No images? Click here

 

25 Feabhra 2021

Dréachtshonraíochtaí T1 & T2 do Ghaeilge na hArdteiste Foilsithe

D’fhoilsigh an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) dréachtshonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteiste an tseachtain seo agus fógraíodh tús le comhairliúchán poiblí orthu a mhairfidh go 31 Lúnasa 2021.

Tá dhá shonraíocht beartaithe, ceann do scoileanna lán-Ghaeilge (scoileanna T1) agus ceann eile do scoileanna Béarla (T2), idirdhealú nach raibh ann go dtí seo ag leibhéal na hArdteiste. Tháinig sonraíochtaí ar leith do scoileanna T1 agus T2 isteach don tSraith Shóisearach in 2017.

I bpreasráiteas a d'fhoilsigh Gaeloideachas, d’fháiltigh an eagraíocht roimh fhoilsiú na ndréachtsonraíochtaí nua ach tá iarrtha againn go gcuirfí an comhairliúchán siar nó go gcuirfí síneadh leis de bharr tionchar na paindéime ar shaol dhaltaí agus mhúinteoirí faoi láthair . Chomh maith leis sin, deireann Gaeloideachas de bharr scrúduithe an Teastais Shóisearaigh 2020 agus 2021 a bheith curtha ar ceal nach bhfuil aon athbhreithniú déanta ar an éifeacht atá tar éis a bheith ag na sonraíochtaí nua ag an leibhéal seo. Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas  go bhfuil gá "le taighde fianaisebhunaithe a bheith déanta sula dtugtar faoi athrú chomh suntasach leis seo ag leibhéal na hArdteiste, scrúdú a bhfuil an oiread sin ag brath air do na scoláirí”.

Molann Gaeloideachas chomh maith go ndeánfaí sainiú níos soiléire ar an gcaighdeán atá le baint amach ag scoláirí a thugann faoi na sonraíochtaí T1 agus T2. Ardaítear freisin an pointe nach bhfuil aon chúiteamh breise ann i bhfoirm pointí do scoláirí a thugann faoi scrúdú i Sonraíocht T1 agus fiafraítear an gceapfaidh daltaí nach fiú dóibh dá réir tabhairt faoi scrúdú a bheidh níos dúshlánaí.

Cuirtear in iúl chomh maith sa bpreasráiteas go bhfuil i gceist ag Gaeloideachas dul i mbun comhairliúcháin le scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoin tsonraíocht nua ar an 4 Márta ag 16.30 in éindí leis an CNCM, tráth a ndéanfar tuairimí agus moltaí na scoileanna a shainiú chun go mbeidh an eagraíocht in ann aiseolas luachmhar ó na scoileanna a thuairisciú don CNCM faoin ábhar ríthábhachtach seo.

Tá an preasráiteas iomlán ar fáil thíos :

 
Preasráiteas - Dréachtsonraíochtaí

 

Comhairliúchán ar Dréachtsonraíocht T1

á eagrú ag

Gaeloideachas i bpáirt leis an CNCM

ar an

4 Márta ag 16.30 

Coinnigh súil amach ar  www.gaeloideachas.ie thíos maidir le clarúchán agus socruithe don seisiún tábhachtach seo.

Eolas agus Clárúchán ar www.gaeloideachas.ie
 
 

 Suirbhé don Taighde RSO

Mar atá fhios agaibh, tá taighde coimisiúnaithe ag Gaeloideachas sa réimse RSO dár teideal -  Anailís ar na hacmhainní teagaisc, foghlama agus measúnuithe reatha trí mheán na Ghaeilge atá ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Is iad na taighdeoirí, an Dr Sinéad Nic Aindriú agus an t-Ollamh Pádraig Ó Duibhir (Sealbhú, DCU) atá ina bhun.

Tá Gaeloideachas go mór faoi chomaoin ag na príomhoidí agus múinteoirí a roinn a gcuid eolais go dtí seo leis na taighdeoirí.

Anois  mar chéim eile den taighde tá suirbhé thíos ar mhaith leis na taighdeoirí a bheith líonta ag gach bunscoil agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelachta. Is féidir leis an bpríomhoide nó le h-aon mhúinteoir sa scoil an suirbhé a líonadh, níl sé ag díriú ar mhúinteoirí oideachais speisialta amháin.

Arís a chairde, ba mhór againn bhur dtacaíocht leis an suirbhé agus mar a dúirt muid cheana is í an sprioc atá leis ná caighdeán na seirbhísí RSO san earnáil Gaeltachta/lán-Ghaeilge a thabhairt chun barr feabhais.

Suirbhé
 
 

Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas - 2021

D'éirigh thar cionn le CGB 2021 Gaeloideachas a reachtáladh ar líne don chéad uair riamh ar an Déardaoin 11 Feabhra. D'fhreastal 96 duine ar an gcruinniú, ionadaithe ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas agus ionadaithe ó eagraíochtaí agus institiúidí oideachais.

Bliain ar leith a bhí inti, inar fhorbair foireann agus bord na heagraíochta bealaí nua, cruthaitheacha le freastal ar riachtanais ár mball agus na bpobal a sholáthraíonn muid seirbhísí  dóibh. Tá seo léirithe go slachtmhar i dTuarascáil Bhliantúil 2020 (nasc thíos) a cuireadh os comhair an chruinnithe.

Beidh an chéad eagrán eile den Nuachlitir seo dírithe go hiomlán ar an gCruinniú Ginearalta Bliantúil agus nithe ag éirí as.

Idir an dá linn seo roinnt pointí suntasacha as an Tuarascáil Bhliantúil 2020:

Pointí Suntasacha ó Tuarascáil Bhliantúil 2020

  • Tá ballraíocht na heagraíochta níos láidre ná mar a bhí riamh ag 197 scoil.
  • Tugadh tacaíocht chun  6 naíonra, 11 Bunscoil, 15 Iar-bhunscoil a bhunú.
  • D'ardaigh líon na mball inár ngrúpaí Facebook: Múinteoirí Atá Ag Múineadh i mBunscoileanna Lán-Ghaeilge 170%  agus  Múinteoirí Naíonraí 140%  
  • Eagraíodh 20 Seimineár ar líne. D’fhreastal 720 duine orthu. Bhreathnaigh 2733 orthu ina dhiaidh sin ar Youtube.
  • Seoladh 66 Nuachtlitir chuig 1409 Síntiúsóir
  • Tá 14 físeán faoin Oideachas Gaeltachta & LánGhaeilge taifeadta ag Gaeloideachas agus ar fáil ar Youtube
  • Cuireadh amach 40 foilseachán éagsúil do Naíonraí, Scoileanna & Tuismitheoirí
Tuarascáil Bhliantúil 2021

 

Acmhainní don Seomra Ranga

 

Comhairle na Gaelscolaíochta – Seimineáir ar líne

 

4 Márta 

Sealbhú agus Caomhnú Teanga: Cur Chuige Praiticiúil le Rannpháirtíocht ghníomhach ar líne a spreagadh ag leibhéal na hIarbhunscolaíochta le Sinéad Nic Stiofáin, Scoil Chuimsitheach Ciaráin 19:00-20:00

 

9 Márta

Saibhrigh agus fairsingigh do chuid Gaeilge don tseomra ranga le Seán Mac Corraidh, Coláiste Ollscoile Naomh Muire 15:45-16:30

 

10 Márta 

An Chianfhoghlaim le Croí – Ag tabhairt faoin tréadchúram le linn na dianghlasála  le hEmer Mhic an Fhailí agus Mary Uí Dhaimhín, Coláiste Feirste 15:45-16:30

22 Márta 

Focloir.ie agus teanglann.ie: áiseanna úsáideacha don tseomra ranga le Pádraig Ó Mianáin 15:45-16:

 
 

Faigh acmhainní agus scéalta eile don iar-bhunleibhéal thíos:

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas

an Iar-bhunleibhéil

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Físeáin Bunaithe ar an Iar-bhunleibhéal

 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe