No images? Click here 24 Márta 2021Bainigí sásamh as bhur saoire agus guimíd Cáisc shona ghrianmhar oraibh ar fad! Seimineáir Gaeloideachas Súil Chun Cinn Seo thíos seiminéair a bheidh ar bun tar éis saoire na Cásca: 19 Aibreán 2021 - Ag tacú le daltaí a bhfuil Uathachas orthu sa chóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta 26 Aibreán 2021 - Ag tacú le daltaí a bhfuil Disléicse orthu sa bhunscoil Súil Siar Eagraíodh an seimineár "Daltaí Ardchumais & Ardtallainne - Modhanna & Straitéisí chun tacú leo sa chóras lán-Ghaeilge & Gaeltachta" ar an 15 Márta. Tá taifead den ócáid seo le fáil anois ar Youtube (nasc thíos) agus tá sleamhnáin ón seimineár thíos freisin.
Leanúnachas idir na leibhéil sa chóras lán-Ghaeilge & Gaeltachta Ag an tráth seo den bhliain, saoire na Cásca buailte linn agus gan ach téarma amháin scoile fanta ag rang 6 sa chóras bunscoile, bíonn daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí ag machnamh ar cén chaoi a n-éireoidh leis na daltaí seo ag an dara leibhéal. Bíonn imní ar roinnt tuismitheoirí nuair a bhíonn a gcuid páistí ag tabhairt faoin leibhéal nua, an bhfuil an scoil ceart roghnaithe acu, an mbeidh siad in ann ag na hábhair nua, an buntáiste dóibh a bheith fanta nó gan a bheith fanta sa chóras lán-Ghaeilge? Sa chéad eagrán eile de Nuachtlitir an Bhunleibhéil - Gaeloideachas beidh muid ag díriú ar na ceisteanna seo. Breathnóidh muid ar thaighde atá déanta faoin ábhar. Tabharfaidh muid treoir maidir le Rang 6 a ullmhú don athrú. Molfar bealaí a thabharfaidh múinteoirí misneach & treoir do thuismitheoirí agus daltaí. Tabharfaidh muid amharc ar an gcaoi a éascaíonn roinnt iar-bhunscoileanna an bealach dá gcuid daltaí céadbhliana. Bígí Linn! Acmhainní don Rang Padlet na Cásca Tá Padlet na Cásca nó acmhainní bunaithe ar an gCáisc le fáil anois ar shuíomh COGG. Tá gach ní clúdaithe - Uibheacha Cásca, Scéalta na Cásca, Leathanaigh Dathúcháin, Ceol na Cásca, Piseoga Cásca, Sicíní Cásca....... Faigh acmhainní agus scéalta eile don bhunleibhéal thíos:Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas an BhunleibhéilFíseáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. |