9 Nollaig 2024

Scéalta /Eolas do Thuismitheoirí

D'fhéadfadh cuid de na scéalta/míreanna eolais sa nuachtlitir seo a bheith ábharthach le roinnt ar thuismitheoirí na scoile tríd iad a chóipeáil isteach in bhur nuachtlitir scoile nó tríd an mhír a sheoladh chucu i ríomhphost. Tá fáilte romhaibh na scéalta/míreanna sin a roghnú ach mar spreagadh tá an siombal (T) curtha againn le teideal na scéalta/míreanna eolais a mheasann muid go mbeadh suim ag tuismitheoirí iontu.

San eagrán seo:

  • Tionól Forbartha 2024 - Súil Siar
  • Fáilte - Ball Nua Foirne
  • Acmhainní Ranga don Nollaig (T)
  • Folúntas: Speisialtóir Luathbhlianta le Gaeloideachas
  • Stocaireacht Rialtais Nua (T)
  • Buaiteoirí Comórtas Greannán
  • Comhghairdeachas
  • Fógraí
 
 

Tionól Forbartha 2024 -  Focal Buíochais & Súil Siar

Ba mhaith le Gaeloideachas buíochas a ghlacadh le gach duine agaibh a d'fhreastal ar Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 in Óstan Slieve Russell i gCabhán le gairid. Ár mbuíochas freisin leis na cainteoirí & áisitheoirí a chuir i láthair ceardlanna spreagúla agus a roinn a gcuid scileanna, saineolais agus taighde go fonnmhar. Tá muid ag fáil aiseolas an-dearfach faoin ócaid agus ag réiteach cheana féin do Thionól Forbartha 2025

Seo thíos grianghraif d'imeachtaí an Tionóil. Bhfuil sibh iontu?  

 

Gailearaí - Tionól Forbartha 2024

Físeáin de cheardlanna an Tionól Forbartha

Beidh féiríní ar an mbealach uainne go luath. Ní i stocaí na Nollag a bheas siad ach ar chainéal YouTube Gaeloideachas - na físeáin ó na cuir i láthair ag an Tionól Forbartha atá i gceist. Tógann sé tamaillín eagarthóireacht a dhéanamh orthu ach bíonn siad curtha ar fáil ceann ar cheann chomh luath agus atá siad réidh ag Tonaí. Le bheith ar an eolas fúthu ní mór duit súil a choinneáil ar ár gcainéal www.YouTube.com/Gaeloideachas nó bí i do leantóir le teachtaireachtaí a fháil nuair atá físeán nua ann. Beidh na físeáin ar fáil tríd an nuachtlitir seo freisin.

 

Fáilte roimh Rachel!

Tá Rachel Walker ceaptha ina Feidhmeannach Riaracháin & Cumarsáide le Gaeloideachas.  Is as Leitir Ceanainn i dTír Chonaill ó dhúchas í agus cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath le 10 mbliana. Tá taithí na mblianta aici sa chóras oideachais iar-bhunscoile. Deir Rachel go bhfuil sí ag súil go mór leis an gcéim nua seo agus leis an dúshlán atá ann. Tá sí ag súil le bheith ag díriú ar an gcórás oideachais iomlán, ón naíonra go h-oideachas iar-bhunscoile.  

 

Acmhainní Ranga don Nollaig ó Gaeloideachas (T)

 

Réalt Gheal ins an Spéir

Seo físeán ó Gaeloideachas d'amhrán Nollag a chum Antaine Ó Faracháin (Ollscoil Teicneolaíochta BÁC) don leabhar Beo go Deo. Tá sé bunaithe ar scéal na dTrí Rí, Caspar, Meilcíor agus Baltasar.Tá PDF maisithe de na focail curtha ar fáil chomh maith.

Réalt Gheal in sa Spéir
Focail ar PDF
 
Cluineadh Ceoil - Focail ar PDF
Éist Leis an bhFuaim le Múinteoir Daithí
 
Amhráin eile don Nollaig
Leabhrán Dathúcháin don Nollaig 1
Leabhrán Dathúcháin don Nollaig 2

Féach thuas! Leabhráin Dhathúcháin don Nollaig, Bainigí spraoi astu!

 

Folúntas: Speisialtóir Luathbhlianta le Gaeloideachas

Tá Gaeloideachas ag lorg duine le tuiscint agus taithí ar earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge don ról nua seo. Post lánaimseartha atá ann, le conradh bliana.

An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meánlae, 3 Eanáir 2025 ar ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Tá gach eolas faoin bpost ar fáil ag an nasc thíos:

Folúntas : Speisialtóir Luathbhlianta le Gaeloideachas
 

Coinnigh leis an stocaireacht ................ (T)

A phríomhoidí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí, tá na vótaí caite agus tá teachtaí na bpáirtithe mór & beag chomh maith le néamhspleáigh i mbun comhráití féachaint le rialtas a chruthú. Tá am fós le dhul i bhfeidhm ar pé lucht aitheantais atá agaibh i measc na dteachtaí tofa maidir le héilimh na hearnála Gaeltachta & Lán-Ghaeilge :

  • aitheantas do na naíonraí san Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge,
  • liúntas a íoc leis na múinteoirí atá ag teagasc trí Ghaeilge,
  • scoileanna/coláistí lán-Ghaeilge nua a bhunú sna háiteanna a bhfuil éileamh orthu,
  • cur le soláthar múinteoirí atá oilte le múineadh trí Ghaeilge,
  • cothromaíocht a chinntiú  sa soláthar acmhainní agus tacaíochtaí don earnáil Lán-Ghaeilge ach go háirithe sa réimse RSO,
  • córas na ndíolúintí a chur ina cheart.

Tá na héilimh seo léirithe go beacht sa mbileog stocaireachta thíos a d’eisigh Gaeloideachas roimh an toghcháin.

Má tá aithne agaibh ar theachtaí dála a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na comhráití chun rialtas nua a bhunú, cuir an bhileog seo ina gcuid lámha le go gcuirfear éilimh earnáil an ghaeloideachais ar chlár an rialtais nua.

Príomhthosaíochtaí don Oideachas Lán-Ghaeilge
 

Greannáin Bhuacacha:  Comórtais Ghreannán Oireachtas na Gaeilge 2024

Tá na comórtais seo eagraithe do na Bunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Tá Gaeloideachas rí-bhródúil as maoiniú a dhéanamh ar na comórtais do dhaltaí scoile ó Rang 3  bunscoile go Bliain 6 san iar-bhunscoil. Seo thíos na greannáin bhuacacha ó ranganna 3,4,5,6 lán le samhlaíocht agus cumas ealaíne. Nár laga Dia sibh a bhuaiteoirí óga!

Buaiteoirí Chomórtais Greannán Ranganna 3,4,5,6
 

40 Bliain ag Fás - Gaelscoil Uí Riada

 
 
 

Comhghairdeachas ó chroí agus go mba fada buan iad pobal Ghaelscoil Uí Riada, Baile an Easpaig, Corcaigh a rinne ceiliúradh ar 18 Deireadh Fómhair 2024 ar chothrom an lae ar bunaíodh an scoil i 1984. Bhí bunaitheoirí na scoile i láthair agus roinn siad stair na scoile ar gach a raibh i láthair. Bhí an chéad phríomhoide Máire Bn. Uí Shé ina dteannta chomh maith leis na príomhoidí eile a tháinig ina diaidh, Aindí O Maolanfaidh (éirithe as) agus príomhoide reatha na scoile, Breanndán Ó Gréilligh. Cóiríodh seomra ranga amháin mar iarsmalann  agus seomra eile ina bhialann i dtreo's go raibh seans ag gach éinne dul siar ar bhóithrín na smaointe!  Idir chainteanna, ceol, rannaireacht agus amhránaíocht ó na leanaí bhí lá iontach ag gach éinne. (eolas ó Nóirín Nic Criomhthain, Príomhoide Cúnta)

Seo thíos físeán a rinne Molscéal don ócáid:

40 Bliain - Gaelscoil Uí Riada
 

Fógraí

 

Mo Shaol, Do Shaol

Tá an comhlacht teilifíse Macalla ag lorg páistí do shraith 4 den chlár Mo Shaol, Do Shaol do TG4.  Tá siad ag lorg páistí le Gaeilge mhaith, idir 8-13 bliain d’aois, a bhfuil cúlraí cultúrtha agus eitneacha éagsúla acu le páirt a ghlacadh sa tsraith.  

 macallapaisti@gmail.com

 

Tá féiríní de gach cineál ar fáil ag www.siopaudar.ie
Beidh siad ag seoladh orduithe
suas go dtí 18 Nollaig !

 

Leabhar Nua ó Na Weatherbies :

Gearóid Gaoth agus a Lá Breithe

Tá Gearóid Gaoth an-ghnóthach, ag obair ar Fheirm na Gaoithe ar fad. Inniu lá breithe Ghearóid, agus tá cóisir rúnda le bheith ann.

Na Weatherbies
 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas   an Bhunleibhéil

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Físeáin Bunaithe ar an mBunleibhéal

 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
Preferences  |  Unsubscribe