8 Bealtaine 2024Scéalta /Eolas do ThuismitheoiríD'fhéadfadh cuid de na scéalta/míreanna eolais sa nuachtlitir seo a bheith ábharthach le roinnt ar thuismitheoirí na scoile tríd iad a chóipeáil isteach in bhur nuachtlitir scoile nó tríd an mhír a sheoladh chucu i ríomhphost. Tá fáilte romhaibh na scéalta/míreanna sin a roghnú ach mar spreagadh tá an siombal (T) curtha againn le teideal na scéalta/míreanna eolais a mheasann muid go mbeadh suim ag tuismitheoirí iontu.San eagrán seo:
"An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn" Tá Lá Bealtaine caite agus muid istigh i seasúr an tSamhraidh - aimsir bhreá (tá súil againn), laethanta saoire ón scoil, laethanta fada ar an trá, picnicí, féilte agus go leor eile. Tá leathanach iomlán cruthaithe ag Gaeloideachas ar www.gaeloideachas.ie ar a bhfuil liosta acmhainní ó fhoinsí éagsúla dírithe ar an Samhradh. Tá réimse ábhar ann feiliúnach don Iar-bhunleibhéal - dánta, físeáin, bileoga oibre agus altanna ar fáil ann. Seo thíos cuid acu: Sábháil an Dáta Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2024 ar siúl in Óstán Slieve Russell, Contae an Chabháin, ar an 22 Samhain 2024. Táimid ag obair ar chlár an lae, a bheidh spreagúil agus leathan, mar a bhíonn i gcónaí. Molann muid go láidir do dhaoine lóistín a chur in áirithe chomh luath agus is féidir. Féach Thíos:
Súil Siar - Bláthú 2024
Grianghraf: Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas; Dr Fiona McCaffrey, Ceannasaí Taighde agus Forbartha, Ionad Uathachais Middletown; Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas agus Eagraí Bláthú. ************************ D'éirigh thar cionn le Bláthú 2024, an Tionól Riachtanais Speisialta Oideachais a d'eagraigh Gaeloideachas ar 17 Aibreán 2024 in Óstán Athlone Springs dírithe ar thacaíochtaí do pháistí sa chóras oideachais lán-Ghaeilge/Gaeltachta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Mar chuid de chlár spreagúil an lae bhí seisiúin dírithe ar mhúinteoirí ag an trí leibhéal - naíonra, bunleibhéal & iar-bhunleibhéal, chun tacú lena gcuid daltaí a RSO acu. D’fhreagair ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón gCNOS (NCSE), agus ó SNSO (NEPS) ceisteanna ó mhúinteoirí ar maidin agus bhí ceardlanna ar siúl i rith an lae – painéal dírithe ar an néara-éagsúlacht ina measc.Sheol Gaeloideachas acmhainní nua i nGaeilge a forbraíodh i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism, Treoir Tacaíochta don Uathachas: Acmhainn d’Oideoirí ag Tacú le Foghlaimeoirí Uathacha san Oideachas Lán-Ghaeilge ina measc. “Ba mhaith liom tréaslú le Gaeloideachas as a gcuid oibre agus iad ag tacú le riachtanais mhúinteoirí i suíomhanna lán-Ghaeilge a bhfuil daltaí uathacha acu,” a deir an Dr Fiona McCaffrey, Ceannasaí Taighde agus Forbartha, Ionad Uathachais Middletown. “Cuireann an acmhainn seo, a forbraíodh mar chomhthionscadal idir Middletown agus Gaeloideachas, béim ar an tábhacht a bhaineann le bealach néaraidhearfach agus láidreacht-dhírithe le tacú le daltaí sa chóras oideachais lán-Ghaeilge.” Tá an acmhainn nuasheolta ar fáil thíos. Ba mhaith le Gaeloideachas buíochas a ghlacadh le gach duine a d'fhreastal ar Bláthú 2024 agus tá muid ag súil go mór sibh a fheiceáil ag Bláthú 2025. Ráiteas thar ceann Gaeloideachas ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge Ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an 24 Aibreán 2024, thug Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí Gaeloideachas, ráiteas cuimsitheach thar ceann Gaeloideachas. Sa ráiteas chlúdaigh sí na ceisteanna seo leanas:
Thagair Claire don chomhairliúchán poiblí don Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge agus an deis atá ag an Roinn Oideachais sa pholasaí nua réiteach a fháil ar na ceisteanna thuas. Tá ráiteas iomlán Gaeloideachas ar fáil thíos chomh maith le taifead iomlán de sheisiún na Comhchoiste Dála ar an 24 Aibreán: Acmhainní & Fógraíocht Do Mhúinteoirí Staire Tá COGG ag eagrú ceardlann ar líne le Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach, Aistear Ama, ar an: Déardaoin 16 Bealtaine 7 -8 i.n. Tuilleadh eolais thall: Do Bhoird Bhainistíochta & Príomhoidí - Sraith Oiliúna Tá an Foras Pátrúnachta ag leanúint lena sraith oiliúna ar líne do bhoird bhainistíochta agus do phríomhoidí. Tá cheithre sheisiún fanta idir seo agus an 29 Bealtaine. Féach thall! Fóram Feasa - Sraith Ceardlann Is tionscnamh líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna Gaeltachta & Lán-Ghaeilge atá tugtha le chéile ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus COGG. Tá sraith ceardlann eagraithe ag Fóram Feasa a chríochnóidh ar an 24 Bealtaine. Tá tuilleadh eolais agus deis clárúcháin ar fáil thall: Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas an BhunleibhéilFíseáin bunaithe ar an tumoideachas sa bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. |