Tá súil againn go raibh téarma maith agaibh go dtí seo agus go mbeidh briseadh deas agaibh le linn na saoire meántéarma. Seo an dara heagrán dár nuachtlitir ar riachtanais speisialta oideachais an scoilbhliain seo. Roinnfear eolas maidir le hacmhainní praiticiúla ann, imeachtaí, eolas cabhrach do thuismitheoirí agus deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí. Cuireadh: Suirbhé Náisiúnta don Straitéis Náisiúnta Míchumais nuaTá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag plé leis an gcéad Straitéis Náisiúnta Míchumais nua eile a fhorbairt. Mar chuid de seo, tá comhairliúchán poiblí ar bun le geallsealbhóirí éagsúla le feiceáil céard ar chóir a bheith san áireamh a gcabhródh le saol daoine faoi mhíchumas a fheabhsú. Tá breis eolais anseo. D’éinne ar mhaith leo moltaí a chur chun cinn, tá suirbhé poiblí oscailte suas go dtí an 11 Feabhra. Seo deis a chur in iúl na tacaíochtaí a dhéanfadh difear do na páistí agus scoláirí a bhfuil tú ag plé leo: acmhainní tacaíochta, riachtanais churaclaim, riachtanais sainoiliúna agus traenála, géarchéim earcaíochta, ceisteanna soláthair, allúntas múinteoirí agus cúntóirí riachtanais speisialta, agus go leor eile. Tá leagan Gaeilge den suirbhé ar fáil ag an nasc thíos. Cuir do thuairimí in iúl: https://nda.ie/events/input-into-the-new-national-disability-strategy https://www.surveymonkey.com/r/R2PJ5KV (Leagan Gaeilge den suirbhé) Spriocdháta: 11 Feabhra 2024 Miotais a bhréagnú: Moill i dtaobh teanga de“Bilingual children have a language delay”“While it is true that a rather small proportion of young children do have difficulties with language, it’s important to keep in mind that bilingualism is never the cause of that. A language delay has nothing to do with how many languages a child speaks. If your bilingual child has been diagnosed with a language or speech delay, you can rest assured that raising them in two languages will not do them any harm or worsen the delay”. Is treoirleabhar praiticiúil dírithe ar thuismitheoirí é How to raise a bilingual child a forbraíodh cúpla bliain ó shin mar chuid den tionscadal Eorpach PEaCH https://bilingualfamily.eu/. Tugtar noda ginearálta maidir le páistí dátheangacha a thógáil, mar aon le comhairle maidir le forbairt teanga agus moill i dtaobh teanga agus urlabhra. Tá cúpla píosa eolais agus comhairle thábhachtach atá ann le feiceáil thuas. D’fhéadfadh an t-eolas seo a bheith úsáideach do thuismitheoirí nó le roinnt ar dhaoine proifisiúnta éagsúla. Céard faoi chúpla ceann a roinnt ar na meáin shóisialta? Léigh an leabhrán iomlán anseo. "Never follow the advice to drop a language in the belief that it will simplify things. There is no scientific evidence that supports this advice." Acmhainní praiticiúla don naíonra agus don seomra rangaAnois go bhfuil an t-earrach linn, is acmhainn dheas é seo a bhféadfaí a úsáid le linn an tséasúir. Dírítear ar chuid de na rudaí is féidir a fheiceáil, a chloisteáil, a bholú, a mhothú agus a bhlaiseadh ar shiúlóid earraigh. D’fhorbair Gaeloideachas an leagan Gaeilge den acmhainn seo agus is é Ionad Uathachais Middletown a dhear an bhunacmhainn féin. D’fhéadfaí an acmhainn a chur in oiriúint do leibhéil éagsúla agus spéiseanna faoi leith go héasca. Siúlóid Chéadfaí an tSamhraidh Tá acmhainn dheas eile cosúil leis an gceann thuas ar fáil don samhradh chomh maith. Ar ndóigh, is iomaí buntáiste a bhaineann leis an siúl, idir bhuntáistí fisiciúla agus sláinte mheabhrach. Ach in amanna, bíonn sé deacair páistí agus daoine óga a spreagadh le dul amach. Is féidir na hacmhainní seo a úsaid le struchtúr a chur ar shiúlóid agus le cuspóir agus brí bhreise a thabhairt don ghníomhaíocht. Is féidir leis na seicliostaí aird a dhíriú ar aireachas freisin, agus tacaíocht a thabhairt don rialú mothúchán agus folláine mheabhrach. Sosanna Gluaiseachta: Físeáin ó Theiripeoir Sathaoir An mbíonn am á chur ar leataobh agaibh sa naíonra nó ar scoil le go mbeidh deis ag páistí nó daoine óga sosanna gluaiseachta a thógáil? Is sosanna gearra fisiciúla iad seo a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de ghnáthlá an duine agus is féidir leo a bheith tairbheach do chuile dhuine. D’fhéadfadh siad leibhéal fuinnimh a ardú agus aird ar thascanna foghlama a fheabhsú, d’fhéadfadh siad cabhrú le páistí agus daoine óga lena gcuid mothúchán agus a bheith níos folláine. Is féidir leo a bheith tairbheach do dhaoine uathacha ach go háirithe toisc go mbíonn gá níos mó acu le bogadh chun a gcuid airde a dhíriú agus le foghlaim. Is féidir sosanna gluaiseachta a dhéanamh laistigh agus lasmuigh araon Tá go leor físeán forbartha ag an teiripeoir saothair, Aoife Costello ó OT-ABC a léiríonn conas liathróidí lúith, brící tógála, cláir cothromaíochta, bloic ióga agus trealamh eile a úsáid. Féach orthu ag an nasc thuas. Díoltar trealamh, breágáin agus táirgí teirpeacha faoi leith ar an suíomh freisin a bhféadfadh buntáistí faoi leith a bheith ag baint leo do pháistí agus dhaoine óga de gach cumas. Tá roinnt moltaí úsáideacha i dtaobh straitéisí céadfaí don seomra ranga ar fáil ó Middletown anseo.
Ábhar léitheoireachtaSeo thíos roinnt leabhar d’aoisghrúpaí éagsúla ina bpléitear téamaí éagsúla iontu: aistriú chun na hiar-bhunscoile, éagsúlacht agus difríochtaí, mothúcháin, spreagadh, féidearthachtaí an tsaoil, tinneas agus eile. D’fhéadfaí iad a léamh chun plé ar cheisteanna faoi leith a spreagadh nó mar chuid de théama níos leithne. Is bealach deas iad le tuiscint agus comhbhá a spreagadh freisin, go háirithe mar a bhaineann le difríochtaí idir daoine agus dúshláin a bhféadfadh a bheith ag daoine inár dtimpeall. Tá formhór na leabhar thíos dírithe ar léitheoirí níos óige ach go háirithe. Do Chodladh Beag leis an Dr Ann-Marie Crowe (leagan Gaeilge le Laoise Breathnach agus Marian Breathnach) Is Mise Úna le Séamas Mac Eochaidh An bhfuil Tusa Cúthail? le Nuria Roca (leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin) Bí Fiáin, a Chroí le Olivia Hope (leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin)
Sábháil na Dátaí!Tá roinnt imeachtaí ag teacht chun cinn ag Gaeloideachas. Tae agus Plé: Teacht le chéile do thuismitheoirí chun caint faoi eispéireas páistí agus teaghlaigh uathacha san oideachas lán-GhaeilgeBeidh an chéad teacht le chéile eile do thuismitheoirí agus chúramóirí páistí uathacha atá ag freastal ar naíonra, Ghaelscoil nó Ghaelcholáiste ar siúl i Scoil Oilibhéir, Baile Átha Cliath 15, Dé Máirt, 27ú Feabhra ag 19.30-21.00. Tá fáilte roimh thuismitheoirí le páistí níos óige a bhfuil suim acu san oideachas lán-Ghaeilge bheith linn freisin. Beidh triúr cainteoirí linn le cainteanna an-ghairid a thabhairt sa gcéad chuid den seisiún. Sa dara cuid, beidh deis ag tuismitheoirí ceisteanna a chur ar na cainteoirí agus plé idirghníomhach a bheidh acu lena chéile agus i ngrúpaí níos lú. An phríomhsprioc atá ag an ngrúpa ná deis a thabhairt do thuismitheoirí bualadh le tuismitheoirí agus cúramóirí eile thar chupán tae nó caife agus eispéiris nó eolas a roinnt ar a chéile, smaointe agus noda a mhalartú maidir le bealaí le tacú le bhur bpáistí, nó díreach suí siar agus éisteacht. Breis eolais faoin gclár agus cainteoirí ag teacht go han-luath! Is trí mheán an Bhéarla den chuid is mó a reáchtálfar an t-imeacht seo. Má tá ceist ar bith agat, déan teagmháil liom ciara@gaeloideachas.ie Scoil Oilibhéir, Baile Átha Cliath 15, Dé Máirt, 27ú Feabhra ag 19.30-21.00. https://maps.app.goo.gl/DtSgxcRdjj7cgBCx8 Ócáid RSO agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas - 17 Aibreán 2024Beidh comhimeacht Ócáid RSO agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas 2024 ar siúl ar 17 Aibreán 2024 i mbliana. Tá súil againn pléphainéal a bheith againn arís, seoladh acmhainní úrnua ó chomhthionscadal idir Gaeloideachas agus Middletown, seimineár ar thaighde úrnua atá curtha i gcrích ag COGG, agus eile a bheith ar an gclár. Fógrófar tuilleadh sonraí go han-luath! Bí cinnte go bhfuil ballraíocht ag do scoil le Gaeloideachas le cinntiú go mbeidh sibh in ann vóta a chaitheamh ann agus rún a chur chun cinn. Is am maith é anois tosú ag smaoineamh ar rúin ábhartha a bhaineann le riachtanais speisialta oideachais a bhféadfaí a chur chun cinn; na tacaíochtaí atá ag teastáil agus na héilimh maidir le conas easnaimh a leigheas.
Tionól Forbartha 2024 – 22ú Samhain 2024, Óstán Slieve Russell, an CabhánTá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh an Tionól Forbartha ar ais sa Slieve Russell ar an 22ú Samhain i mbliana. Fuair muid aiseolas an-dearfach mar gheall ar ócáid na bliana seo agus tá muid ag súil go mór le tógáil air sin arís i mbliana. Beidh rogha leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí le linn an Tionóil Forbartha agus is deis iontach é le cloisteáil faoi acmhainní úrnua, dea-chleachtais agus straitéisí ó mhúinteoirí eile, agus smaointe agus comhairle a chomhroinnt ar a chéile. Cuir an dáta sa dialann agus coinnigh súil ar ardáin Gaeloideachas le breis eolais a fháil sna seachtainí romhainn. Spotsolas ar cheardlann ó Thionól Forbartha 2023Tá físeán nua ón Tionól Forbartha ar fáil ar ár gcainéal YouTube anois! Seo seisiún eolais trasearnála ó Mandy Mc Garvey, bainisteoir foirne leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE), atá dírithe ar mhúinteoirí agus phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile, araon. Roinntear eolas maidir le forbairtí reatha atá ag tarlú sa CNOS agus tugtar noda praiticúla ar na nithe seo a leanas: · Iarratais do riachantais · Deontais agus cistiú a bhaineann le rang speisialta · Forbairt Ghairmiúil Leanúnach · Iarratais do rang príomhshrutha · Tacaíochtaí eile atá ar fáil ón CNOS Tá Mandy McGarvey ag obair leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) ó 2008. Tá cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile agus mar theiripeoir ulabhra agus teanga, araon, aici. Bhíodh Mandy ag obair mar Eagraí um Riachtanais Speisialta Oideachais (SENO) leis an NCSE roimhe seo. Is bainisteoir foirne í ó 2018 agus bíonn sí ag plé leis na múinteoirí ar cuairt do dhaoine óga bodhra nó dhaoine faoi allaíre agus na múinteoirí ar cuairt do dhaoine óga lagmhairc nó dalla. Is bainisteoir í ar na comhairleoirí freisin. Tá breis eolais, sleamhnáin agus taifid ó Thionól Forbartha ar fáil anseo ar shuíomh Gaeloideachas. Tá na ceardlanna uile ó Thionól Forbartha 2023 á gcur ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas go leanúnach. Abhcóideacht, Cruinnithe agus éilimh ar bhur sonCumann Disléicse na hÉireann Bhí cruinniú tairbheach ag Gaeloideachas le Cumann Disléicse na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Pléadh deiseanna comhoibrithe idir an dá eagaíocht agus ceisteanna tábhachtacha faoi riachtanais pháistí agus dhaoine óga a bhfuil disléicse orthu, mar aon le tacaíochtaí dá múinteoirí. Tá muid an-bhuíoch den Dr Emily Barnes, Coláiste na Tríonóide, a tháinig chuig an gcruinniú linn lena saineolas agus saintuiscint a roinnt ar an lá. Tá súil againn tógáil air seo san am atá le teacht. An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta Bhí cruinniú an-fhiúntach ag Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta agus COGG le baill foirne ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta díreach roimh an Nollaig le riachtanais na hearnála lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a phlé. Bhuail muid le John Kearney agus Mandy McGarvey. I measc na réimsí a pléadh, bhí: · tacaíochtaí agus acmhainní atá ag teastáil ón earnáil agus na heasnaimh reatha · ceisteanna soláthair · forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanais speisialta · Athbhreithniú EPSEN agus easpa ionadaíochta Gaeloideachas ar an gCoiste Tá muid ag súil leis an ngaol comhoibritheach seo a threisiú thar na míonna romhainn agus tá cruinniú eile beartaithe go luath san earrach. Tabhair saol nua do shean iPadAlison Ní Mháirtín, aoiscríbhneoir Tá Alison ina ball den ghrúpa 'Gaeilge agus Uathachas' ar Facebook agus is tuismitheoir, taighdeoir agus scríbhneoir í. An bhfuil sean Apple iPad agat timpeall na háite? Bhuel, tá scéim nua i Loch Garman ag iarraidh uirlisí athláimhe a thabhairt do pháistí a bhfuil dúshláin chumarsáide acu. Tá sé feicthe ag Susan Crawford agus Mag Furness an ról lárnach a bhaineann le iPads ag obair mar uirlis chumarsáide do pháistí mar sin. Is Teiripeoir Urlabhra í Susan Crawford ag obair i luath-idirghabháil do pháistí faoi mhíchumas agus chomhbhunaigh Mag an Dreambig Foundation, seirbhís eolais agus grúpa tacaíochta do thuismitheoirí le páistí faoi mhíchumas. Is minic a mholtar iPadanna agus uirlisí don chumarsáid mhalartach agus bhreisitheach (AAC) do pháistí neamhbhriathartha agus páistí eile a bhfuil dushláin chumarsáide acu. Tugann siad tacaíocht dóibh chun cumarsáid a éascú leis na daoine ina saol. Is buncheart daonna é a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil rochtain thráthúil ag páistí ar na tacaíochtaí cuí ach uaireanta bíonn sriantachtaí airgeadais ag tuismitheoirí nó is beag deis a bhíonn acu seirbhísí a fháil. “Is féidir le AAC mar bhogearraí ar iPads athrú a dhéanamh i saol na leanaí a bhfuil deacrachtaí acu cumarsáid a dhéanamh. Ní giuirléidí amháin iad. Is uirlisí láidre iad chun cabhair a thabhairt do pháistí,” dar le Susan Crawford. Tá Apple iPads á lorg ag Mag agus Susan don chomhoiriúnacht. Chun seanuirlis a bhronnadh, déan teagmháil le Susan Crawford ar info@susancrawfordslt.com nó Mag Furness ar dreambigfoundation22@gmail.com Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Dreambig Foundation nó faoina ngrúpa WhatsApp, lean facebook.com/dreambigproject nó seol rphost chuig dreambigprojectnewross@gmail.com. Faigh acmhainní agus scéalta eile ar Riachtanais Speisialta Oideachais thíosTacaíocht Scoile Oide do Chláir Foghlama ag Leibhéal 1/Leibhéal 2 (Iar-bhunleibhéal)Tugann foireann an Oideachais Ionchuimsithigh (Iar-bhunleibhéal) in Oide tacaíocht do Cheannairí Scoile agus do na Múinteoirí atá ar an bhfoireann RSO trí chuairteanna scoile don fhoghlaim ghairmiúil a thabhairt ar iarratas na scoile. Maireann gach cuairt, a tharlaíonn i rith am scoile, timpeall dhá uair a chloig. Dearadh an fhoghlaim ghairmiúil seo chun tacú le riachtanais na scoileanna ina bhfuil scoláirí atá ag tabhairt faoi Chláir Foghlama ag Leibhéal 1/ Leibhéal 2 (CFL1/CFL2). Más maith le haon scoil an tacaíocht seo a lorg is féidir leo dul i dteagmháil leis an gCeannaire Sinsearach don Oideachais Ionchuimsitheach (Iar-bhunleibhéal) Lisa Kelly tríd an seoladh ríomphoist lisa.kelly@oide.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@oide.ie Eolas ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas SpeisialtaBileog nua: Tacaíonn NCSE le Scoileanna a bhfuil Ranganna Speisialta acu do Dhaltaí Uathacha An bhfuil an bhileog nua seo ón gCNOS feicthe agat go fóill? Tugtar eolas ann ar roinnt de na tacaíochtaí agus acmhainní atá ar fáil do ranganna speisialta, mar aon le seimineáir agus cuairteanna atá ar fáil. Treoirlínte do Cheannairí Scoile agus Boird Bhainistíochta ar Bhunú agus Eagrú Ranganna Speisialta Tá athbhreithniú déanta ag an gCNOS ar an doiciméad Treoirlínte do Cheannairí Scoile agus Boird Bhainistíochta ar Bhunú agus Eagrú Ranganna Speisialta. Is iad seo na treoirlínte a bhaineann le ranganna speisialta a bhunú agus a eagrú agus tá siad dírithe ar Bhoird Bhainistíochta, Phríomhoidí Bhunscoile agus Iar-bhunscoile. Beidh an dréacht nua ar fáil trí na heagraithe um riachtanais speisialta oideachais (lucht SENO) sna hoifigí áitiúla an mhí seo agus ar líne ag www.ncse.ie. Eolas agus ciorcláin nua ón Roinn OideachaisSocruithe soláthar foirne i mBunscoileanna don scoilbhliain 2024/25 (Ciorclán 0011/2024) Tá na socruithe soláthair foirne i mbunscoileanna don scoilbhliain 2024/25 eisithe ag an Roinn Oideachais anois: https://www.gov.ie/ga/ciorclan/1f41f-socruithe-solathar-foirne-i-mbunscoileanna-don-scoilbhliain-202425/? An Scéim Saoire Breoiteachta do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (Ciorclán 0014/2024) Féadfar Saoire Bhreoiteachta a dheonú d’aon fhostaí nach bhfuil in ann na dualgais atá air nó uirthi a chur i gcrích de bharr tinnis nó díobhála. Gabhann an Ciorclán seo áit na gciorclán, na meabhrán, na rialacha agus na rialachán uile roimhe i ndáil le Saoire Bhreoiteachta do chúntóirí riachtanas speisialta atá fostaithe i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta. Cinntigh go dtarraingeofar aird na mball uile den Bhord Bainistíochta/de Bhoird Oideachais agus Oiliúna agus aird na gcúntóirí riachtanas speisialta uile atá fostaithe i do scoil, lena n-áirítear iad sin atá as láthair le cead, ar a bhfuil sa Chiorclán seo. Gach eolas agus an ciorclán iomlán anseo: https://www.gov.ie/ga/ciorclan/1aa3d-an-sceim-saoire-breoiteachta-do-chuntoiri-riachtanas-speisialta-ata-fostaithe-i-mbunscoileanna-agus-iar-bhunscoileanna-aitheanta/? Treoirleabhar um Rang Speisialta Uathachais a BhunúTá treoirleabhar úrnua maidir le bunú ranganna uathachais seolta ag ár gcomhghleacaithe in An Foras Pátrúnachta. Is acmhainn nua seo atá scríofa ag Aisling Uí Fhéich, príomhoide Ghaelscoil na Fuinseoige, a bhfuil an-taithí aici, chun tacú le bunscoileanna lán-Ghaeilge ranganna uathachais a bhunú. Tá an treoirleabhar ar fáil anseo ar shuíomh an Fhorais anois. D’fhéadfaí na hacmhainní tacúla seo ó Gaeloideachas a úsáid in éindí an leabhráin: Ceardlann phraiticiúil: Rang speisialta a bhunú agus a bhuanú ag leibhéal na bunscoile Seo taifead de cheardlann phraiticiúil dírithe ar bhunú ranganna speisialta a bhí ar siúl le linn na comhdhála Bláthú in 2022. Roinneann Aisling Uí Fhéich, údar an treoirleabhair thuas, agus triúr oideachasóirí eile ar phainéal comhairle, noda agus eolas úsáideach eile ann. Féach siar air anseo: https://youtu.be/s-AbgeiMACw?si=S7eUZXuwfItNTwsI Rannóg eolais do ranganna uathachais nua curtha le chéile ag Gaeloideachas. Faigh eolas maidir le hacmhainní, leagan amach seomraí, measúnachtaí, seimineáir agus eile. Spotsolas ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach atá dírithe ar Riachtanais Speisialta OideachaisCúrsaí oiliúna trí mheán na Gaeilge ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) Tá roinnt oiliúna trí mheán na Gaeilge ag teacht chun cinn leis an CNOS go luath. Seo blaiseadh de chúrsaí éagsúla a bheidh ar siúl. B’fhéidir go mbeadh suim agat féin nó ag do chomhleacaithe clárú do cheann nó dhó. Iompar a Théann i gcion ar an bhFoghlaim agus Iompar ar Ábhar Imní é - Pointe tosaigh 21 Feabhra 2024, Adobe Connect, 09:00 - 11:00 Tá an seimineár seo dírithe ar léiriú don scoil uile agus tabharfaidh sé tacaíocht do scoileanna tús a chur le meastóireacht agus le pleanáil ar conas iompar dearfach a chur chun cinn i suíomh a scoile Teagasc agus Foghlaim i gcomhthéacs Daltaí Sárchumasacha agus Dé-Eisceachtúla amhrá do Bhunscoileanna 30 Aibreán 2024, Adobe Connect, 09:00 - 11:00 Tá an seimineár seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil baint acu le tacú le leanaí a dteastaíonn deiseanna saibhrithe agus forbartha uathu a théann níos faide ná iad siúd a chuirtear ar fáil don chohórt daltaí ginearálta. Cúpla dáta eile le cur sa dialann:Laethanta Feasachta agus smaointe do ghníomhaíochtaíAn eagraíonn do naíonra nó scoil aon ghníomhaíochtaí faoi leith le feasacht a ardú ar éagsúlacht nó riachtanais speisialta nó le héagsúlacht nó ionchuimsiú a cheiliúradh ar dhátaí faoi leith? Seo roinnt dátaí atá ag teacht mar spreagadh breise daoibh: 1 Márta: Lá Idirnáisiúnta um Chathaoireacha Rothaí Abhar machnaimh do chúpla gníomhaíocht ó CCEA anseo: https://ccea.org.uk/learning-resources/maireachtail-foghlaim-le-cheile 3 Márta: Lá Domhanda na hÉisteachta Mura bhfuil sé ar siúl cheana, céard faoi roinnt Teanga Chomharthaíochta a fhoghlaim? Tá smaointe do ghníomhaíochtaí éagsúla, dírithe ar Rang a 3 agus 4 ach go háirithe, ar fáil ar shuíomh RTÉ anseo. 21 Márta: Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down An bhfuil do naíonra nó scoil ag glacadh páirte sa bhfeachtas stocaí don Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down? D’fhéadfadh píosa spraoi a bheith agaibh ag caitheamh stocaí ildaite, stocaí corra, stocaí greannmhara, agus ag ardú feasachta maidir le siondróm Down ag an am céanna. D’fhéadfaí an leabhar Tá Siondróm Down ar Lara a léamh le páistí níos óige freisin agus ceisteanna tábhachtach a phlé. Féach ar an méid a bhí ar bun ag Gaelscoil Thulach nan Óg agus iad ag ceiliúradh an lae cúpla bliain ó shin https://fb.watch/pMZXnEm1W3/ https://www.worlddownsyndromeday.org/lots-of-socks-campaign 2 Aibreán: An Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas Mí Aibreáin: an Mhí Dhomhanda Feasachta ar Uathachas Ná déan dearmad go bhfuil póstaeir feasachta ar an uathachas ar fáil ó Gaeloideachas má tá ballraíocht ag do naíonra nó scoil. Ordaigh cóipeanna anseo. Tá na póstaeir le feiceáil anseo: Póstaer – Ba mhaith liom go dtuigfeadh scoláirí nithe seo faoin uathachas Póstaer – Bealaí chun do scoil a dhéanamh báúil leis an uathachas · Rannóg eolais agus bailiúchán acmhainní ar an uathachas ar shuíomh Gaeloideachas: bit.ly/uathachas Tá acmhainní praiticúla ann ó AsIAm, AUsome Training agus Ionad Uathachais Middletown ina measc. · Rannóg eolais dírithe ar ranganna uathachais: bit.ly/ranguathachaisnua Agallamh le Méabh Ní Choileáin, údar Freya Harte is not a Puzzle Is údar í Méabh Ní Choileáin, atá cáilithe mar mhúinteoir bunscoile agus atá ag tabhairt faoi PhD faoi láthair i gColáiste na Trionóide, i scoil an Bhéarla. Fuair Méabh diagnóis uathachais go mall ina saol agus tá a leabhar, Freya Harte is not a Puzzle, dírithe ar Freya, cailín óg uathach. Labhraíonn Méabh le foireann Gaelbhratach anseo faoin gcarachtar Freya, agus tugann sí moltaí do thuismitheoirí agus chaomhnóirí agus do mhúinteoirí ar conas tacú le daoine óga uathacha. Pléann sí an tábhacht a bhaineann le guthanna uathacha a bheith i lár an phlé faoin uathachas, agus na deacrachtaí áirithe a bhíonn roimh chailíní uathacha diagnóis a fháil. Déantar plé san agallamh seo ar neamhoird itheacháin, agus tá naisc tacaíochta faoin agallamh le tuilleadh eolais faoi seo agus faoin uathachas. Nuachtlitreacha Gaeloideachas | NewlettersLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime. Físeáin Gaeloideachasar RSOFíseáin dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais Videos based on Special Educational Needs |