Acmhainní praiticiúla is eolas tabhachtach ar RSO

Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag socrú isteach go maith sa téarma nua seo agus go raibh briseadh deas agaibh le linn an tsamhraidh.

Seo an chéad eagrán dár nuachtlitir ar riachtanais speisialta oideachais an téarma seo. Roinnfear eolas maidir le hacmhainní praiticiúla ann, eolas cabhrach do thuismitheoirí, deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí agus go leor eile!

Litir chumachtach san Irish Times

Sir, – Last Thursday my eight- year-old autistic daughter returned to school calm and positive. For the first time there was no begging or pleading with us to stay home, and no attempts to convince us we had the wrong month.

The beginning of primary school was tough for her but last January she moved to a Gaelscoil and it has been a game-changer.

At the Gaelscoil my daughter is told – not through slogans on walls but in every interaction – that she belongs. This may sound obvious but when you’ve experienced the opposite you understand how radical and powerful it is. Belonging creates safety, and safety unlocks learning. It means the environment reflects you, rather than being something imposed on you. Everything about you is embraced, including distressing behaviours that are recognised as communication and clues to an unmet need. Instead of judgment, the staff respond with curiosity, creativity and teamwork, sometimes bringing in outside experts, always working to understand rather than exclude.

I wish every policymaker in education could have witnessed my daughter’s support needs reduce dramatically and almost immediately. We hear the term “complex needs” all the time in education but she is living proof that it is the environment and culture that make things complicated.

The daily practice of belonging, respect, flexibility and curiosity benefits everyone. I’ve been struck by the kindness and maturity of the older pupils, who reflect the culture they have grown up in. For my daughter, this has transformed school from a place of fear to one of safety, joy and growth. She may have won the lottery finding this school, but inclusion should not be a lottery. It should be the very least every child can expect at school. –

Yours, etc,

LUCINDA MURRIHY

Foilsíodh an litir chumhachtach seo ag tús na scoilbhliana. Guíonn muid gach rath ar an gcailín óg seo agus gach páiste agus duine óg atá inár gcóras. Treisíonn an litir arís an tábhacht a bhaineann le naíonraí is scoileanna ionchuimsitheacha a bheith oscailte is solúbtha ina gcur chuige ag plé le páistí agus daoine néara-éagsúla agus an timpeallacht a chur in oiriúint dá riachtanais. 

Chuir an Dr Sue Fletcher-Watson béim ar na teachtaireachtaí céanna seo ina hagallamh ar RTÉ le deireanaí chomh maith. Is féidir éisteacht léi anseo.

Tá teacht ar bhunlitir Lucinda Murrihy san Irish Times anseo.

 
 

Ráiteas láidir ón Aire Moynihan

“If a special class is opening in a school taught through the medium of Irish, that class should be taught through the medium of Irish. That is clearly understood, certainly by me, and it should be understood by everybody”. 

Seo an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit Michael Moynihan, Aire Stáit ag an Roinn Oideachais agus Óige, atá freagrach as oideachas speisialta agus ionchuimsiú, le gairid ar cheist ón Teachta Dála, Sorca Clarke. Bhí an Teachta Clarke ag ceistiú moladh ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta a tugadh do scoil lán-Ghaeilge gur chóir go mbeadh an rang uathachais sa scoil ag feidhmiú trí Bhéarla.

Tá an cheist seo ardaithe ag Gaeloideachas le blianta beaga anuas leis an Roinn, leis an CNOS, agus leis an Aire Moynihan agus leis an Aire Oideachais, Helen Mc Entee féin. Míníodh an géarghá agus an tábhacht a bhaineann le treoir shoiléir a bheith eisithe ina leith.

Léigh an plé iomlán sa Dáil idir an tAire Moynihan agus Sorca Clarke, T.D. anseo

 
 
 

Fógra tábhachtach do thuismitheoirí: 

An chéad chéim do shocrúchán do linbh i Scoil Speisialta nó Rang Speisialta in 2026

An bhfuil spás á lorg agat do do pháiste i rang uathachais nó scoil speisialta do Mheán Fómhair 2026? Tá córas agus foirm faoi leith ag an CNOS (NCSE) darb ainm Parents Notify leis seo a chur in iúl dóibh.

Déanfaidh an CNOS athbhreithniú ar an eolas tar éis duit an fhoirm a sheoladh. Má shásaíonn na tuairiscí na critéir, gheobhaidh tú litir cháilitheachta, a theastaíonn nuair a chuireann tú isteach ar shocrúchán i Rang Speisialta nó i Scoil Speisialta. Má tá litir cháilitheachta agat cheana féin, ní gá duit an fhoirm a líonadh. Déan teagmháil le d’eagraí riachtanais speisialta oideachais (SENO) chun litir cháilitheachta nuashonraithe a fháil. Mura bhfuil tú cinnte an gá duit an fhoirm a líonadh, déan teagmháil le do SENO áitiúil.

Spriocdháta: 1 Deireadh Fómhair 2025

Breis eolais anseo

 
 

Foilsiú na Tuarascála ar an Athbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, 2004 (EPSEN)

Tá áthas ar Gaeloideachas gur foilsíodh an tAthbhreithniú ar an Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (EPSEN), 2004 le linn an tsamhraidh. Tá súil againn go dtabharfar éisteacht agus aird ar mholtaí Gaeloideachas agus na moltaí á ngníomhú.

Tá muid dóchasach go gcuirfear leis na seirbhísí tacaíochta agus acmhainní atá ar fáil do pháistí sa gcóras lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chabhródh leo bláthú agus barr a gcumais a bhaint amach. Tá os cionn 50 moladh san Athbhreithniú ina iomláine le córas níos ionchuimsithí oideachais a chinntiú.

Ceann de na príomhmholtaí a dhéantar ann ná:

tógáil ar na céimeanna atá á nglacadh i dtaca leis an nGaeilge i gcomhthéacs leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, ionas gur féidir tacaíocht a thabhairt dóibh trí mheán na Gaeilge.

I measc na moltaí eile don oideachas lán-Ghaeilge, áirítear:

  • Ba chóir go mbeadh oiliúint agus forbairt chuimsitheach ghairmiúil maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge do mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta Oideachais (CRSanna).
  • Ba chóir tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun rochtain a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ag teastáil uathu gan baint dá gcuid foghlama as Gaeilge, go háirithe dóibh siúd atá ag aistriú ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge.
  • Ba chóir méadú a dhéanamh ar an Soláthar do chuidiú saincheaptha agus acmhainní do scoileanna lán-Ghaeilge tríd an CNSO.
  • Ba chóir feabhas a chur ar rochtain na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar áiteanna i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí.     
  • Nuair is féidir, ba chóir go mbeadh ábhair tástála dhiagnóiseacha agus chaighdeánaithe go sonrach as Gaeilge, seachas a bheith ag brath ar leaganacha Béarla.
Léigh an tuarascáil iomlán
 

Tuarascáil fhócasghrúpaí na scoileanna lán-Ghaeilge

Dúirt beagnach na scoláirí ar fad a bhí rannpháirteach i bhfócasghrúpaí na scoileanna lán-Ghaeilge gur thaitin sé leo a bheith ag foghlaim as Gaeilge, agus ag an am céanna bhí líon beag scoláirí a thuairiscigh nach raibh aon dearcadh acu ina leith i ndáiríre. I scoil amháin, thug scoláirí faoi deara gur chabhraigh an fhoghlaim trí Ghaeilge leo teangacha eile a fhoghlaim.

Tá moltaí Fhócasghrúpaí na Scoileanna lán-Gaeilge ina raibh 45 scoláire páirteach le fáil ag an nasc thíos.

Léigh Tuarascáil na bhFócasghrúpaí Gaeilge
 

Athbhreithniú ar Leithdháileadh Cúntóirí RSO

Déanfaidh an Chomhairle Náisiúnta umn Oideachas Speisialta athbhreithnithe CRS le linn scoilbhliain 2025/26 faoi théarmaí Chiorcláin 0032/2025.

Scrúdú iomlánaíoch a bheidh sna hathbhreithnithe ar na riachtanais chúraim i ngach suíomh laistigh de chontanam an tsoláthair i scoil lena chinntiú go leithdháiltear CRSanna ar scoileanna ina bhfuil scoláirí a bhfuil na riachtanais shuntasacha chúraim is airde acu.

Tá an CNOS ag díriú ar athbhreithnithe CRS ar dhá phríomhchúis:

  1. Lena chinntiú go bhfuil aon athruithe féideartha ar phoist CRS i scoil á gcur in iúl chomh luath agus is féidir chun ligean do scoileanna pleanáil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach do scoilbhliain 2026/27.
  2. Chun tacú le tabhairt isteach tosaigh scéim ath-imlonnaithe CRS 

Is féidir iarratas a chur isteach ar athbhreithniú idir an 15ú Mean Fómhair agus an 24ú Deireadh Fómhair.

Tá gach eolas agus na cáipeisí cuí ar fail ar shuíomh CNOS anseo. Ag an bpointe seo, níl aon chuid de seo ar fáil i nGaeilge agus tá sé seo ardaithe ag Gaeloideachas leo.

 
 

An úsáideann tú na téarmaí Aonad, Aonad Uathachais, nó Aonad um Neamhord Speictream an Uathachais?

An bhfuil rang uathachais i do scoil? Cén t-ainm a thugtar ar an rang? Tá an teanga a úsáideann pobal na scoile le caint faoi néara-éagsúlacht, faoin uathachas agus faoin rang an-tábhachtach. An Cuan a thugtar ar an rang uathachais i nGaelscoil Bhaile Brigín, Rang na Réaltaí atá acu i Scoil Oilibhéir, agus Rang Lir a thugtar ar an rang i gColáiste Ghlór na Mara.

I dtreoracha agus páipéir comhairle eisithe ag Neurodiversity Ireland, AsIAm, agus Údarás Náisiúnta Míchumais, moltar gan  na téarmaí “aonad” nó “aonad um Neamhord Speictream an Uathachais” a úsáid agus gurbh fhearr i bhfad “rang uathachais” a úsáid. Mínítear go dtugann an téarma “aonad” suíomh leighis nó cliniciúil le fios. Seo thíos roinnt acmhainní úsáideacha má tá treoir bhreise ag teastáil maidir le teanga ionchuimsitheach.

Páipéar Comhairle ó ÚNM maidir le Teanga agus Téarmaíocht Míchumais (Gaeilge)
Comhairle ó AsIAm: Teanga agus Íomhánna an Uathachais
Treoirleabhar Teanga ó AsIAm: Ag caint faoin Uathachas
 

Riachtanais Speisialta Oideachais nó Riachtanais Bhreise Oideachais?

Mar chuid d'Athbhreithniú EPESEN, moltar iniúchadh a dhéanamh ar ainm na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) le féachaint an mbeadh sé níos oirúnaí "riachtanais bhreise" a úsáid seachas "riachtanais speisialta".

Tá an-tábhacht ag baint leis an teanga, na focail agus an téarmeolaíocht, a úsaideann muid le caint faoi riachtanais tacaíochta pháistí is dhaoine óga. De réir tuairimí na bhfreagróirí a ghlac páirt in Athbhreithniú EPSEN, seo a leanas a tháinig chun cinn.

Roghnaigh beagnach na grúpaí páirtithe leasmhara ar fad ‘riachtanais bhreise oideachais’ mar an rogha is fearr leo seachas ‘riachtanais speisialta oideachais’ mar a bhí tugtha in Athbhreithniú EPSEN. Ba lú dóchúlachta go roghnódh scoláirí a rogha seo, ní toisc gurbh fhearr leo téarma eile ach mar go ndúirt an chuid is mó díobh ‘ní dhéanann sé mórán difríochta domsa’. Bhí fíorbheagán i ngrúpaí páirtithe leasmhara eile a roghnaigh ceann amháin de na roghanna ‘Míchumas foghlama’, ach roghnaigh fiche faoin gcéad de na scoláirí í.

Moladh gur chóir féachaint ar an téarma “breise” a chur in áit an téarma “speisialta”, mar gur tháinig sé seo chun cinn mar an rogha téarma.

Tá sé i gceist ag Gaeloideachas féin athmhacnhamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an téarmeolaíocht agus teanga atá in úsáid againn féin bunaithe ar na moltaí seo. 

 
 

Abhcóideacht, Cruinnithe agus Éilimh

ar bhur son

Cruinniú leis an Aire Michael Moynihan

Bhí Gaeloideachas an-sásta cruinniú a bheith againn leis an Aire Moynihan, Aire Stáit ag an Roinn Oideachais agus Óige atá freagrach as oideachas speisialta agus ionchuimsiú, agus oifigigh eile de chuid na Roinne i mí an Mheithimh. Seo roinnt de na réimsí a pléadh lena linn:

Soláthar

  • soláthar cuí i gceantar áitiúil an pháiste le nach mbeidh achar fada taistil i gceist
  • easpa foirne le Gaeilge le tacú le páistí faoin scéim AIM ag leibhéal an naíonra
  • easpa ranganna uathachais ag leibhéal na hiar-bhunscoile

Ceist na Díolúintí

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

  • Easpa oiliúna/traenála cuí do chúntóirí RSO sa suíomh tumoideachais
  • Easpa modúl/cúrsaí a thógann an suíomh uathúil tumoideachais/Gaeltachta san áireamh

Easpa daoine proifisiúnta le hinniúlacht sa Ghaeilge le tacaíochtaí cuí, teiripe, etc. a chur ar fáil trí Ghaeilge

  • An gá le feachtas ardaithe feasachta i measc daoine profisiúnta

Acmhainní

  • an géarghá le hacmhainní a oiriúnú don chomhthéacs lán-Ghaeilge agus riachtanais uathúla na bpáistí seachas aistriúchán lom a dhéanamh orthu
  • easpa clár, idirghabhálacha, treoirlínte, acmhainní, measúnuithe a thógann riachtanais an tsuímh lán-Ghaeilge san áireamh

Leithdháileadh Oideachais Speisialta/Tacaíochta Foghlama

  • Tacaíocht foghlama ag teastáil sa mBéarla, Gaeilge agus Mata
  • Ceist na gcúntóirí teanga lasmuigh den Ghaeltacht
  • Cúntóirí teanga agus tacaíochtaí don Ghaeilge is don Bhéarla mar theanga bhreise

Teanga oibre ranganna uathachais

  • Easpa treoirlínte
  • An tábhacht leis an nGaeilge a bheith in úsáid sna ranganna le go mbeidh páistí agus daoine óga in ann páirt a ghlacadh i saol iomlán na scoile

Cruinniú leis an Aire Oideachais Helen McEntee

Bhí cruinniú an-fhiúntach ag Gaeloideachas leis an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, le déanaí. Rinneadh an-phlé ar cheist na ndíolúintí lena linn agus an dochar atá á dhéanamh ag an gcóras reatha. Labhraíodh faoin gcultúr a chothaíonn córas na ndíolúintí agus é á chur in iúl go bhfuil an Ghaeilge deacair agus nach bhfuil páistí a bhfuil disléicse orthu nó páistí le riachtanais speisialta in ann í a fhoghlaim. Roinn an tOllamh Pádraig Ó Duibhir go leor staitisticí lena linn, go háirithe mar a bhaineann le fás líon na ndíolúintí, agus nach bhfuil a leithéid de chóras ar fáil i dtíortha eile. Leagadh béim ar an imní atá ar na heagraíochtaí éagsúla maidir le córas na ndíolúintí agus an gá le hathbhreithniú a dhéanamh air.

Ar ndóigh, is é an disléicse an difríocht foghlama is mó atá ag scoláirí sna scoileanna lán-Ghaeilge agus iad ag léiriú gach lá gur féidir leo Gaeilge a shealbhú agus a labhairt, agus go bhfuil buntáistí ag baint leis an dátheangachas dóibh. Seachas an deis seo a bheith á ceilt ar pháistí is daoine óga, ní mór smaoineamh ar na bealaí a bhféadfaí tacú leo an teanga a shealbhú ag leibhéal cuí agus conas an timpeallacht foghlama a chur in oiriúint dóibh le bláthú.

Táimid fíorbhuíoch den Aire as an bplé agus tá muid ag súil le bheith ag obair léi ar son na teanga, na bpáistí, agus an tumoideachais.

 
 
 

Acmhainní agus scéalta eile ar Riachtanais Speisialta Oideachais 

 

Acmhainní Gaeloideachas do pháistí agus dhaoine óga uathacha

Ag tús na bliana nua, ba mhaith linn a mheabhrú daoibh faoin méid mór acmhainní atá againn chun tacú le páistí is daoine óga uathacha atá ag freastal ar an oideachas lán-Ghaeilge ó leibhéal an naíonra suas. Ag an bpointe seo, tá os cionn 60 acmhainn aistrithe go Gaeilge ag Gaeloideachas i gcomhpháirt le AsIAm agus Middletown Centre for Autism.

Is féidir teacht ar gach acmhainn ar Leathanach Eolais an Uathachais ar shuíomh Gaeloideachas anseo. 

Seo cuid de na hacmhainní is usáidí do thús na bliana:

  • Treoir Tacaíochta don Uathachas: Acmhainn d’Oideoirí ag Tacú le Foghlaimeoirí Uathacha san Oideachas Lán-Ghaeilge
  • Acmhainní Luathbhlianta
  • Acmhainní do ranganna uathachais
 

Tacaíocht Ionscoile Oide do Bhunscoileanna

Cuireann Oide tacaíocht ionscoile ar fáil do bhunscoileanna le linn agus tar éis uaireanta scoile i réimsí tosaíochtaí éagsúla. Bíonn siad:

  • Ag obair le ceannairí scoile   
  • Ag obair le foirne iomlána (2 uair an chloig ar a laghad)   
  • Ag obair le grúpaí múinteoirí   

I measc na roghanna bunscoile do 2025-2026, tá an t-ionchuimsiú trí chomhtheagasc. Tá gach eolas ar fáil anseo.

 

Sraith nua leabhar don léitheoir drogallach ar fáil ón Áisaonad 

Tá ocht leabhar úr nua atá ar ardleibhéal spéise ach leibhéal níos ísle léitheoireachta iontu ar fáil anois ón Áisaonad. Tá na leabhair seo dírithe ar dhaltaí ag deireadh R4-6 ( EC2 agus ag tús ag EC3 ó thuaidh) le freastal a dhéanamh ar léitheoirí nach fonn leo bheith ag léamh go hiondúil. Tá idir leabhair eolais agus scéalta san áireamh sa tsraith seo.

Breis eolais anseo.

 

Bileog eolais faoi Neamhord Forbartha Teanga (DLD) 

An bhfuil páistí i do naíonra nó i do rangsa a bhfuil Neamhord Forbartha Teanga (NFT) orthu? Bíonn Neamhord Forbartha Teanga ar leanbh nó ar dhuine fásta nuair a bhíonn deacrachtaí suntasacha labhartha acu agus/nó deacrachtaí acu ag tuiscint teanga.

An raibh na nithe seo ar eolas agat?

  • Cuireann NFT as do timpeall beirt leanaí as gach rang.
  • Cruthaíonn sé baic don chumarsáid ar scoil agus sa saol laethúil.
  • Méadaítear an riosca go mbeadh gnóthachtáil acadúil níos ísle ann.
  • Má fhaightear an tacaíocht chuí ó ghairmithe, teiripeoirí urlabhra agus teanga, agus múinteoirí, áfach, is féidir leis difríocht mhór a dhéanamh.

Is féidir breis a fhoghlaim faoi NFT sa mbileog eolais seo

 

Cártaí mothúcháin ar an Tairseach

Seo luaschártaí gur féidir a úsáid le páistí agus daoine óga chun mothúcháin a mhúineadh dóibh nó plé a dhéanamh ar mhothúcháin. Is féidir iad a úsáid mar mhodh múinteoireachta nó le tabhairt do leanaí chun gur féidir leo na mothúcháin a léiriú duit. 

Tá teacht ar na cártaí anseo 

 

Acmhainní ón gCNOS

An bhfuil cur amach agat ar na hacmhainní seo atá ar fáil i nGaeilge ón gCNOS?

Tacaíochtaí Áiseanna Amhairc laistigh de Thimpeallacht Foghlama Ionchuimsitheach

San acmhainn seo, tá eolas, straitéisí agus acmhainní chun cabhrú le múinteoirí acmhainní amhairc a úsáid chun tacú le cumarsáid agus le rannpháirtíocht scoláirí ar scoil. Pléitear cén fáth a bhfuil áiseanna amhairc tábhachtach, cineálacha éagsúla áiseanna, agus cur chuige uile scoile ina leith.

 

Spásanna Céadfacha i Scoileanna

Sa leabhrán seo, roinntear eolas agus comhairle maidir le próiseáil chéadfach agus conas leas a bhaint as spásanna céadfacha chun tacú le scoláirí. 

 

Timpeallacht Fhisiciúil an tSeomra Ranga: Spásanna Uilíocha Foghlama a Chruthú (Bunscoil & Iar-bhunscoil)

Tá an leabhrán seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile mar áis mhachnaimh dóibh le smaoineamh ar thimpeallacht fhisiciúil a seomra ranga agus conas ar féidir athruithe a dhéanamh chun tacú le gach scoláire foghlaim.  Spreagtar múinteoirí smaoineamh ar na nithe seo thíos:

  • na rudaí a bhfuil ag éirí go maith leo cheana féin sa seomra ranga
  • conas athbhreithniú a dhéanamh ar an réimse straitéisí praiticiúla, bunaithe ar straitéisí fianisebhunaithe.
  • conas cuid de na moltaí a chur i bhfeidhm ar thimpeallacht an tseomra ranga.
  • machnamh ar bhonn aonair agus leis na scoláirí ar na hathruithe, agus oiriúnú dóibh, faoi mar is gá. 
 

Uirlis Scagtha Chéadfaigh Seomra Ranga

Seo uirlis bheag phraiticiúil gur féidir a úsáid le hathmhachnamh a dhéanamh ar an timpeallacht chéadfaí atá i do sheomra ranga agus dea-chleachtais a bhféadfaí a chur i bhfeidhm le cúrsaí a fheabhsú ag brath ar an spás agus na scoláirí atá os do chomhair.

 
 

Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim

Is é is sprioc leis an Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL) ná gníomhaireacht foghlaimeora a chothú atá cuspóireach agus machnamhach, seiftiúil agus barántúil, straitéiseach agus dírithe ar ghníomhaíocht.

Ag an nasc thíos, is féidir teacht ar threoirlínte CAST a chabhraíonn le cinntiú go bhfuil gach foghlaimeoir in ann a bheith rannpháirteach agus rochtain a bheith acu ar dheiseanna fiúntacha, dúshlánacha, foghlama.

Is féidir le múinteoirí, tuismitheoirí, taighdeoirí agus eile leas a bhaint as an gcreat seo. Breis eolais anseo. 

 

Bealaí simplí le haireachas a chleachtadh le Katie McGreal, Solas Relaxation

Tá a fhios ag go leor daoine go gcabhraíonn aireachas linn má tá muid faoi strus nó má tá imní nó buaireamh orainn, ach conas ar féidir linn rud eile a chur ar ár liosta; tá i bhfad an iomarca le déanamh againn cheana féin!

Taispeánann an dialann Mo Leabhairín Beag Féin; Ag cruthú suaimhnis agus síochána sa bhaile agus ar scoil duit conas an t-aireachas a chleachtadh go héasca le do dhaltaí nó do pháistí. Ar gach leathanach den dialann, tá cleachtais shimplí le déanamh, le scríobh nó le tarraingt. Is cleachtais iad a chabhróidh le páistí mothú níos síochánta agus níos sona. Tá an dialann ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus tá na sonraí ar fad anseo.

Ach, b’fhéidir go bhfuil páistí i do shaol nach bhfuil suim dá laghad acu leathanaigh a líonadh isteach, léamh nó a bheith ciúin ar chor ar bith. Conas ar féidir leat cabhrú leo agus iad faoi strus nó trína chéile? Go simplí! Is féidir leat an anáil a dhéanamh níos spraíúla dóibh! Tá dísle análaithe adhmaid ar fáil anois a bhfuil sé ainmhí éagasúla le feiceáil air; eilifint, beach, éan, nathair nimhe, béar agus coinín.  Úsáideann an sé anáil éagsúla seo spraoi, craic agus fuaim ainmhithe le léiriú do pháistí go bhfuil spraoi agus craic ag baint le mothú níos síochánta freisin. Tá tuilleadh eolais faoin dísle ar fáil anseo.

Má tá ceist ar bith agat faoin aireachas, conas strus a laghdú nó faoi aon rud eile, déan teagmhail le Katie ag:  katie@solasrelaxation.com.

 

Spotsolas ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach 

Cúrsaí céadfaí á bplé ag Comhdháil na Luathbhlianta

Beidh Comhdháil Luathbhlianta Gaeloideachas ar siúl i nDánlann Ealaíne Chathair Luimneach ar an 18ú Deireadh Fómhair i mbliana. Cuirfear fáilte roimh mhúinteoirí ó naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht freastal ar an ócáid agus beidh deis acu líonrú lena cheile, freastal ar cheardlanna, agus dea-chleachtais, smaointe is acmhainní a mhalartú.

I mbliana, tá an-áthas orainn go mbeidh Bairbre Nic Fhlannchadha ó Naíonra na Leanaí, Co. an Chláir, linn le ceardlann phraiticiúil ar Cheardaíocht Chéadfach a éascú. Beidh samplaí praiticiúla de cheardaíocht á dtaispeáint ag Bairbre agus déanfar plé ar conas ar féidir freastal ar riachtanais gach páiste i mbealach ionchuimsitheach agus ceardaíocht ar bun.

Gach eolas agus clárúchán anseo.

 

Cúrsaí oiliúna ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Tá roinnt oiliúna trí mheán na Gaeilge ag teacht chun cinn leis an CNOS go luath. 

Tá an-áthas ar Gaeloideachas go bhfuil rogha bhreise ar fáil anois ar fhéilire na CNOS a léiríonn an fhorbairt ghairmiúil leanúnach uile atá ar fáil trí Ghaeilge. Is éileamh é seo a bhí ag Gaeloideachas le roinnt blianta anuas agus tá an-áthas orainn an dul chun cinn seo a fheiceáil.

Gach eolas ar fhéilire na CNOS anseo.

 

Comhdháil TeicnEOLAS 2025

Bhí deis ag roinnt ball foirne ó Gaeloideachas freastal ar chomdháil TeicnEOLAS de chuid an Áisaonaid i mBéal Feirste an mhí seo caite. Cé go raibh an chomhdháil dírithe ar acmhainní teicneolaíochta, roinneadh go leor moltaí is acmhainní úsáideacha chun tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu freisin.

Rinne Máire Uí Bhuadáin ó Bhunscoil Bheanna Boirche cur i láthair iontach ar an Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim, na cúiseanna é a chur i bhfeidhm agus acmhainí úsáideacha don seomra ranga. Féach ar a sleamhnáin anseo 

Bhí muid an-sásta freastal ar sheisiún Fhinola Nic Giolla Chatáin ó Ionad Uathachais Choillidh Chanannáin (Middletown) ar an Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim agus an t-uathachas. Roinn Finola go leor de na hacmhainní atá forbartha ag Gaeloideachas le Middletown ina cur i láthair agus bhí sé iontach cloisteáil conas leas a bhaint astu chun tacú le páistí is daoine óga uathacha. Tá teacht ar chur i láthair Fhinola anseo 

Tá na hacmhainní agus eolas uile ón gcomhdháil ar fáil ag an nasc thíos. Comhghairdeas lenár gcairde san Áisaonad as ócáid thairbheach thaitneamhach a chur ar fáil. Beidh muid ag súil leis an gcéad cheann eile!

Acmhainní ó TeicnEOLAS
 
 

Cúpla dáta le cur sa dialann:

Laethanta Feasachta ag teacht chun cinn

An eagraíonn do naíonra nó scoil aon ghníomhaíochtaí faoi leith le feasacht a ardú ar éagsúlacht, néara-éagsúlacht nó ionchuimsiú a cheiliúradh ar dhátaí faoi leith? Seo thíos roinnt dátaí mar spreagadh breise daoibh!

Mí Dheireadh Fómhair: Déantar ceiliúradh timpeall an domhain i mí Dheireadh Fómhair ar an Mí Feasachta i leith Disléicse.

6-12 Deireadh Fómhair: An tSeachtain Feasachta i leith Disléicse

8 Deireadh Fómhair: Lá Idirnáisiúnta an Disléicse

3 Nollaig: Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas

Tá roinnt acmhainní deasa a bhféadfaí a úsáid le Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas a phlé ag na naisc thíos:

LéighAnois.com

TG4 Foghlaim

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas | Newletters

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime.

Cláraigh Anseo | Subscribe Here

Físeáin Gaeloideachas

ar RSO

Físeáin dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais

Videos based on Special Educational Needs

 Físeáin RSO | SEN Videos 

 
https://linktr.ee/Gaeloideachas
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
Preferences  |  Unsubscribe