Nuachtlitir an Iar-bhunleibhéil 03 Feabhra 2021 - Gaeloideachas

No images? Click here

 3 Feabhra 2021

San eagrán seo:

  • Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas
  • Taighde - Bhur gCúnamh ag Teastáil
  • Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021 - Rannóg do Scoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge
  • Acmhainní ar líne
  • Modúl Iriseoireachta don Idirbhliain
 

Cruinniú Ginearálta Bliantúil-Gaeloideachas

  • Dáta : 11 Feabhra 2021
  • Am : 5 i.n.
  • Ionad : Ar Zoom

Céard a tharlaíonn ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ?

Ritear rúin a tháinig isteach ó scoileanna a bhaineann leis an Oideachas Gaeltachta & LánGhaeilge agus na bealaí ar féidir le Gaeloideachas cabhrú leis na scoileanna ar go leor saincheisteanna móra. Tugtar tuairisc ar obair na bliana agus ar airgeadas na heagraíochta. Bíonn toghchán ann chun baill nua a cheapadh ar an mBord Stiúrtha. Táimid an-bhuíoch dóibh siúd a chuir iad féin chun tosaigh do na toghcháin seo agus a bheidh ag obair linn chun leasa na scoileanna.

An féidir liom clárú go fóill chun freastal ar an gCruinniú?

Tá fáilte roimh gach duine freastal ar an gcruinniú. Ní mór clárú chun freastal roimh 12in ar an 9 Feabhra ag an nasc thíos. Ní bheidh cead vótála ach ag ionadaithe ó scoileanna a bhfuil balllraíocht acu leis an eagraíocht.

Ar smaoinigh tú riamh bheith i do stiúrthóir ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas?  

Más suim leat d’ainm a chur chun cinn, nó má tá cara nó comhghleacaí leat a mbeadh suim acu sa ról - oide scoile, tuismitheoir nó ball de Bhord Bainistíochta - Cuir freagra chuig an ríomhphost seo eolas@gaeloideachas.ie agus pléifimid leat maidir le hainmniúchán a shocrú. An spriocdháta le freagra a chur ná Aoine an 5ú Feabhra.

Cé na rúin  a bheidh á gcur os comhair an chruinnithe?

Beidh 21 rún á gcur os comhair an chruinnithe. Baineann siad ar fad leis  an earnáil oideachais Gaeltachta & LánGhaeilge. Is féidir réamhamharc a fháil ar na rúin thíos.

An gá ballraíocht a bheith agam le Gaeloideachas chun freastal?

Ní gá ach ní fhéadfaidh ach ionadaithe ó scoileanna a bhfuil ballraíocht acu vóta a chaitheamh sa toghchán. Tá gach eolas faoi bhallraíocht a ghlacadh thíos.

 
Clárú chun freastal ar CGB
Clár & Rúin an CGB
Ballraíocht - Eolas
 

Taighde RSO -  Bhur gcúnamh ag teastáil go géar

Roimh an Nollaig , chuir Gaeloideachas amach fógra chuig na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge ag iarraidh bhur rannpháirtíochta i dtaighde atá coimisiúnaithe ag Gaeloideachas ar Riachtanais Speisialta Oideachais. Tá muid an-bhuíoch do na scoileanna a rinne teagmhála lenár dtaighdeoir, an Dr Sinéad Nic Aindriú ó Ollscoil Chathair BÁC (DCU),  agus is mór againn bhur gcúnamh!  

Is taighde an-tábhachtach é seo ina bhfuil anailís á déanamh ar na hacmhainní teagaisc, foghlama agus measúnuithe reatha trí mheán na Ghaeilge atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Díreofar ar :

 1) na hacmhainní measúnaithe, teagaisc agus foghlama atá ar fáil faoi láthair agus atá in úsáid

2) na dúshláin a bhaineann le rochtain a fháil ar na hacmhainní seo trí Ghaeilge chun daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a theagasc

agus

3) na hacmhainní a theastaíonn trí mheán na Gaeilge agus tú ag múineadh daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Is uirlis luachmhar a bheidh sa taighde nuair a bheidh sé críochnaithe a léireoidh na heasnaimh atá sa tseirbhís oideachais do na daltaí RSO san earnáil Gaeltachta agus LánGhaeilge mar a bhaineann le seirbhísí agus acmhainní. Láidreoidh sé feachtas Gaeloideachas i bpáirt leis na scoileanna ina n-éileamh chun seirbhísí agus acmhainní de shárchaighdeán a sholáthar i nGaeilge.

Chuige sin, muna ndearna iar-bhunscoil s’agaibhse teagmháil fós le Sinéad Nic Aindriú, ba bhreá linn dá ndéanfadh sibh sin anois. Teastaíonn uaithi labhairt le níos mó príomhoidí, múinteoirí oideachais speisialta nó pé duine sa scoil a bhíonn ag plé leis an réimse RSO. Dá mhéid scoileanna a ghlacann páirt sa taighde, is mó tionchar a bheidh aige chun torthaí a bhaint amach.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Sinéad Nic Aindriú ag : sinead.andrews@dcu.ie

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021 - Rannóg do na Scoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge

Is cinnte go bhfuil scríbhneoirí óga cruthaitheacha in bhur scoil. Seo deis chun a gcuid samhlaíochta a spreagadh!

Tá Gaeloideachas tar éis dul i bpáirt leis An tOireachtas agus urraíocht a dhéanamh ar rannóg do na bunscoileanna & iar-bhunscoileanna Gaeltachta & LánGhaeilge i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021.

Tá dhá chomórtas sa rannóg iar-bhunscoile  - Sóisir : Blianta 1,2,3

                                                                                         Sinsir : Blianta   5,6

Is é an spriocdháta d’iontrálacha ná:  1 Iúil 2021

Tá gach eolas faoi na comórtais agus an fhoirm iontrála le fáil ag an nasc thíos. Bainigí spraoi as!

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2021 - Eolas & Foirm Iontrála
 

Acmhainní ar Líne

Seo thíos dhá acmhainn a ghabhfaidh chun tairbhe do dhaltaí na hArdteiste. Is ó Tuairisc.ie a tógadh iad:

1.Teachtaireacht ar Lá Fhéile Bríde ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn Anseo

 2. An Scannán - Scéal na Gaeilge: Déantar cur síos ar stair theanga na Gaeilge trí breathnú ar na scéalta a bhaineann léi sa stair agus sa mhiotaseolaíocht.  An tOllamh Alan Titley a chuireann an scéal i láthair le cabhair míreanna beochana. Tá an scannán roinnte ina shé chuid ar Youtube Anseo

Iriseoirí an Lae Amárach

Tá deis iontach á chur ar fáil do scoláirí Idirbhliana oiliúint a fháil i gceird na hiriseoireachta. Beidh cúrsa nua atá dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar siúl ar an ardán Zoom idir 1-4 Márta 2021.

Is iad OÉ Gaillimh, Nuacht RTÉ agus TG4  atá ag reáchtáil an chúrsa, Iriseoirí an lae amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais.

Cuirfidh foireann ó chúrsaí meán agus cumarsáide OÉ Gaillimh agus iriseoirí RTÉ a chraolann ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a sholáthraíonn ábhar d’árdáin digiteacha an cúrsa i láthair ar líne. 

Le clárú  don chúrsa agus eolas breise a fháil , déan teagmháil le peadar@cogg.ie le léirithe spéise agus nasc clárúcháin a fháil.

Is í an Céadaoin 10 Feabhra an spriocdháta do léirithe spéise ó scoileanna. Is í an Luan 22 Feabhra an spriocdháta le clárú.

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas   an Iar-bhunleibhéil

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Físeáin Bunaithe ar an Iar-bhunleibhéal

 
 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe