl.
• Is féidir seinnliostaí éagsúla a chruthú agus a rangú
• Is acmhainn bhreise don seomra ranga í
• Is uirlis mhaith í le caidreamh a chothú le tuismitheoirí sa bhaile
• Is poiblíocht iontach don naíonra é, is féidir an cuntas a roinnt le tuismitheoirí nua ag oícheanta eolais srl

Is féidir teacht ar na treoracha chun cuntas a chruthú anseo.

 
 

Sealbhú Teanga Tríd an Drámaíocht sa Naíonra

An raibh deis agat freastal ar an gceardlann le Fil Uí Dhubhghaill ag tús na míosa seo? Roinn sí an t-uafás dea-chleachtais agus modhanna éagsúla chun an drámaíocht a dhéanamh leis na páistí sa seomra ranga. Mura raibh deis agat freastal ar an oíche, is féidir breathnú siar air thuas.

Féach siar ar na ceardlanna eile a bhí ar siúl le déanaí anseo.

 
 

Cruinnithe luathbhlianta ag teacht chun cinn

Bíonn Clare ag feidhmiú mar ionadaí na heagraíochta ag na cruinnithe do pháirtithe luathbhlianta, agus tá go leor ar an sceideal sna míonna amach romhainn, ina measc: 

  • Comhairliúcháin maidir leis an bhfeachtas Bímís Réidh!  

  • Comhairliúcháin maidir le plean forbartha do lucht saothair na luathbhlianta agus múnla maoinithe nua don earnáil 

  • Coiste osradharc na Gaeilge maidir le cur i bhfeidhm na straitéise Céad 5 

  • Cruinnithe maidir le proifisiúnú earnáil na luathbhlianta 

  • Fóram comhairliúcháin Tusla 

  • Cruinnithe an NVCC (Comhar Náisiúnta Deonach um Chúram Leanaí)  

Roinnfear eolas de réir mar is cuí maidir le dul chun cinn ag na cruinnithe seo sna nuachtlitreacha. Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun le dul i bhfeidhm ar na forais Stáit agus ar na heagraíochtaí deonacha eile le freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais na naíonraí, i gcomhpháirt lenar gcomhghleacaithe i gComhar Naíonraí na Gaeltachta.  

Má tá aon cheist agat ina leith, tá fáilte i gcónaí roimh teagmháil le Clare trí ríomhphost a sheoladh chuici: clare@gaeloideachas.ie.

 
 

Faigh acmhainní agus scéalta eile do naíonraí thíos:

 

An Cháisc

Beidh ceardlann cheardaíochta á reáchtáil ag Glór na nGael bunaithe ar an gCáisc. Ní bheidh costas i gceist chun freastal agus seans go bhfaighidh sibh roinnt smaointe don seomra ranga.

Tuilleadh eolais: 𝗰𝗮𝗯𝗿𝗶𝗻𝗶@𝗴𝗹𝗼𝗿𝗻𝗮𝗻𝗴𝗮𝗲𝗹.𝗶𝗲.

 

Gaelbhratach ar YouTube

An mbíonn sibh ag breathnú ar fhíseáin Gaelbhratach ar YouTube? Tá amhráin agus rannta ar fáil atá in oiriúint do pháistí óga.

Tuilleadh eolais: Gaelbhratach 

 

Foirm Staitisticí

Ná déan dearmad an fhoirm staitisticí a chomhlíonadh don naíonrabhliain 2020/2021. Is féidir an chóip chrua (atá seolta amach sa phost chugat) a chomhlíonadh agus a chur ar ais sa phost chugainn, nó, is féidir é a líonadh amach ar líne tríd an nasc thíos.

Foirm Staitistic 2020/2021: cliceáil anseo.

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas do Naíonraí

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas agus spraoi sa naíonra.

Físeáin Bunaithe ar na Luath-bhlianta

 
Cé Muid?
 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe