Déan Comhrá, Léitheoireacht, Comórtais, Imeachtaí, eolas faoi scoileanna nua agus scoileanna Gaeltachta, agus níos mó!

An Turas Scoile

Eagrán an Earraigh 2022 | Spring Edition 2022

San eagrán seo | In this edition:

  • Fáilte | Word of Welcome
  • Físeáin nua Déan Comhrá | New Déan Comhrá Videos
  • Conas Iar-Bhunscoil Nua a Bhunú | How to Establish a Post-Primary School
  • Cabhrú leis an Léitheoireacht | Help with Reading
  • Léitheoireacht as Gaeilge | Reading through Irish
  • Cúpla Comórtas | Some Competitions
  • Imeachtaí as Gaeilge do Theaghlaigh | Events through Irish for Families 
  • Deiseanna do Thuismitheoirí bheith rannpháirteach i gComhairliúchán Tábhachtach | Opportunities for Parents to take part in Important Consultations
  • Eolas do Thuismitheoirí Gaeltachta | Information for Gaeltacht Parents
  • Cúinne Taighde | Research Corner

Fáilte romhat chuig an eagrán seo!

Tá áthas ar Gaeloideachas chéad eagrán na bliana seo dár nuachtlitir An Turas Scoile a scaipeadh oraibh. Tá súil againn go raibh téarma maith ag bhur gcuid páistí ar ais sa naíonra nó ar scoil tar éis na Nollag. Níl ann amhras ach go bhfuil cúpla mí dhian dhúshlánach caite ag earnáil an oideachais trí chéile. Tá súil againn go mbeidh briseadh meántéarma álainn ag bhur dteaghlaigh anois agus go n-éireoidh libh rud deas nó dhó a dhéanamh lena linn.

San eagrán seo roinnfear eolas ó Gaeloideachas maidir le hacmhainní úsáideacha do thuismitheoirí, cúpla nod i dtaobh na léitheoireachta, cúpla comórtas do scoláirí, mar aon le liosta áiteanna le himeachtaí agus siamsaíocht trí Ghaeilge a lorg do do pháiste.

We at Gaeloideachas are pleased to share this year’s first edition of our newsletter, An Turas Scoile. We hope your children have had a good term back at naíonra or school after Christmas. Without doubt, the past few months have been difficult and challenging for the education sector. We hope that you and your family have a lovely midterm break, and that you’ll be able to plan some fun activities during it.

In this edition, we’ll share information from Gaeloideachas on useful resources for parents, some tips on reading, and a few competitions for students, along with a list of places to go to find events and entertainment through Irish for your child.

 

Físeáin nua Déan Comhrá

An bhfuil cóip de Déan Comhrá ó Gaeloideachas agat? Is féidir an leabhrán agus na físeáin a théann leis a úsáid leis an nGaeilge a fhoghlaim, le stór focal a leathnú agus le breis Gaeilge a thabhairt isteach i saol an teaghlaigh. Tá go leor físeán nua curtha le chéile againn an téarma seo agus iad ar fáil ar ár gcainéal YouTube. Ina measc físeáin ar Mholadh agus ceann eile ar an Earrach. Tá go leor frásaí deasa simplí Gaeilge sa gceann Moladh le húsáid agus moladh á thabhairt do do pháiste sa mbaile! Déan cuardach orthu ag an nasc thíos.

New Déan Comhrá Videos

Do you have a copy of our booklet Déan Comhrá ? This booklet and the accompanying videos can be used to learn Irish, expand vocabulary, and to bring more Irish into day-to-day family life. We have created plenty of new videos this term which can be found on our YouTube channel, including a video on Praise and another on Spring. There are lots of nice, simple Irish phrases in the Moladh video to use when praising your child at home! You can find them at the link below.

 
 
Íoslódáil an Leabhrán | Download the Booklet
Seinnliosta Déan Comhrá | Déan Comhrá Playlist
 
 

Conas Iar-Bhunscoil a Bhunú

Bíonn Gaeloideachas ag obair le pobail i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú. Braitheann rathúlacht na n-iarratas ar scoileanna nua ar thacaíocht láidir ón bpobal agus ar léirithe spéise ó thuismitheoirí.  

Bunaítear scoileanna lán-Ghaeilge nua i mbealaí éagsúla, ach is é an bealach is coitianta ná nuair a fhógraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil scoil nua ag teastáil i gceantar faoi leith. Tarlaíonn sé seo nuair a shocraíonn siad nach bhfuil go leor spásanna i scoileanna áitiúla le freastal ar phobal an cheantair atá ag fás nó ag athrú. Cé nach bhfuil sé chomh coitianta céanna, féadtar soláthar nua lán-Ghaeilge a bhunú i scoil atá ann cheana freisin:  

  • nuair a shocraíonn scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla éiteas teanga na scoile a athrú go héiteas lán-Ghaeilge; 

  • nuair a shocraíonn scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla aonad nó sruth lán-Ghaeilge a oscailt (tá breis eolais ar céard is aonad ann anseo); 

  • nó nuair a thagann dhá scoil nó níos mó i gceantar le chéile le cónascadh a dhéanamh idir na scoileanna le scoil lán-Ghaeilge a bhunú. 

Tuilleadh Eolais

How to Establish a Post-Primary School

Gaeloideachas works with communities towards the establishment of new Irish-medium schools. The success of applications depends on strong support from the community and expressions of interest from parents.  

New Irish-medium schools can be established in a number of ways, but the most common route is when the Department of Education and Skills announces that a new school is required in a particular area. This happens when the Department identifies that there are not enough spaces in local schools to cater to a growing or changing population in the area. While it is not as common, new Irish-medium education provision can also be established in existing schools:  

  • when a school that operates through English decides to change the school’s language ethos to an all-Irish ethos; 

  • when a school that operates through English opens an Irish-medium Aonad or stream within the school (there is more information on what an Aonad means here);  

  • or when two or more schools in a particular area amalgamate to establish a new Irish-medium school.  

Read More
Breis Eolais ón Roinn Oideachais
Additional Information from the Department of Education
 
 

Cabhrú leis an Léitheoireacht | Help with Reading

An bhfuil imní ort maidir le léitheoireacht do pháiste? B’fhéidir go bhfuil sé nó sí ag streachailt le gnéithe de? Tá sraith an-mhaith póstálacha ar an ábhar seo ar fáil ar an suíomh Talk Nua. Is í an Dr Mary-Pat O’Malley, léachtóir i Scoil na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Éireann, Gaillimh, atá taobh thiar den suíomh. Chomh maith le bheith ina léachtóir, is teiripeoir urlabhra agus teanga cláraithe í Mary-Pat chomh maith. Tá go leor comhairle phraiticiúil ar fáil ina cuid póstálacha agus go leor comhairle maidir leis an dátheangachas. Seo thíos na cinn is deireanaí a bhaineann leis an léitheoireacht. Tá siad dírithe ar pháistí ar aoiseanna éagsúla.

Ná déan dearmad go bhfuil rannóg speisialta ag Gaeloideachas ar an disléicse do thuismitheoirí freisin! Féach www.gaeloideachas.ie/dyslexia/

Are you concerned about your child’s reading? Perhaps he or she is struggling with some aspects? There is an excellent series of posts on this topic on the Talk Nua website. Dr Mary-Pat O’Malley, a lecturer in the School of Health Sciences in NUI Galway, is behind the site. As well as being a lecturer, Mary-Pat is also a registered Speech and Language Therapist. There is plenty of practical advice in her posts, and lots of advice relating to bilingualism too. Below are the most recent posts about reading, which focus on children in different age groups.   

Don’t forget that the Gaeloideachas website has a dedicated section on dyslexia for parents too! See www.gaeloideachas.ie/dyslexia/

Learning to Read and Write in Two Or More Languages
14 Ways to Help Your Child Learn to Read
Eight things to do when you're worried your child is struggling to read
6 things to do when your child's reading doesn't seem to be improving
6 tips for helping children aged 8 and above with their reading
6 tips for children with persistent reading difficulties and dyslexia
 

Léitheoireacht as Gaeilge | Reading through Irish

An mbíonn leabhair Ghaeilge á léamh agat féin mar rud pléisiúrtha nó mar mhodh foghlama? Tá an léitheoireacht ina huirlis iontach le teanga ar bith a fhoghlaim.

Tá eolas ag an Siopa Leabhar ar a suíomh atá dírithe go speisialta ar thuismitheoirí maidir le cothú na léitheoireachta. Roinntear comhairle maidir le leabhair mhaithe le breis Gaeilge a thabhairt isteach i saol an teaghlaigh, comhairle maidir le bheith ag léamh as Gaeilge (fiú mura bhfuil móran Gaeilge agat), moltaí leabhar do dhaoine fásta agus go leor eile.

Má tá Gaeilge agat, is féidir éisteacht le Seosamh Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin i Leabharlann Ghaoth Dobhair, ag caint faoi leabhair shuimiúla Gaeilge atá ar fáil do dhaoine fásta agus do pháistí chomh maith. An mbeadh suim agat bheith mar bhall de Chlub Leabhar? Tá ceann ar fáil ar líne ag an nasc thíos.

Do you read books in Irish, either for pleasure or as a learning aid? Reading is a fantastic way to learn any language.

An Siopa Leabhar have information on their website specifically for parents around support and promotion of reading. Advice is available on good books to introduce more Irish into your family’s life, advice on reading in Irish (even if you don’t have much Irish), book recommendations for adults and plenty more.

If you speak Irish, you can listen to Seosamh Ó Ceallaigh, Executive Librarian in Leabharlann Ghaoth Dobhair, speaking about interesting Irish books for adults and children alike. Would you be interested in joining a Book Club? One is available online at the link below.

Moltaí ón Siopa Leabhar | Recommendations from An Siopa Leabhar
Club Leabhar | Book Club
Moltaí Sheosamh Uí Cheallaigh | Recommendations from Seosamh Ó Ceallaigh
 
 

Cúpla comórtas - deis iarratais i nGaeilge a chur isteach | Competitions - opportunities to submit entries in Irish

An mbeadh suim ag do pháiste cur isteach ar aon cheann de na comórtais seo thíos? Tá deiseanna ann do scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile ann agus is fiú go mór iarratas i nGaeilge a chur isteach.

Comórtas staire do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna

An bhfuil suim ag d’iníon nó do mhac i gcúrsaí staire? Mar chuid de chomóradh ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’, tugtar cuireadh do scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile ar fud na tíre, bheith rannpháirteach sa gcomórtas staire bliantúil seo. Is é an 8 Aibreán 2022 an spriocdháta.

Gach eolas anseo.

Comórtas scileanna gairmeacha ó Careers Portal

Tá comórtas iontach curtha ar fáil ag Careers Portal do lucht na hidirbhliana agus lucht na hArdteiste. Má tá do pháiste tar éis socrúchán taithí oibre a dhéanamh, is fiú go mór dóibh iarratas a i nGaeilge a chur isteach! Spreagann an comórtas seo daoine óga le machnamh a dhéanamh ar na scileanna atá forbartha acu le linn tréimhse thaithí oibre agus taighde a dhéanamh ar ghairm faoi leith.

Is é an spriocdháta ná 25 Márta 2022.

Gach eolas anseo.

 

Would your child be interested in entering any of the below competitions? There are opportunities for both primary and post-primary students, and it’s well worth submitting an entry in Irish.

History competitions for Primary and Post-Primary Schools

Is your child interested in history? As part of the ‘Decade of Commemorations,’ primary and post-primary students around the country have been invited to take part in this annual history competition. The deadline is 8th April 2022.

All information available here.

Professional skills competition from Careers Portal

Careers Portal have organised a fantastic competition for transition year and Leaving Cert students. If your child has organised work experience, it would be worthwhile for them to submit an entry in Irish! This competition encourages young people to think about the skills they have developed during work expereince and to research a particular career.

The deadline is 25th March 2022.

All information available here.

 

 
 

Imeachtaí as Gaeilge do Theaghlaigh

Is iomaí rud atá le déanamh as Gaeilge do thuismitheoirí agus theaghlaigh timpeall na tíre seo. Idir imeachtaí ar líne go himeachtaí sa bhfíorshaol. I measc na ndreamanna éagsúla thíos, tiocfaidh tú ar shiamsaíocht nó imeacht éigin feiliúnach do do theaghlach le meascán rudaí ann do theaghlaigh gan Ghaeilge, le beagán Gaeilge agus do thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá sé tábhachtach do pháistí atá ag freastal ar naíonraí agus scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, ach go háirithe, go dtuigfidh siad go labhraítear Gaeilge lasmuigh d’uaireannta scoile agus i gcomhthéacsanna sóisialta neamhscoile.

Má tá suim agat freastal ar imeacht trí Ghaeilge, tá cúpla dream thíos faoin alt seo arbh fhiú go mór breathnú orthu.

Spotsholas ar Ghlór na nGael

Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht náisiúnta atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh. Is é ról Ghlór na nGael ná a chinntiú go bhfuil tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Bíonn clár mór imeachtaí á reáchtáil lena n-áirítear: seachtainí saoire sa Ghaeltacht, deirí seachtaine sna ceithre cúigí, imeachtaí lae, scéalaíocht um Shamhna, cuairteanna Daidí na Nollag, picnicí na Bealtaine, seomra na dteaghlach ag Oireachtas na Gaeilge agus níos mó.

Má tá leadrán ar éinne le linn bhriseadh an mheánteárma, tá go leor físeán curtha ar fáil ag Glór na nGael ar an aclaíocht, ar an gceardaíocht, scéalaíocht, mar aon le puzail agus crosfhocail! Féach www.glornangael.ie/teaghlaigh/

Tá liosta imeachtaí Ghlór na nGael do mhí Feabhra agus Mhárta ar fáil anseo.

Cuireann siad nuachtlitir rialta theaghlaigh ar fáil atá lán le heolas, smaointe praiticiúla, stór focal agus gníomhaíochtaí teaghlaigh chomh maith. Is féidir clárú anseo.

Tá teacht ar Nuachtlitir mhí Feabhra ag an nasc seo.

 

Events through Irish for Families

There are lots of things to do through Irish for parents and families around the country, from online to in-person events. Among the groups below, you’ll be sure to find an activity or event to suit your family, with a mix of events for families without Irish, with some Irish and for parents with fluent Irish. It is especially important for children attending naíonraí and schools outside Gaeltacht areas to understand that Irish is spoken outside school hours and in social contexts outside of school.

If you are interested in attending an event through Irish, we have listed a number of groups below this article which are worth looking at.

 

 

 

Spotlight on Glór na nGael

Glór na nGael is the national lead-organisation responsible for the promotion of Irish as a family language. The role of Glór na nGael is to ensure that support and advice are available to families around the country raising their children with Irish. They organise a large programme of events, including holidays in the Gaeltacht, weekends in the four provinces, day events, Halloween storytelling, Santa visits, May picnics, the family room at Oireachtas na Gaeilge, and more.

If anyone is bored during the midterm break, Glór na nGael have provided plenty of videos on exercise, arts and crafts, storytelling, as well as puzzles, and crosswords as Gaeilge! See www.glornangael.ie/teaghlaigh/

Glór na nGael’s list of events for February and March is available here.

They provide a regular family newsletter full of information, practical ideas, vocabulary, and family activities too. You can register here.

You can also view February’s newsletter here.

 

 

Liosta Grúpaí | List of Groups

An Carn www.ancarn.org/

Comhluadar Luimnigh www.facebook.com/ComhluadarL/

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich www.culturlann.ie/ga

Cultúrlann Uí Chanáin www.culturlann.org/

Gaeilge Locha Riach www.bailelochariach.ie/

Glór Cheatharlach www.facebook.com/glor.cheatharlach

Glór na Móna www.glornamona.com/

Glór na nGael www.glornangael.ie/

Líonra Leitir Ceanainn www.lionralc.ie

Tuismitheoirí na Gaeltachta www.tuismitheoiri.ie/

Tús Maith/Oidhreacht Chorca Dhuibhne www.tusmaithocd.ie/ga/

 

Deiseanna do thuismitheoirí bheith rannpháirteach i gcomhairliúchán tábhachtach

Comhairliúchán ar an Dréachtchreat Curaclaim na Bunscoile

Tá athbhreithniú agus athfhorbairt á dhéanamh ar an gcuraclam bunscoile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Méasúnachta (CNCM).  Leanfaidh an comhairliúchán ar aghaidh go deireadh mhí Feabhra 2022.

Is féidir le tuismitheoirí bheith páirteach sa gcomhairliúchán seo i mbealaí éagsúla. Tá gach eolas anseo.

Aistear á nuashonrú – cuir do thuairimí in iúl!

Is é Aistear an creat curaclaim luath-óige do gach páiste ó bhreith go sé bliana d’aois. Tá sé á nuashonrú i láthair na huaire agus tá comhairliúchán ar siúl ag an CNCM ina leith. Is féidir le tuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl trí cheistneoir ar líne a líonadh isteach.

Gach eolas anseo.

Opportunities for parents to take part in important consultations

 

Consultation on the Draft Primary Curriculum Framework

The primary school curriculum is being reviewed and redeveloped by the National Council for Curriculum and Assessment (NCCA). The consultation will continue until the end of February 2022.

Parents can take part in this consultation in various ways. All information is available here.

Updating Aistear – make your voice heard!

Aistear is the early-years curriculum framework for every child from birth to six years of age. It is currently being updated and the NCCA are holding a consultation around it. Parents can share their views through filling out an online questionnaire.

All information here.

 

Eolas do thuismitheoirí Gaeltachta

Bileog nua ó Gaeloideachas: An Bhunscoil Ghaeltachta

An bhfuil ár mbileog úr ar an oideachas bunleibhéil Gaeltachta feicthe agat go fóill? Tá eolas úsáideach ann do thuismitheoirí agus freagraí ar roinnt ceisteanna coitianta. Léigh an bhileog anseo.

An Polasaí don Oideachas Gaeltachta

Eolas do thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar naíonra nó scoil Ghaeltachta agus freagraí ar cheisteanna coitianta a bhaineann leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.

Tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22 (POG) á chur i bhfeidhm i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na Gaeltachta ó 2017. Is polasaí stáit é a cruthaíodh chun aitheantas na scoileanna a dhaingniú mar scoileanna Gaeltachta. Tá Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta á feidhmiú sna scoileanna atá páirteach sa bPolasaí.  

Tuilleadh Eolais

Information for Gaeltacht parents

New booklet from Gaeloideachas: An Bhunscoil Ghaeltachta

Have you seen our new booklet on Gaeltacht primary education yet? It contains useful information for parents and answers some common questions. Read it here.

Policy on Gaeltacht Education

Information for parents whose children are attending a Gaeltacht naíonra or school and answers to common questions about the Policy on Gaeltacht Education.

The Policy on Gaeltacht Education 2017-22 (PGE) is being implemented in primary and post-primary Gaeltacht schools since 2017. It is a state policy designed to consolidate the identity of the schools as Gaeltacht schools. The Gaeltacht Schools Recognition Scheme is in operation in the schools that are taking part in the Policy.

Read More
 

Cúinne Taighde | Research Corner

Spléachadh ar a bhfuil á rá i dtaighde faoin dátheangachas! | A glimpse of what's being said in research about bilingualism! 

“Language switching is natural for bilinguals. So, even though it’s a workout for the brain, there’s no extra work involved once the language becomes second nature.”

Bilingualism Is Good for Your Mental Health. An article on the benefits of bilingualism from Intelligent Living.

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas | Newletters

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime.

Cláraigh Anseo | Subscribe Here

Físeáin Gaeloideachas do Thuismitheoirí

Físeáin dírithe ar thuismitheoirí ar gach leibhéal teanga.

Videos for parents of all levels of Irish

Físeáin do Thuismitheoirí | Videos for Parents

 
https://linktr.ee/Gaeloideachas
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
Preferences  |  Unsubscribe