Nuachtlitir an Bhunleibhéil 03 Feabhra 2021 - Gaeloideachas No images? Click here ![]() 3 Feabhra 2021 San eagrán seo:
Cruinniú Ginearálta Bliantúil -Gaeloideachas
Céard a tharlaíonn ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ? Ritear rúin a tháinig isteach ó scoileanna a bhaineann leis an Oideachas Gaeltachta & LánGhaeilge agus na bealaí ar féidir le Gaeloideachas cabhrú leis na scoileanna ar go leor saincheisteanna móra. Tugtar tuairisc ar obair na bliana agus ar airgeadas na heagraíochta. Bíonn toghchán ann chun baill nua a cheapadh ar an mBord Stiúrtha. Táimid an-bhuíoch dóibh siúd a chuir iad féin chun tosaigh do na toghcháin seo agus a bheidh ag obair linn chun leasa na scoileanna. An féidir liom clárú go fóill chun freastal ar an gCruinniú? Tá fáilte roimh gach duine freastal ar an gcruinniú. Ní mór clárú chun freastal roimh 12in ar an 9 Feabhra ag an nasc thíos. Ní bheidh cead vótála ach ag ionadaithe ó scoileanna a bhfuil balllraíocht acu leis an eagraíocht. Ar smaoinigh tú riamh bheith i do stiúrthóir ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas? Más suim leat d’ainm a chur chun cinn, nó má tá cara nó comhghleacaí leat a mbeadh suim acu sa ról - oide scoile, tuismitheoir nó ball de Bhord Bainistíochta - Cuir freagra chuig an ríomhphost seo eolas@gaeloideachas.ie agus pléifimid leat maidir le hainmniúchán a shocrú. An spriocdháta le freagra a chur ná Aoine an 5ú Feabhra. Cé na rúin a bheidh á gcur os comhair an chruinnithe? Beidh 21 rún á gcur os comhair an chruinnithe. Baineann siad ar fad leis an earnáil oideachais Gaeltachta & LánGhaeilge. Is féidir réamhamharc a fháil ar na rúin thíos. An gá ballraíocht a bheith agam le Gaeloideachas chun freastal? Ní gá ach ní fhéadfaidh ach ionadaithe ó scoileanna a bhfuil ballraíocht acu vóta a chaitheamh sa toghchán. Tá gach eolas faoi bhallraíocht a ghlacadh thíos Fógra - Seimineár Feabhra: Líofacht na léitheoireachta mar straitéis i dtreo na tuisceana (Bunleibhéal) Dírithe ar: Múinteoirí agus Príomhoidí Bunscoile Am agus áit: Ar Zoom, Céadaoin 24 Feabhra 4.00i.n. Aoichainteoir: Jacqueline de Brún, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Díreoidh an cheardlann phraitciúil seo seo ar fhorbairt na líofachta sa léitheoireacht sa bhunscoil, ó thus na léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais. Bainfear úsáid as téacsanna samplacha le straitéisí líofachta a léiriú, straitéisí a thacóidh le tuiscint. Pléifear léiriú, frásáil, rialtacht, luas agus urlabhraíocht mar ghnéithe sáiniúla den líofacht agus mar spriocanna forbartha. Molfar ardáin teicneolaíochta leis an léitheoireacht a chur i láthair ar scoil agus sa bhaile. Jacqueline de Brún: Is Ollamh Cúnta ar Theagasc na Gaeilge í Jacqueline de Brún in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ba Chomhairleoir Oideachais san Áisaonad i mBéal Feirste í agus ba mhúinteoir Gaelscoile í roimhe sin. D’fhorbair sí na cláir Fónaic na Gaeilge
(BELB) agus Cód na Gaeilge (CCEA) agus ba í an stiúrthóir a bhí ar an chlár luathléitheoireachta Cleite (An tÁisaonad). Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021 - Rannóg do na Scoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge Is cinnte go bhfuil scríbhneoirí óga cruthaitheacha in bhur scoil. Seo deis chun a gcuid samhlaíochta a spreagadh! Tá Gaeloideachas tar éis dul i bpáirt leis An tOireachtas agus urraíocht a dhéanamh ar rannóg do na bunscoileanna & iar-bhunscoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021. Tá cheithre chomórtas ins an rannóg bunscoile do ranganna 3,4,5,6. Is é an spriocdháta d’iontrálacha ná: 1 Iúil 2021 Tá gach eolas faoi na comórtais agus an fhoirm iontrála le fáil ag an nasc thíos. Bainigí spraoi as! Súil Siar : Seimineár - An Luath-Thumoideachas i Ré na Cianfhoghlama D’éirigh thar cionn leis an seimineár An Luath-Thumoideachas i Ré na Cianfhoghlama a d’eagraigh Gaeloideachas ar Zoom an tseachtain seo caite. Is léir ón líon múinteoirí a d’fhreastal go raibh an-suim san ábhar. Roinn ceathrar múinteoir naíonán a gcuid taithí agus eolais féin maidir le bheith ag obair ar líne leis na daltaí beaga. Siad na múinteoirí ná Áine Ní Chróinín (Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn), Póla Ní Chinnsealaigh (Gaelscoil Ruairí, Maigh Nuad), Siobhán Ní Mhaoileoin (Scoil Sailearna, Cois Fharraige) agus Tríona Ní Uallacháin (Gaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh). Muna raibh deis agat freastal, is féidir an seimineár a fheiceáil thíos ar Youtube agus tá na sleamhnáin ar fáil freisin. Ná déan dearmad go bhfuil sraith iomlán seimineár pleanáilte ag Gaeloideachas do 2021! Coinnigh súil amach dhóibh! ![]() Acmhainní ar Líne Léigh Leat : Bhunaigh COGG an suíomh 'Léigh Leat' i 2014 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin. Tá achmainní digiteacha ar fáil air do mhúinteoirí bunscoile chun tacú leo ag múineadh na Gaeilge. Tá sé anois curtha in oiriúint do Ipadanna, Táibléid, Iphone agus Fóin eile. Is suíomh álainn é lán le scéalta, dánta, ceachtanna, ceol, nádúr agus nuacht. Tugann sé tacaíocht chomh maith do pháistí agus a dtuismitheoirí agus iad ag cleachtadh na Gaeilge sa bhaile trí éisteacht le scéalta, dánta agus ceachtanna taitneamhacha. Seo thíos áis iontach ó Chomhairle Ceantair Lár Uladh agus An Carn. Is leagan éisteachta i gcanúint Ulaidh atá ann bunaithe ar 'Taisce Tuisceana' atá foilsithe ag COGG! Léachtaí/Seimineáir ar-Líne Seo thíos dhá imeacht atá eagraithe ag An tIonad Oideachais, Trá Lí. Déardaoin 4 Feabhra ag 7:00 i.n. (Oíche amárach) Idirghabhálacha do dhaltaí le RSO ag foghlaim trí Ghaeilge - An Dr. Sinéad Nic Aindriú (Andrews), Ollamh Cúnta, Scoil an Oideachais Ionchuimsithigh agus Speisialta, Institiúid Oideachais OCBÁC. Dé Máirt 23 Márta ag 3.30i.n. Scéalta den Scoth: Ag Cothú Fonn Léitheoireachta - Is léachtóir le Gaeilge í Claire in Institiúid Oideachais Marino, údar an leabhair Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla Gaeilge agus Drámaíochta. Is eagarthóir Gaeilge í ar Rogha Leabhar – treoirleabhar léitheoireachta bliantúil de chuid Leabhair Pháistí Éireann. Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas an BhunleibhéilFíseáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. |