No images? Click here

 

Glórtha & Grianghraif

 

 A Phríomhoide, a chara,

Fáilte ar ais agus go n'éirí go geal leis an scoil sa scoilbhliain nua!

Mar chuid de Cheiliúradh 50 Bliain Gaeloideachas, beidh Irisleabhar comórtha á seoladh ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2023 a bheidh ar bun in Óstán Slieve Russell i gCo Chabháin ar an 10 Samhain 2023. Ba mhaith linn go mbeadh spiorad agus spreagadh na scoileanna lán-Ghaeilge agus na scoileanna Gaeltachta le brath go láidir san iris. Mar sin ba mhór againn bhur gcúnamh, a Phríomhoidí. Tá muid ag tabhairt cuireadh do scoileanna na hearnála:  

1.   Ráitis ghearra, abairt nó dhó ó dhaltaí a léiríonn a mórtas as a scoil féin a chur chugainn le cur san iris.  Is leor ceann nó péire ó do scoil.

2.   Grianghra(i)f ag léiriú saol na scoile.(Tabhair faoi deara  nach mór caighdeán maith a bheith sna grianghraif  mar go mbeidh siad á gcló san iris).

Samplaí de ghrianghraif : Oscailt oifigiúil na scoile; ceiliúradh bunú na scoile; laethanta spórt, drámaíochta; grianghraif den rang; buanna i gcomórtais aitiúla, naisiúnta agus mar sin de.

Is iontach an cúnamh a bheidh ins na ráitis agus na grianghraif chun scéal na hearnála a léiriú.

Is féidir iad a sheoladh chuig  peigi@gaeloideachas.ie roimh 15 Meán Fómhair.

Le dea ghuí,

Peigí Ní Chonghaile

 
 
 

eolas@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | www.gaeloideachas.ie

 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Preferences  |  Unsubscribe