No images? Click here

 

18.02.2021

 

Tae & Plé na míosa seo bunaithe ar an téama: Sealbhú Teanga & RSO sa Naíonra

Ba mhaith linn deis a thabhairt do mhúinteoirí naíonra teacht le chéile ar líne chun na cúrsaí is déanaí a phlé, tacaíochtaí cuí a aithint agus foghlaim óna chéile.

Beidh an chéad seisiún Zoom eile ar siúl ar an gCéadaoin 24.02.2021 idir 19.00-20.00.

Eagrófar teacht-le-chéile neamhfhoirmiúil gach mí, ar an gCéadaoin dheireanach mura gcuirtear a mhalairt in iúl. Ní ga clárú ach uair amháin agus seolfar an nasc chugat gach mí. Is féidir díchlárú ag am ar bith trí ríomhphost a sheoladh chugainn.

Foilseofar achoimrí beag ar an bplé go rialta i Nuachtlitir na Naíonraí ach ar ndóigh ní roinnfear aon eolas pearsanta agus déanfar cinnte de i gcónaí gur spás tacúil, taitneamhach a bheidh sa Tae & Plé.

Díreofar ar théama Sealbhú Teanga & RSO sa Naíonra don mhí seo, agus má tá ceist ar bith agat, seol chuig katie@gaeloideachas.ie é. Is féidir go mbeidh spreag cheisteanna againn ó am go chéile leis an bplé a threorú agus a éascú, agus táimid an-oscailte do mholtaí ina leith.

Is féidir breathnú siar ar an gceardlann 'Sealbhú agus Forbairt Teanga sa Naíonra: Béim ar RSO' anseo.

 
Cláraigh don Tae & Plé anseo
 
 

Ceardlann bunaithe ar an suíomh GaeilgedonNaionra.ie

GaeilgedonNaionra.ie mar Acmhainn Foghlama dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge i suíomh an naíonra.

Dírithe ar: Múinteoirí Naíonra atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus éinne ar spéis leo obair na naíonraí.

Am agus áit: 23 Feabhra 2021, 19.00, Zoom

Aoichainteoir: Ailín Ní Chonchuir, Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil Mhá Nuad

Le linn an tseimineáir seo, míneofar conas an suíomh GaeilgedonNaionra.ie a úsáid chun cabhrú leo siúd atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge i suíomh an naíonra. Sa cheardlann phraiticiúil seo gheobhaidh rannpháirtithe léargas ar conas an leas is fearr a bhaint as an suíomh mar acmhainn fhéinteagaisc.

D’fhorbair Gaeloideachas an suíomh seo agus tá sé maoinithe ag Foras na Gaeilge. Forbraíodh é mar acmhainn dóibh siúd atá ag obair i Naíonraí agus atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge, agus dóibh siúd atá ag iarraidh cur lena líofacht sa Ghaeilge le bheith ag obair i Naíonraí amach anseo.

Cláraigh don cheardlann G.D.N anseo
 
 

Ceardlann bunaithe ar Sealbhú Teanga tríd an Drámaíocht sa Naíonra

Am agus áit: 3 Márta 2021, 19.00, Zoom

Aoichainteoirí: Fil Uí Dhubhghaill

Le linn an tseimineáir seo, roinnfear moltaí ar an dea-chleachtas is éifeachtaí ó thaobh fhorbairt an dara teanga de tríd an drámaíocht. I measc na moltaí, beidh:

  • Rannta, dánta agus amhráin
  • Cluichí drámaíochta
  • Ábhar praicticiúil a theastaíonn chun an drámaíocht a dhéanamh
  • Treoirlínte chun dráma a léiriú ar stáitse

Is iar-mhúinteoir agus príomhoide bunscoile í Fil a chaith breis agus 23 bliain ag múineadh ranganna na Naíonán i Scoil Cholmcille, An Tulach Co. na Gaillimhe. Nuair a chuaigh sí ar luath scor i 2014 bhain sí céim máistreachta amach- M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge- i gColáiste Mhuire gan Smál leis an tráchtas “Tionchar na Drámaíochta ar shealbhú agus ar shaibhriú na Gaeilge i Rang Naíonán Sóisearach i Scoil Ghaeltachta”. Ó 2016 tá sí ar ais i gColáiste Mhuire gan Smál mar léachtóir agus mar theagascóir páirt-aimseartha. Tá a lán ceardlanna drámaíochta déanta aici le scoláirí in OÉGaillimh agus le grúpaí de mhúinteoirí bunscoile.

Tá an cheardlann seo dírithe ar mhúinteoirí naíonra ach go háirithe agus orthu siúd le suim agus nasc acu le naíonraí. Is gá clárú don cheardlann seo agus is féidir sin a dhéanamh tríd an nasc thíos.

 

Cláraigh don cheardlann drámaíochta anseo
 
 

Cáipéisí TUSLA dírithe ar Thuismitheoirí ar fáil as Gaeilge anois

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil cáipéisí TUSLA a bhaineann le tuismitheoirí / caomhnóirí anois ar fáil as Gaeilge. Tá na cáipéisí seo an-úsáideach le roinnt le tuismitheoirí atá ag smaoineamh ar naíonra a roghnú nó atá eolas ginearálta uathu maidir leis an tseirbhís.

'Más tuismitheoir tú a úsáideann nó a dteastaíonn uait seirbhís luathbhlianta a úsáid do do pháiste, gheobhaidh tú go leor eolais anseo a chabhróidh leat do chinneadh a dhéanamh. Ina measc, tá clár na seirbhísí luathbhlianta, na tuairiscí cigireachta is déanaí do gach seirbhís, chomh maith le heolas agus nodanna maidir le cad ba cheart a lorg agus seirbhís á roghnú agat.' -  Féach ar na gcáipéisí atá ceagailte thíos chun breis eolais a fháil. Ní gá ach brú ar an gcnaipe Béarla chun teacht ar an leagan Gaeilge. Mar shampla, 'Choosing an early years service' --> 'Ag roghnú seirbhíse luathbhlianta'.

Cáipéisí Ghaeilge TUSLA
 
 

Faigh acmhainní agus scéalta eile do naíonraí thíos:

 

Youtube

An bhfuil cuntas Youtube ag do naíonra? Má tá, an mbeifeá sásta é a roinnt linn? Cuir ríomhphost go katie@gaeloideachas.ie más spéis leat do chuntas a roinnt nó más spéis leat cuntas a chruthú. Tá seinnliosta ag an eagraíocht atá dírithe ar na Naíonraí. Féach anseo. Freisin, tá seinnliosta cheardaíocht againn, seans go mbeidh sé úsáideach do na tuismitheoirí sa bhaile. Féach anseo.

Tuilleadh eolais:

 

Rith Spúinse Rith ar fáil i nGaeilge ar Netflix

Beidh tuismitheoirí sa bhaile an-sásta a chloisteáil go bhfuil scannán Spongebob le fáil i nGaeilge anois ar Netflix.  Is é SpongeBob an Scannán: Rith Spúinse Rith arna chruthú ag Macalla Teo, le tacaíocht ó TG4 agus Paramount Pictures, an chéad leagan Gaeilge de scannán ar Netflix. Tuilleadh eolais anseo.

 

Bróga Nua

Bhí ár gcara, Áine Ní Shúilleabháin, i dteagmháil linn an tseachtain seo caite. D'iarr sí orainn na hamhráin iontacha seo a roinnt libh. Baineann na hamhráin seo ón dá leabhar, Bróga Nua & Bróga Nua 2. Is féidir na leabhair a cheannach anseo, mura bhfuil siad agat cheana.

An bháisteach: https://youtu.be/jgRdT6YtNwo

Na Séasúir... https://www.youtube.com/watch?v=P5odcn3PRiM

Sneachta: https://youtu.be/vjja7Ka7xxA

Bachlóga: https://www.youtube.com/watch?v=S5wLRyFiBWw

Ceo: https://www.youtube.com/watch?v=4i3watcX1NM

Na Gaotha: https://www.youtube.com/watch?v=kXWWuFWJ_Ro

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas do Naíonraí

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas agus spraoi sa naíonra.

Físeáin Bunaithe ar na Luath-bhlianta

 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Preferences  |  Unsubscribe