Fáilte ar ais!

Bliain úr mhaith daoibh ar fad! Tá súil againn go raibh briseadh álainn suaimhneach agaibh le linn na Nollag agus go bhfuil sibh ag socrú isteach go maith anois sa téarma nua seo.

Seo an chéad eagrán dár nuachtlitir ar riachtanais bhreise oideachais an téarma seo. Roinnfear eolas maidir le hacmhainní praiticiúla, blúiríní taighde, agus eolas cabhrach do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí.

Sa Nuachtlitir Seo:

  • Físeáin nua ar YouTube
  • Bláthú 2022
  • Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge
  • Acmhainní don Earrach
  • Ábhar Léitheoireachta

... agus i bhfad níos mó nuachta agus acmhainní eile!

 

Físeáin nua ar YouTube

An bhfuil ár bhfíseán nua feicthe agat? Tugtar achoimre ann ar na príomhthacaíochtaí atá ar fáil ó Gaeloideachas don réimse riachtanais speisialta oideachais.

Ná déan dearmad breathnú ar na naisc seo chomh maith:

RSO i gcoitinne 

Rannóg ar an disléicse 

Rannóg ar an uathachas 

Ordaigh cóipeanna crua dár bhfoilseacháin anseo:

Foilseacháin
 
 

Bláthú 2022

I bpáirt le COGG, reáchtáil muid comhdháil thar a bheith rathúil ar riachtanais speisialta oideachais i mí na Samhna. D’fhreastail os cionn 200 duine ar Bláthú 2022 in Óstán Pháirc an Mhuilinn Chearr agus bhí os cionn 30 cainteoir linn ar an lá.

Tá deis ann go fóill do chuid aiseolais i leith na hócáide a roinnt linn anseo.

Tá moill bheag ar fhoilsiú na gcur i láthair agus na dtaifead ón gComhdháil féin – ár gcéad leithscéal faoi sin. Tá súil againn iad a chur ar fáil chomh luath agus gur féidir. 

 
 

Síneadh ama!

Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge – deis go fóill do mholtaí faoi RSO a chur in iúl

Tá síniú amach tugtha ag an Roinn Oideachais d’aighneachtaí scríofa mar chuid den chomhairliúchán atá ar bun ar an bPolasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge. Baineann an comhairliúchán seo le gach duine a bhfuil suim acu san oideachas lán-Ghaeilge agus atá ag obair san earnáil  – tuismitheoirí a bhfuil páistí acu sa gcóras, múinteoirí naíonra, múinteoirí scoile, cúntóirí RSO, príomhoidí, baill den phobail agus eile.

Céard is féidir a éileamh don réimse RSO?

·        Cúrsaí oiliúna agus forbairt ghairmiúil chuismitheach chuí

·        Breis acmhainní

·        Seirbhísí cuí tacaíochta trí mheán na Gaeilge

·        Cláir, treoirlínte, idirghabhálacha agus acmhainní i nGaeilge a thógánn cúinsí teanga na bpáistí agus daoine óga san áireamh

·        Breis uirlisí measúnaithe agus diagnóiseacha urlabhra agus teanga

·        Níos mó ranganna speisialta agus ranganna luath-idirghabhálacha

·        Tacaíocht bhreise don teanga

Tá liosta níos iomláine moltaí ar fáil ag an nasc thíos.

Aighneachtaí scríofa – dáta deiridh 30 Eanáir 2023

Is féidir aighneachtaí scríofa a sheoladh trí ríomhphost chuig POLG@education.gov.ie faoin 30 Eanáir 2023.

Breis Eolais
 

Acmhainní don Earrach

Seans go mbeadh suim ag múinteoirí agus tuismitheoirí i roinnt de na hacmhainní thíos ach go háirithe ag an tréimhse seo den bhliain:

Siúlóid Chéadfaí an Earraigh

Is acmhainn dheas í seo ó Middletown Centre for Autism a bhféadfaí a úsáid le linn an earraigh. Dírítear ar chuid de na rudaí is féidir a fheiceáil, a chloisteáil, a bholú, a mhothú agus a bhlaiseadh ar shiúlóid san earrach. Dar ndóigh, d’fhéadfaí an teimpléad seo a chur in oiriúint do na séasúir eile freisin, mar aon leis an gceantar áitiúil nó téamaí ábhartha eile.

Gníomhaíocht Sórtála Garraíodóireachta ón CNOS

Seo gníomhaíocht sortála bunaithe ar an ngarradóireacht. D’fhéadfaí leagan earraigh a chruthú as an teimpléad seo go han-éasca. Céard atá le feiceáil timpeall an naíonra nó na scoile? Cloigíní gorma, sabhaircíní, nóiníní, cróch, caisearbháin nó eile?

Tá liosta breá bláthanna fiáine ar fáil anseo de réir míosa: https://www.irishwildflowers.ie/this-month/february.html 

 

Ábhar Léitheoireachta

Acmhainní ón Áisaonad do léitheoirí drogallacha (ranganna sinsireacha na bunscoile agus tús na hiar-bhunscoile)

An mbíonn tú ag streachailt teacht ar leabhair fheiliúnacha do pháistí níos sine agus déagóirí óga a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu? Leabhair a bhfuil an caighdeán cuí teanga agus téama feiliúnach iontu? Rinne Aingeal Nic an tSábhaisigh ón Áisaonad cur i láthair ar an ábhar seo ag Bláthú 2022 roinnt seachtainí ó shin.

Tá sraith leabhar ag an Áisaonad a bhfuil leibhéal ard spéise ag baint leo ach atá feiliúnach do léitheoirí drogallacha nó do léitheoirí a bhfuil níos mó tacaíochta ag teastáil uathu. Úsáidtear clófhoireann saindeartha agus dath uachtair ar na leathanaigh leis an léitheoireacht a éascú do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu. Tá gluais ann a mhíníonn foclóir casta freisin. 

Feileann na leabhair seo do thús na hiar-bhunscolaíochta, a fhad le haois 14, fiú, ach bheadh cuid acu feiliúnach do bharr na bunscoile.

Breis eolais anseo: https://aisaonad.org/product/leabhair-don-leitheoir-drogallach/

Leabhair a gcabhraíonn leis na mothúcháin a phlé (páistí óga 5-9)

Tá sraith leabhar ar mhothúcháin agus iompar ar fáil ón Áisaonad le plé a spreagadh i measc páistí ar a gcuid mothúchán agus ar a n-iompar, agus ar mhothúcháin agus iompar daoine eile. Seans go mbeadh an t-ábhar seo feiliúnach do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu freisin. Tá moltaí do cheachtanna i ngach leabhar.

Breis eolais anseo: https://aisaonad.org/product/mothuchain/

Ábhar ó Léigh Leat (naíonra agus bunscoil)

An bhfuil na hacmhainní ar an suíomh Léigh Leat feicthe agat? Tá bailiúchán álainn acmhainní digiteacha curtha ar fáil do mhúinteoirí bunscoile. Bheadh roinnt den ábhar feiliúnch do naíonraí freisin. Seo cinn a sheas amach a éascódh plé ar mhothúcháin, ar éagsúlacht agus ar chairdeas.

An bhfuil éinne ann atá cosúil liomsa? (3-6 bliana, 6-9 bliana)

Cad atá ort? (3-6  bliana)

Cosúlachtaí agus difríochtaí (9-12 bliana)

Cathaoir Rothaí Mo Dhearthár (6-9 bliana, 9-12 bliana)

Tuilleadh ar fáil anseo: https://www.leighleat.com/ 

Ag tacú le scoláirí a bhfuil RSO acu tríd an scéalaíocht dhigiteach, beochán agus scannaíocht

Rinne an Dr Ciara Uí Chonduibh agus Ruairí Mac Conduibh ó Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, cur i láthair praiticiúil ar án ábhar thuas ag Comhdháil ILSA le gairid. Seo beirt chleachtóirí atá tar éis cúpla cur i láthair sa réimse RSO a dhéanamh do Gaeloideachas cheana.

Tá na sleamhnáin atá lán le smaointe agus acmhainní úsáideacha ar fáil ar shuíomh ILSA anseo.

Ná déan dearmad go bhfuil taifead de chuir i láthair eile ó Chiara agus Ruairí ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas!

Roinneadh liosta fada moltaí agus acmhainní i dtaobh na léitheoireachta san eagrán deiridh den nuachtlitir seo. Féach siar orthu anseo.

 

Measúnú Múnlaitheach ar Scileanna Litrithe

Rinne an Dr Emily Barnes cur i láthair ag Bláthú 2022 ar an uirlis nua measúnuithe ar scileanna litrithe atá forbartha aici. Is í príomhsprioc an mheasúnaithe seo na páistí a aithint a bhfuil breis tacaíochta uathu chun go mbeidh múinteoirí in ann tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil dóibh.

Cuirtear eolas ar fáil i Lámhleabhar an Mhúinteora mar gheall ar chur i bhfeidhm na tástála, agus déantar cur síos ar an mbealach le torthaí an mheasúnaithe a nascadh le gníomhaíochtaí tacaíochta/idirghabhálacha ar leith sa doiciméad Próifíl an Dalta: Treoir don Mhúinteoir.

Tá an measúnú seo dátheangach; cuirtear trí thriail litrithe ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá leagan trialach/béite den triail ar fáil ag an nasc seo, agus cuirfear an-fháilte roimh aiseolas. Is féidir dul i dteagmháil le hEmily ag ebarnes@tcd.ie más mian leat moltaí a chur ar fáil faoin tástáil.

 
 

Breis eolais, taighde agus acmhainní úsáideacha do

Riachtanais Speisialta Oideachais thíos:

 

Comhairliúchán EPSEN - Cuir do thuairimí in iúl!

Tá an Roinn Oideachais i mbun athbhreithnite ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (EPSEN) i láthair na huaire.

Tá an t-athbhreithniú seo an-tábhachtach le páistí a bhfuil RSO acu agus a dteaghlach a chosaint, agus le cinntiú go bhfuil an Stát in ann pleanáil d’oideachas cuí do na páistí seo.

Mar chuid den chomhairliúchán, tá suirbhé ar leith do bhaill foirne, do thuismitheoirí agus don phobal ar fáil ag an nasc thíos. Tá sé an-tábhachtach páirt a ghlacadh sa gcomhairliúchán agus éilimh na naíonraí, scoileanna agus teaghlaigh a roinnt leis an Roinn.

Spriocdháta d’aighneachtaí: 3 Márta 2023

Gach eolas:

Comhairliúchán EPSEN
 

Acmhainní aireachais, cothaithe agus folláine ó Chomhairle na Gaelscolaíochta

An bhfuil na hacmhainní iontacha folláine, aireachais agus cothaithe ó Chomhairle na Gaelscolaíochta in úsáid agat? Dar ndóigh, d’fhéadfaí an-leas a bhaint as go leor den ábhar seo le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Áiseanna Folláine

Aire Duit

·        Aire Duit An Bhonnchéim

·        Aire Duit Eochairchéim 1

·        Aire Duit Eochairchéim 2

Fios Folláine

·        Fios Folláine An Bhonnchéim

·        Fios Folláine Eochairchéim 1

·        Fios Folláine Eochairchéim 2

Ceangail le Cothú

Ceangail le Cothú – Straitéisí Cothaithe don Chleachtas Laethúil le Caidrimh & Caighdeáin a Ardú i nGaelscoileanna

 

Scála Intuigtheachta i gComhthéacs: Gaeilge

An bhfuil an Scála Intuigtheachta i gComhthéacs feicthe agat? Seo uirlis an-úsáideach, atá ar fáil i nGaeilge, a bhféadfadh le tuismitheoirí a úsáid chun intuigtheacht a bpáistí a mheas agus eolas a chur ar fáil do theiripeoirí urlabhra agus teanga maidir lena gcumas urlabhra. Tá an uirlis féin saor in aisce agus ar fáil le híoslódáil anseo.

Leagan Gaeilge anseo. 

 

Tús Feidhme an Achta Oideachais (Socrú i Leith Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu) 2022 agus Tús Feidhme na nAlt Eile Den Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018

Tá foráil sa reachtaíocht nua seo d’fheidhm bhreise a chur ar scoileanna, ar phátrúin agus ar bhoird bhainistíochta chun comhoibriú leis an CNOS agus soláthar a dhéanamh do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Éilítear ar scoileanna freisin téacs nua caighdeánach a chur ina bpolasaithe ligean isteach agus beidh an téacs seo le faomhadh ag an mBord Bainistíochta agus pátrún na scoile. Tá Gaeloideachas ag lorg deimhnithe ón CNOS agus ón Roinn Oideachais ar bhonn práinne go nglacfaí le foclaíocht leasaithe sna polasaithe go mbeidh an rang speisialta ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. 

Coinneoidh muid sibh ar an eolas faoin dul chun cinn ar an gceist thábhachtach seo!

Breis eolais anseo.

 

Scéim Saoire Méala do Chúntóirí Riachtanas Speisialta

Breis eolais anseo.

 

An bhfuil timpeallacht thacúil á cur ar fáil do scoláirí a bhfuil disléicse orthu?

Tá go leor athruithe beaga gur féidir le múinteoirí a chur i bhfeidhm le cinntiú go bhfuil saol níos compordaí ar scoil ag scoláirí a bhfuil disléicse orthu. Dar ndóigh, d’fhéadfadh na hathruithe beaga seo bheith chun leasa chuile scoláire.

Leis an uirlis chabhrach seo ó Chumann Disléicse na Nua-Shéalainne, is féidir measúnú sciobtha a dhéanamh ar do sheomra ranga.

 

Acmhainní úsáideacha ón CNOS

Físeán úr nua: Cabhair Bhreise i Scoileanna Príomhshrutha: Eolas do Thuismitheoirí

Tá an-áthas ar an CNOS eolas a roinnt maidir le físeán nua atá ar fáil do thuismitheoirí darb ainm ‘Cabhair Bhreise a Fháil  i Scoileanna Príomhshrutha: Eolas do Thuismitheoirí’. Tugann sé eolas ginearálta ann ar na tacaíochtaí breise is féidir le dalta a bhfuil riachtanais bhreise acu a fháil. Míníonn sé an próiseas chun riachtanas a aithint, plean tacaíochta do dhalta a chruthú agus an fhoireann níos leithne atá ann chun cur leis an bplean. Tá an físeán ar fáil i 7 dteanga éagsúla, agus an leagan Gaeilge ar fáil ar clé.

Spásanna Céadfacha i Scoileanna

An bhfuil do scoil ag smaoineamh ar spás nua céadfach a chruthú nó athchóiriú a dhéanamh ar an spás reatha? Sa leabharán seo ón CNOS, leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le spás dá leithéid a chur fáil chun sláinte agus folláine na scoile ar fad a fheabhsú agus a chur chun cinn. Tugtar breis eolais sa leabhrán ar na ceisteanna bunúsacha seo:

·        Cén fáth spás céadfach a chruthú?

·        Conas agus cathain ar cheart spás céadfach a úsáid?

·        Conas spás céadfach a chruthú?

·        Cén tréalamh a bheadh úsáideach?

Tá an leabhrán iomlán ar fáil anseo.

Sosanna Gluaiseachta sa Seomra Ranga Iar-bhunscoile

Sa bhfíseán seo, mínítear conas gur féidir le múinteoirí sosanna gluaiseachta a thabhairt isteach chuig a gcuid seomraí ranga iar-bhunscoile.

Féach anseo.

 

Acmhainní agus foilseacháin ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS)

An bhfuil cur amach agat ar na hacmhainní agus foilseacháin atá ar fáil i nGaeilge ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais? Tá treoirlínte, seicliostaí agus beart acmhainní eile ar fáil ag an nasc seo.

 

Seo Linn agus ábhar úsáideach eile

Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim – Treoir do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta (Bunleibhéal)

Chun tacú le múinteoirí i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, tá leabhrán nua agus acmhainní eile forbartha ag an CNCM, an tSFGM, CNOS agus Cigireacht na Roinne Oideachais chun pleanáil agus ullmhúchán don teagasc agus don fhoghlaim a éascú sa seomra ranga.

Seo Linn: Leabhrán Ullmhúcháin i gcomhair Teagaisc agus Foghlama do gach Bunscoil agus Scoil Speisialta

Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim: Ceisteanna Coitianta & Gluais

Féach ar na ceisteanna sonracha don RSO ach go háirithe.

Gach Eolas
 

Taighde ón iasacht

Welcoming Bilingual Learners with Disabilities into Dual Language Programs: Research-Informed Implications for Inclusive Programs and Practice (2022)

Údair: National Dual Language Forum www.cal.org/ndlf/

Sa bpáipéar seo, déantar athbhreithniú ar an taighde a bhaineann le cumas páistí agus daoine óga a bhfuil RSO acu breis agus teanga amháin a fhoghlaim ag leibhéal na réamhscoile agus na scoile. Roinntear cleachtais ann freisin a thacaíonn le forbairt teanga, foghlaim agus folláine ar scoil. Tá go leor eolais úsáideach ann agus d’fhéadfadh roinnt de bheith an-luachmhar do thuismitheoirí nó le roinnt ar dhaoine proifisiúnta éagsúla.

". . . exposure to and acquisition of two languages during the preschool years does not jeopardize the language development of dual language learners with developmental disorders, including DLD (developmental language disorders), autism, and DS (Down syndrome), in comparison to that of monolingual children with similar developmental disorders. [...]

There is no scientific evidence to date to justify educational policies or practices that limit the access of bilingual learners with disabilities to dual language education on the grounds that it exceeds their neurocognitive capacity.

Students in dual language programs attain significantly higher levels of bilingual proficiency than similar students in monolingual programs. In particular, students who speak a minoritized L1 are able to attain the same, or even higher, level of proficiency in the majority language and in academic domains as similar students with similar disabilities in monolingual programs."

An Páipéar Iomlán
 

Léitheoirí pinn do scoileanna

An bhfuil léitheoirí pinn ar fáil ó do leabharlann áitiúil? B’fhiú go mór seo a fhiosrú leo. Tá breis eolais ar fáil ag na naisc seo:

https://www.dlrcoco.ie/sites/default/files/atoms/files/dlr_times_an_fhomhair_2022_gaeilge.pdf

https://www.fingal.ie/ga/news/pinn-leitheoiri-c-peann-ar-fail-ar-iasacht-o-do-leabharlann-aitiuil-fhine-gall

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas | Newletters

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime.

Cláraigh Anseo | Subscribe Here

Físeáin Gaeloideachas

ar RSO

Físeáin dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais

Videos based on Special Educational Needs

 Físeáin RSO | SEN Videos 

 
https://linktr.ee/Gaeloideachas
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
Preferences  |  Unsubscribe