8 Bealtaine 2024Scéalta /Eolas do ThuismitheoiríD'fhéadfadh cuid de na scéalta/míreanna eolais sa nuachtlitir seo a bheith ábharthach le roinnt ar thuismitheoirí na scoile tríd iad a chóipeáil isteach in bhur nuachtlitir scoile nó tríd an mhír a sheoladh chucu i ríomhphost. Tá fáilte romhaibh na scéalta/míreanna sin a roghnú ach mar spreagadh tá an siombal (T) curtha againn le teideal na scéalta/míreanna eolais a mheasann muid go mbeadh suim ag tuismitheoirí iontu.San eagrán seo:
"An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn" Tá Lá Bealtaine caite agus muid istigh i seasúr an tSamhraidh - aimsir bhreá (tá súil againn), laethanta saoire ón scoil, laethanta fada ar an trá, picnicí, féilte agus go leor eile. Tá leathanach iomlán cruthaithe ag Gaeloideachas ar www.gaeloideachas.ie ar a bhfuil áiseanna ó fhoinsí éagsúla dírithe ar an Samhradh. Tá amhráin, dánta, físeáin, bileoga oibre, altanna agus eolas ar fáil ann agus tá sé feiliúnach don seomra ranga agus don bhaile. Féach thíos: Sábháil an Dáta Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 22 Samhain 2024. Táimid ag obair ar chlár an lae, a bheidh spreagúil agus leathan, mar a bhíonn i gcónaí. Molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Féach Thíos:
Súil Siar - Bláthú 2024
Grianghraf: Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas; Dr Fiona McCaffrey, Ceannasaí Taighde agus Forbartha, Ionad Uathachais Middletown; Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas agus Eagraí Bláthú. ************************ D'éirigh thar cionn le Bláthú 2024, an Tionól Riachtanais Speisialta Oideachais a d'eagraigh Gaeloideachas ar 17 Aibreán 2024 in Óstán Athlone Springs dírithe ar thacaíochtaí do pháistí sa chóras oideachais lán-Ghaeilge/Gaeltachta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar chuid de chlár spreagúil an lae bhí seisiúin dírithe ar mhúinteoirí ag an trí leibhéal - naíonra, bunleibhéal & iar-bhunleibhéal, chun tacú lena gcuid daltaí le RSO. D’fhreagair ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón gCNOS (NCSE), agus ó SNSO (NEPS) ceisteanna ó mhúinteoirí ar maidin agus bhí ceardlanna ar siúl i rith an lae – painéal dírithe ar an néara-éagsúlacht ina measc.Sheol Gaeloideachas acmhainní nua i nGaeilge a forbraíodh i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism, Treoir Tacaíochta don Uathachas: Acmhainn d’Oideoirí ag Tacú le Foghlaimeoirí Uathacha san Oideachas Lán-Ghaeilge ina measc. “Ba mhaith liom tréaslú le Gaeloideachas as a gcuid oibre agus iad ag tacú le riachtanais mhúinteoirí i suíomhanna lán-Ghaeilge a bhfuil daltaí uathacha acu,” a deir an Dr Fiona McCaffrey, Ceannasaí Taighde agus Forbartha, Ionad Uathachais Middletown. “Cuireann an acmhainn seo, a forbraíodh mar chomhthionscadal idir Middletown agus Gaeloideachas, béim ar an tábhacht a bhaineann le bealach néaraidhearfach agus láidreacht-dhírithe le tacú le daltaí sa chóras oideachais lán-Ghaeilge.” Tá an acmhainn nuasheolta ar fáil thíos. Ba mhaith le Gaeloideachas buíochas a ghlacadh le gach duine a d'fhreastal ar Bláthú 2024 agus tá muid ag súil go mór sibh a fheiceáil ag Bláthú 2025. Ráiteas thar ceann Gaeloideachas ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 24 Aibreán 2024, thug Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí Gaeloideachas, ráiteas cuimsitheach thar ceann Gaeloideachas. Sa ráiteas chlúdaigh sí na ceisteanna seo leanas:
Thagair Claire don chomhairliúchán poiblí don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge agus an deis atá ag an Roinn Oideachais sa pholasaí nua réiteach a fháil ar na ceisteanna thuas. Tá ráiteas iomlán Gaeloideachas ar fáil thíos chomh maith le taifead iomlán de sheisiún na Comhchoiste Dála ar an 24 Aibreán: 25 Bliain ag Fás - Gaelscoil Phortlaoise Rinne Gaelscoil Phortlaoise ceiliúradh ar chúig bhliain is fiche ar an bhfód i Márta na bliana seo. Bunaíodh an scoil i dtús na scoilbhliana 98/99. Seo mar a chuir Crios Hickson, Príomhoide Cúnta i nGaelscoil Phortlaoise síos ar an gceiliúradh - “Bhí ceolchoirm againn le daltaí na scoile, eagraíodh lá na nóchaidí ina raibh taispeántas de stíl agus fearas na nóchaidí ó pháistí agus baill foirne. Ghlac gach duine sa scoil páirt i 25 ollmhór a dhéanamh ar an gclós, agus ba phribhléid dúinn gur tháinig John Spillane chun dhá cheolchoirm a dhéanamh linn ar an Déardaoin 21 Márta. Seachtain den scoth a bhí ann agus le cúnamh Dé, bheidh a leithéid de sheachtain againn arís nuair a shroichimid an leath chéad!” Comhghairdeachas le Gaelscoil Phortlaoise agus go maire sibh an céad agus níos faide! Tuilleadh grianghraif thíos: Acmhainní Ag ullmhú don Ghaelscoil 2024 Seo seimineár 45 nóiméad do thuismitheoirí a mbeidh a bpáistí ag tosú sa Ghaelscoil i mbliana. Is iad Póla Ní Chinnsealaigh (Príomhoide) & Clíona Ní Dhúshláine(Leas-Phríomhoide) Gaelscoil Ruairí, Cill Dara a rinne an cur i láthair. Is trí Bhéarla a heagraíodh an seimineár, le roinnt Gaeilge. An Fáinne Folláine - Tabhair aire duit féin! Seo ceardlann a tugadh ag Tionól Forbartha Gaeloideachas 2024. Díríonn an t-áisitheoir, Bairbre de Barra, ar straitéisí praiticiúla chun tacú leis an bhfoireann bunscoile cúram a dhéanamh dá bhféin-aire. Fógraí Do Bhoird Bhainistíochta & Príomhoidí - Sraith Oiliúna Tá an Foras Pátrúnachta ag leanúint lena sraith oiliúna ar líne do bhoird bhainistíochta agus do phríomhoidí. Tá cheithre sheisiún fanta idir seo agus an 29 Bealtaine. Féach thall! Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas an BhunleibhéilFíseáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. |