No images? Click here ![]() 01.02.2021![]() Ceardlann Cheardaíochta do na NaíonraíTá áthas orainn a chur in iúl go bhfuil péire seimineár, saor in aisce, eagraithe againn do mhúinteoirí naíonra don mhí seo. Beidh an chéad seimineár ar siúl ar 08.02.2021 ó 19.00-20.00 thar Zoom. Is í Sinéad Ní Chofaigh a bheidh á éascú. Díreoidh Sinéad ar théamaí a bhaineann le Lá Fhéile Vailintín, Tús an Earraigh & An Cháisc. Tá Sinéad ag obair le Glór na nGael faoi láthair, ag déanamh ceardlanna ar líne do thuismitheoirí le páistí óga. Is ceardlann an-phraiticúil a bheidh i gceist leis an gceardlann seo agus tá súil againn go mbeidh sibh in ann rud nó dhó cruthaitheach a dhéanamh leis na páistí agus sibh fillte ar an tseomra ranga. Is gá clárú don cheardlann seo, is féidir sin a dhéanamh tríd an nasc thíos. ![]() Sealbhú agus Forbairt Teanga sa Naíonra: Béim ar Riachtanais Speisialta OideachaisBeidh an seimineár seo ar siúl ar 16.02.2021 idir 19.00-20.00 thar Zoom. Le linn an tseimineáir seo, déanfar machnamh ar thaighde reatha faoi shealbhú teanga do pháistí a bhfuil an Ghaeilge mar an dara teanga acu i naíonraí, le béim ar riachtanais speisialta oideachais. Roinnfear moltaí ar an dea-chleachtas is éifeachtaí ó thaobh fhorbairt an dara teanga de. Roinnfear smaointe lena linn a mbeadh úsáideach don seomra naíonra féin, chomh maith le smaointe a bhféadfadh le naíonraí a roinnt ar theaghlaigh nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu. Is iad Deirdre agus Eibhlin Breatnach a bheidh á éascú. Chun níos mó eolais faoin seimineár a fháil agus chun tú féin a chlárú, brú ar an nasc thíos. ![]() Achoimre ar an gcáipéis le Ceisteanna Coitianta ón Roinn LeanaíSheol an Roinn Leanaí ríomhphost chuig gach seirbhís luathbhlianta an lá cheana le cáipéis chuimsitheach a fhreagraíonn na ceisteanna coitianta maidir le feidhmiú seirbhísí luathbhlianta idir seo agus an 5 Márta. Tá an cháipéis sách fada, mar go gclúdaítear go leor mioneolais ann. Seo thíos achoimre ar na príomhphointí ann mar a bhaineann leis na naíonraí, ag glacadh leis gur seirbhísí ECCE iad formhór na naíonraí, agus go bhfuil siad dúnta faoi láthair. Ar ndóigh, níl anseo ach léamh simplí ar a bhfuil faighte againn ón Roinn agus molaimid i gcónaí filleadh ar an mbuncháipéis sa chás go bhfuil aon amhras ort nó eolas breise de dhíth.
Na coinníollacha ata leis an méid thuas ná:
Miaidr le Forbairt Ghairmiúil: Maidir le teagmháil leis na páistí: Moltar leas a bhaint as na háiseanna don Réamhscoil sa Bhaile ar First 5 Moltar tabhairt faoi i mbealach a oireann do do sheirbhís féin agus na páistí atá faoi do chúram: acmhainní a roinnt, glaoch físe nó eile. Moltar freisin an t-am a úsáid le polasaithe an naíonra a nuashonrú agus tá treoir an-mhaith (agus polasaithe samplacha) curtha ar fáil ag Tusla ina leith anseo. Tá súil againn go gcabhraíonn an léargas thuas – tá i bhfad níos mó i gcáipéis na Roinne féin agus is fiú na míreanna a bhaineann le do sheirbhís a léamh. Níl an cháipéis ar fáil i nGaeilge, faraor, ach tá leagan Gaeilge lorgtha ag Gaeloideachas ón Roinn Leanaí. ![]() Cruinniú Ginearálta Bliantúil GhaeloideachasBeidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2021 ar líne ó 17.00-18.30 ar an 11 Feabhra 2021. Tá fáilte roimh mhúinteoirí naíonraí freastal air. Sa chás nach bhfuil tú mar ionadaí scoile ach gur mian leat suí isteach ar an gcruinniú, iarraimid ort d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a chlárú linn le go mbeimid in ann an nasc a roinnt leat ar an lá. Seo a leanas na rúin atá dírithe ar na naíonraí:
Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas.
Molta ag: Bord Stiúrtha Gaeloideachas. ![]() Súil Siar: Tae & Plé - EanáirBhí sé deas fáilte a chur roimh roinnt de na haghaidheanna céanna arís ag an gcéad Tae & Plé do 2021, agus fáilte a chur roimh chúpla duine nua chomh maith. D’éinne nach raibh linn go dtí seo – séard atá ann ná teacht le chéile neamhfhoirmiúil, ar líne (mar atá chuile shórt faoi láthair!), uair in aghaidh na míosa, mar ghréasán tacaíochta agus fóram plé. Leis an bplé a spreagadh bhí cúpla téama roghnaithe ag Katie Ní Riain, Oifigeach Forbartha Gaeloideachas:
Is seirbhísí seisiúnacha ECCE iad formhór na naíonraí agus tá siad dúnta de réir treoir na Roinne Leanaí. D’eisigh an Roinn cáipéis chuimsitheach le freagraí ar cheisteanna coitianta mar a bhaineann le tréimhse an dúnta. Aontaíodh go bhfuil go leor ann, agus go gcuirfeadh Gaeloideachas achoimre ar fáil do na nithe is mo a bhaineann leis na naíonraí. Tá an achoimre le léamh sa nuachtlitir seo. Maidir le forbairt ghairmiúil le linn tréimhse an dúnta, aontaíodh go mbeadh sé go maith dá gcuirfí na ceardlanna atá á reáchtáil ag Gaeloideachas ar fáil le linn na tréimhse, más féidir. Féachfar ar an oiread de cheardlanna an téarma seo a chur ar fáil luath seachas mall. Pléadh an t-am is fearr den lá le ceardlanna a chur ar siúl agus aontaíodh go mbeadh 19.00-21.00 oiriúnach, agus go mbeadh taifid curtha ar fáil d’éinne nár éirigh leo freastal ag an am. Cuirfear teastais ar fáil d’éinne a dhéanann freastal. Maidir le hacmhainní do thuismitheoirí, moladh an suíomh atá ag Gaelscoil agus Naíscoil Aodha Rua chomh maith leis na hacmhainní atá ar shuíomh Gaeloideachas féin (féach na naisc thíos, mar mheabhrú). Tá go leor ann, agus tá cur chuige an-deas á fheidhmiú ag na naíonraí a bhí linn don Tae & Plé, sé sin noda agus spreagadh a roinnt leis na tuismitheoirí ach gan aon bhrú a chur orthu. Tá lánfháilte roimh naíonraí iarratais ar áiseanna ar théamaí ar leith a chur chuig Gaeloideachas agus déanfaimid ár seacht ndícheall freastal ar bhur riachtanais. Luadh go raibh go leor leor moltaí maithe ag an seimineár do mhúinteoirí na naíonán a d’eagraigh Gaeloideachas le déanaí. Is féidir breathnú siar air ag an nasc thíos, agus tá liosta de na hacmhainní a luadh ann ar fáil thíos chomh maith. Maidir le teagmháil leis na páistí agus na naíonraí dúnta, tá rudaí éagsúla á dtriail ag naíonraí. Bíonn cruinniú foirne fíorúil ag Naíonra Naithí gach seachtain, déanann siad plé ar cad a bheadh ar bun acu sa naíonra dá mbeidís ar oscailt don tseachtain agus ansin cruthaíonn gach ball foirne acmhainn bheag, físeán díobh féin ag léamh scéil, ag déanamh ealaíne, ag canadh amhráin, nó eile, a roinntear leis na tuismitheoirí sa bhaile. Tá aiseolas an-dearfach á fháil acu ina leith, agus is cosúil go mbaineann na páistí níos sine sa bhaile sult agus tairbhe as chomh maith! Beidh an chéad teacht le chéile ar Zoom á reáchtáil ag Áine do pháistí Naíonra Mol an Óige, agus iad ag súil go mór leis, ag baint spraoi as éadaí deasa a roghnú chuige agus a chéile a fheiceáil. Beidh muid ag súil go mór le cloisteáil faoi i mí Feabhra! Labhair muid beagáinín maidir le chomh tábhachtach is atá sé freisin aire a thabhairt dúinn féin le linn na tréimhse seo, agus conas mar a chabhraíonn comhghuaillíocht na foirne – go mbíonn sé deas sosanna tae fíorúla a bheith againn, agus nósanna deasa a fhorbairt le bheith cineálta linn féin. Roinn bhur noda féin linn – cad a chabhraíonn libh, go proifisiúnta agus go pearsanta, sna laethanta aisteacha seo? Ní neart go cur le chéile, fiú agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm againn. Bímis i dteagmháil - beidh an chéad Tae & Plé eile ar siúl ar an 24 Feabhra ó 19.00-20.00 agus is féidir ríomhphost a sheoladh chugainn am ar bith ar eolas@gaeloideachas.ie. Naisc: ![]() Lámhleabhar do Stiúrthóirí NaíonraTá An Lámhleabhar do Stiúrthóirí Naíonra, an lámhleabhar a d'fhoilsigh Forbairt Naíonraí Teoranta agus Laura Rawdon, anois ar fáil i bhfoirm PDF ar shuíomh Gaeloideachas. Tá go leor eolas luachmhar ann, agus tá Gaeloideachas an-bhuíoch de choiste Na Naíonraí Gaelacha, ar leo an foilseachán, as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach. Is féidir leat teacht ar an leagan PDF anseo. ![]() Seoladh Suirbhé na Luathbhlianta le Big Start & 'Virtual Day of Action'Más rud é gur chaill tú an seoladh beo le Big Start an tseachtain seo caite, is féidir breathnú ar an taifead anseo. 'Virtual Day of Action': 5 Feabhra @1pm. An mbeidh tú ag glacadh páirt ar líne? Breis eolais anseo. Má tá breis eolais maidir le feachtas Big Start (SIPTU) uait, is féidir teacht air anseo. Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas do NaíonraíFíseáin bunaithe ar an tumoideachas agus spraoi sa naíonra. |