15 Márta 2024

Scéalta /Eolas do Thuismitheoirí

D'fhéadfadh cuid de na scéalta/míreanna eolais sa nuachtlitir seo a bheith ábharthach le roinnt ar thuismitheoirí na scoile tríd iad a chóipeáil isteach in bhur nuachtlitir scoile nó tríd an mhír a sheoladh chucu i ríomhphost. Tá fáilte romhaibh na scéalta/míreanna sin a roghnú ach mar spreagadh tá an siombal (T) curtha againn le teideal na scéalta/míreanna eolais a mheasann muid go mbeadh suim ag tuismitheoirí iontu.

San eagrán seo:

  • Cruinniú CGB
  • Bláthú - Tionól Riachtanais Speisialta Oideachais
  • Acmhainní (T)
  • Feachtas Liúntais - Tacaigh Linn!
  • Dréachtsonraíochtaí Churaclaim na Bunscoile (T)
  • Réamhthuairisc POLG (T)
  • Taighde - Iarratas ar Thuismitheoirí (T)

 

Beidh dhá imeacht thábhachtach de chuid Gaeloideachas ar bun ar an

gCéadaoin, 17 Aibreán, 2024  (9.15-15.00)

in

Óstán Athlone Springs,  Áth  Luain, Co. na hIarmhí:

Cruinniú Ginearálta Bliantúil  &

Bláthú 2024 -Tionól Riachtanais Speisialta Oideachais  

 

An Cruinniú Ginearálta Bliantúil

Má tá sé i gceist agat nó ag ionadaí do scoile freastal  is gá clarú chuige roimh  Aoine, 22 Márta. Is féidir clárú ANSEO

Eagraítear an CGB chun:

A. Tuairisciú ar obair na bliana do bhaill na heagraíochta (na naíonraí agus na scoileanna).

B. Baill Boird a fhaomhadh  do na hearnálacha seo:  

(1) Na Bunscoileanna Gaeltachta 

(2) Na Bunscoileanna Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht 

(3) na hIar-bhunscoileanna Gaeltachta & lán-Ghaeilge

C. Deis a thabhairt do na naíonraí/scoileanna a bhfuil ballraíocht acu rúin a mholadh : Treoraíonn na rúin seo clár oibre na heagraíochta, chun go mbeidh sí ag freastal ar riachtanais na mball.

Is féidir le gach naíonra/scoil le ballraíocht reatha 3 ionadaí a chur chuig an an gCruinniú Ginearálta Bliantúil. Is féidir do stádas ballraíochta a sheiceáil ANSEO

Ba cheart go mbeadh toscaireacht scoile comhdhéanta mar seo a leanas:

1.     Ionadaí amháin gur tuismitheoir reatha den scoil é no í.

2.     Ionadaí amháin gur oide sa scoil é nó í (áirítear príomhoide na scoile             ina measc).

3.     Ionadaí amháin roghnaithe astu siúd atá ar an mbord bainistíochta               mar ionadaí an phátrúin nó mar ionadaí an phobail.

Sa chás nach bhfuil ionadaí ar fáil ó cheann amháin den trí ghrúpa atá luaite thuas, féadfaidh an bord bainistíochta beirt ionadaí a ainmniú ó cheann den dá ghrúpa eile. Ní ceadmhach níos mó ná beirt as aon cheann de na grúpaí atá luaite thuas a ainmniú chun feidhmiú thar ceann an Bhoird mar chomhalta don Chruinniú Ginearálta Bliantúil. 

 

Bláthú 2024 -  An Tionól ar Riachtanais Speisialta Oideachais

Beidh Bláthú 2024, Tionól ar Riachtanais Speisialta Oideachais atá á reáchtáil ag Gaeloideachas le tacaíocht ó COGG, agus Cruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas ar siúl in Óstán Athlone Springs, Co. na hIarmhí, ar an 17 Aibreán 2024.  Tá súil againn go mbeidh ionadaíocht ó do scoil in ann a bheith linn.

Tá súil againn ócáid fhiúntach spreagúil a reachtáil do mhúinteoirí naíonra, bunscoile agus iar-bhunscoile ina:

  • roinnfear dea-chleachtais, smaointe agus leideanna praiticiúla le cur i bhfeidhm ina suíomhanna féin.
  • beidh pléphainéal ann le ceisteanna a fhreagairt  agus pléifear roinnt den taighde nua sa réimse seo.
  • seolfar acmhainní nua a forbraíodh i bpáirt le hIonad Uathachais Middletown ar an lá freisin.

Tabharfaidh an ócáid seo deis dúinn plé a dhéanamh ar na bealaí gur féidir linn tacú le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu barr a gcumais a bhaint amach sa chóras oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Lóistín
Tá roinnt seomraí codalta ar leataobh don ócáid san Athlone Springs. Caithfear iad a chur in áirithe roimh an 26ú Márta ar a dheireanaí. Moltar go láidir do dhaoine a bhfuil lóistín uathu seomra a chur in áirithe go pras. Is gá "Gaeloideachas" a lua agus tú ag cur do sheomra in áirithe.

Costas na hÓcáide 

Is féidir le gach scoil a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas suas go triúr a chur chuig Bláthú saor in aisce. Is féidir stádas ballraíochta  do scoil a sheiceáil anseo, nó nóta a chur chugainn ag eolas@gaeloideachas.ie agus deimhneoidh muid duit é.

Gan bhallraíocht, is táille €100 in aghaidh na heagraíochta a bheidh air, agus clúdaíonn sin suas go triúr.

An bhfuil ionadaíocht ar fáil?
Tá! De bharr gur oiliúint ghairmiúil atá i gceist, tá ionadaíocht ar fáil do Bláthú, An Tionól Tacaíochta, arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an imeacht ach ainm an mhúinteora a chlárú roimh ré le COGG (eolas@cogg.ie) agus éileamh a dhéanamh tríd an gcóras OLCS i ndiaidh an imeachta. Maidir le hionadaíocht do phríomhoidí atá ag teagasc is gá teagmháil a dhéanamh le COGG (eolas@cogg.ie) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.

Tuilleadh eolais & clárúchán ANSEO

Roinnfear clár níos mionsonraithe sna laethanta beaga amach romhainn agus na cainteoirí uile deimhnithe.

 
 

Acmhainní (T)

Nuacht Anois - Acmhainn dhigiteach do dhaltaí & do mhúinteoirí 

Seo ceardlann eile sa tsraith ó Tionól Forbartha Gaeloideachas 2023 á chur  i láthair ag Aingeal Nic an tSábhaisigh, An tÁisaonad. Sa cheardlann seo, léirítear na féidearthachtaí atá ar fáil leis an áis úrnua dhigiteach “Nuacht Anois” sa seomra ranga leis an Ghaeilge labhartha, léite agus scríofa a chur chun cinn i measc na ndaltaí trí réimse d’ábhair churaclaim. Is é Seosamh Ó Coinne an cathaoirleach a bhí ar an gceardlann.

 
Nuacht Anois - Acmhainn Dhigiteach do Dhaltaí & do Mhúinteoirí
 

Leabhrán Dathúcháin na Cásca

Ní túisce a bhfuiil Lá'l Pádraig caite ná go bhfuil an Cháisc ag teacht chugainn díreach coicís ina dhiaidh.

Seo áis álainn Cásca  ó Gaeloideachas do na páistí óga - Leabhrán Dathúcháin na Cásca. Bain taitneamh as!

Leabhrán Dathúcháin na Cásca
 

Amhrán Nua:

Seo amhrán curtha ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas:

" 'Ceol' arsa an tAsal "  

(Foinse: Ardaigh an Laiste www.oidhreacht.ie)

Tá PDF maisithe ar fáil thall freisin!

'Ceol' arsa an tAsal
PDF - 'Ceol' arsa an tAsal
 

An Mála Mór : Lascaine 50% dár mBaill

Is mór an trua é go bhfuil an chuideachta bheag An Mála Mór ag dúnadh. Tá siad ag díol amach a gcuid stoic agus is dea-scéala go bhfuil siad ar fad ar fáil ar lascaine 50% dár mbaill.

Is féidir libh ordú a chur isteach ar an suíomh (féach thall) nó le rphost chuig inquiries@malamor.ie agus an abairt 'Gaeloideachas - lascaine 50%' a chur mar nóta leis.

An Mála Mór
 

Feachtas Liúntais

Tacaigh Linn! Teastaíonn 1,500 síniú a fháil ar an achainí thíos:

Tá Gaeloideachas ag iarradh ar an Aire Oideachais an liúntas don teagasc trí Ghaeilge a thabhairt ar ais. Tá os cionn 1,300 againn faoi láthair!

Déan cinnte é a shíniú agus a roinnt:

 
Sínigh anseo chun an liúntas a fháil ar ais
 

Cuir do thuairim in iúl faoi Dhréachtsonraíochtaí Churaclam naBunscoile (T)

Tá tús curtha  ag an Chomhairle Náisiúnta Churaclaim & Measúnachta le comhairliúchán maidir le cúig Dhréachtsonraíocht a bhaineann le Curaclam na Bunscoile: 

  • Oideachas Ealaíon;
  • sna Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile
  • san Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI)
  • in Oideachais Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI)
  • Folláine.

Is féidir leat páirt a ghlacadh ann agus do chuidse a chur in iúl ar go leor bealaí. Féach thíos:

Comhairliúchán Bunscoile 2024
 

Réamhthuarisc ar an bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. (T)

Tá tuairisc foilsithe ag an Roinn Oideachais ina dtarraingítear le chéile na príomhthéamaí ón ‘saibhreas tuairimíochta’ a tháinig chun cinn i bhfreagraí ar an gceistneoir  a cuireadh amach mar chuid den chomhairliúchan poiblí ar an bPolasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is é SEALBHÚ, Ionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge a thiomsaigh an tuairisc.

Cuid de na príomhléargais a thugtar sa tuairisc ná: 

  • gur mhaith le breis is leath de thuismitheoirí go bhféadfadh a bpáistí freastal ar scoil lán-Ghaeilge.  
  • an easpa soláthar iar-bhunscoileanna trí Ghaeilge agus deacrachtaí ag daoine rochtain a fháil ar na cinn atá ann.
  • an príomhdhúshlán a haithníodh maidir le hoideachas lán-Ghaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil ná an easpa soláthair “múinteoirí cumasacha cáilithe le múineadh go héifeachtach trí Ghaeilge” agus “easpa acmhainní, idir ábhar teagaisc agus foirgnimh oiriúnacha.

Tá an tuairisc Gearrthuairisc ar fhreagraí an phobail ar an gceistneoir ar fáil thíos:

Gearrthuairisc ar fhreagraí an phobail ar an gceistneoir
 

Taighde (T)

(Bheadh muid buíoch dá roinnfeadh sibh an t-iarratas ar chúnamh thíos ar thuismitheoirí bhur scoil.)

Tá Aisling Nic Fhionnghaile i mbun staidéir ar an Máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá taighde feidhmeach ar  bun aici faoi láthair, dar teideal:

‘Cad iad na dea-chleachtais atá i bhfeidhm i nGaelscoileanna chun scileanna teanga daltaí ar ardchaighdeán Gaeilge a fheabhsú sna Naíonáin Shóisearacha?’

Is mian leí tuairimí agus taithí thuismitheoirí Gaelscoile atá ag labhairt Gaeilge sa bhaile a bhailiú. Bheifí ag súil go nglacfadh an cheistneoir timpeall ar 7 nóiméad le comhlánú. Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos:

Taighde:Cad iad na dea-chleachtais atá i bhfeidhim i nGaelscoileanna chun scileanna teanga daltaí ar ardchaighdeán Gaeilge a fheabhsú sna Naíonáin Shóisearacha?
 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Cláraigh Anseo

Físeáin Gaeloideachas   an Bhunleibhéil

Físeáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Físeáin Bunaithe ar an mBunleibhéal

 
Cé Muid?
 
FacebookTwitterYouTubeInstagramWebsite
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
Preferences  |  Unsubscribe