Bígí linn don chéad ceiliúradh 50 bliain ag Gaeloideachas agus páirteach sa Chruinniú Ginearálta Bliantúil!

 

Ceiliúradh 50 Bliain Gaeloideachas agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Cláraigh Anois!

 

A Phríomhoide, a chara,

Tugaim le seo fógra go mbeidh Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas ar siúl ar an Satharn, 22 Aibreán, 2023, i dTigh an Ard Mhéara, Baile Átha Cliath. Beidh ócáid níos leithne againn i mbliana mar chuid de le ceiliúradh 50 Bliain na heagraíochta. 

Má tá sé i gceist agat nó ag ionadaí do scoile freastal  is gá clárú chuige roimh 16 Márta de bharr go bhfuil spás teoranta.

Cruinniú Ginearálta Bliantúil

Eagraíonn Gaeloideachas Cruinniú Ginearálta gach bliain le tuairisciú ar obair na bliana do bhaill na heagraíochta (na scoileanna), baill Boird a fhaomhadh agus deis a thabhairt do na scoileanna a bhfuil ballraíocht acu linn rúin a mholadh. Treoraíonn na rúin seo clár oibre na heagraíochta, chun go mbeidh sí ag freastal ar riachtanais na mball.

Beidh ár gCruinniú Ginearálta Bliantúil 2023 ar siúl i dTigh Ard-Mhéara Baile Átha Cliath ar an Satharn, 22 Aibreán. Cé gur féidir le haon duine clárú le freastal ar an CGB, ní féidir ach le baill rúin a mholadh. Is é an spriocdháta le haghaidh rúin ná an 10 Márta, 2023. Tá an fhoirm rúin mar chuid den bhfoirm clárúcháin don Chruinniú féin.

Is féidir le gach scoil le ballraíocht reatha triúr ionadaí a chur chuig an an gCruinniú Ginearálta Bliantúil cé go mbeidh an spás teoranta i mbliana agus beidh sé ar fáil dóibh siúd a chláraíonn ar dtús. Ba cheart go mbeadh toscaireacht na scoile comhdhéanta mar seo a leanas: 

1.     Ionadaí amháin gur tuismitheoir reatha na scoile é no í

2.     Ionadaí amháin gur oide sa scoil é nó í (áirítear príomhoide na scoile ina measc)

3.     Ionadaí amháin roghnaithe astu siúd atá ar an mbord bainistíochta mar ionadaí an phátrúin nó mar ionadaí an phobail

Sa chás nach bhfuil ionadaí ar fáil ó cheann amháin den trí ghrúpa atá luaite thuas, féadfaidh an bord bainistíochta beirt ionadaí a ainmniú ó cheann den dá ghrúpa eile. Ní ceadmhach níos mó ná beirt as aon cheann de na grúpaí atá luaite thuas a ainmniú chun feidhmiú thar ceann an Bhoird mar chomhalta don Chruinniú Ginearálta Bliantúil. 

Cláraigh don Chruinniú Ginearálta Bliantúil anseo

Clár

Seo chugat thíos clár na himeachtaí ar an lá:

12.15-12.45      Tae/ caifé/ sconaí

12.45-13.15      Aoichaint ar an ngluaisteacht agus

                           Seoladh Plean Straitéiseach Gaeloideachas 2023-2028

13.15-15.00      Cruinniú Ginearálta Bliantúil 2023

                              1.   Fáilte

                              2.   Leithscéalta

                              3.   Miontuairiscí an Chruinnithe Ginearálta Bliantúil 2022                                                agus Tuairisc an Rúnaí​

                              4.   Tuairisc an Chisteora​

                              5.   Tuairisc na hEagraíochta​

                              6.   Ceapadh Bord Stiúrtha Nua 2023-24

                              7.   Rúin​ an Chruinnithe Ginearálta Bhliantúil 2023

                              8.   Aon Ghnó Eile agus Clabhsúir

15.00-16.00   Sólaistí agus deis líonrú le hionadaithe ó scoileanna agus                                  naíonraí eile.

Tá súil agam go mbeidh deis ag ionadaithe ó do scoilse bheith i láthair ag an gcruinniú tábhachtach seo agus go mbainfidh siad taitneamh as 50 bliain na heagraíochta agus na gluaiseachta a cheiliúradh linn.

Is mise, le meas,

Nóra Ní Loingsigh

Leas-Ardfheidhmeannach 

 

PS Mura bhfuil ballraíocht ag an scoil is féidir sin a fháil tríd brú ar an gcnaipe thíos:

Ballraíocht le Gaeloideachas
 

eolas@gaeloideachas.ie | 01 8535195 | www.gaeloideachas.ie

 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Preferences  |  Unsubscribe