Déan Comhrá, Léitheoireacht, Comórtais, Imeachtaí, eolas faoi scoileanna nua agus scoileanna Gaeltachta, agus níos mó! ![]() An Turas ScoileEagrán an Earraigh 2022 San eagrán seo :
Fáilte romhat chuig an eagrán seo!Tá áthas ar Gaeloideachas chéad eagrán na bliana seo dár nuachtlitir An Turas Scoile a scaipeadh oraibh. Tá súil againn go raibh téarma maith ag bhur gcuid páistí ar ais sa naíonra nó ar scoil tar éis na Nollag. Níl ann amhras ach go bhfuil cúpla mí dhian dhúshlánach caite ag earnáil an oideachais trí chéile. Tá súil againn go mbeidh briseadh meántéarma álainn ag bhur dteaghlaigh anois agus go n-éireoidh libh rud deas nó dhó a dhéanamh lena linn. San eagrán seo roinnfear eolas ó Gaeloideachas maidir le hacmhainní úsáideacha do thuismitheoirí, cúpla nod i dtaobh na léitheoireachta, cúpla comórtas do scoláirí, mar aon le liosta áiteanna le himeachtaí agus siamsaíocht trí Ghaeilge a lorg do do pháiste. ![]() Físeáin nua Déan ComhráAn bhfuil cóip de Déan Comhrá ó Gaeloideachas agat? Is féidir an leabhrán agus na físeáin a théann leis a úsáid leis an nGaeilge a fhoghlaim, le stór focal a leathnú agus le breis Gaeilge a thabhairt isteach i saol an teaghlaigh. Tá go leor físeán nua curtha le chéile againn an téarma seo agus iad ar fáil ar ár gcainéal YouTube. Ina measc físeáin ar Mholadh agus ceann eile ar an Earrach. Tá go leor frásaí deasa simplí Gaeilge sa gceann Moladh le húsáid agus moladh á thabhairt do do pháiste sa mbaile! Déan cuardach orthu ag an nasc thíos. ![]() Conas Iar-Bhunscoil a BhunúBíonn Gaeloideachas ag obair le pobail i dtreo scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú. Braitheann rathúlacht na n-iarratas ar scoileanna nua ar thacaíocht láidir ón bpobal agus ar léirithe spéise ó thuismitheoirí. Bunaítear scoileanna lán-Ghaeilge nua i mbealaí éagsúla, ach is é an bealach is coitianta ná nuair a fhógraíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil scoil nua ag teastáil i gceantar faoi leith. Tarlaíonn sé seo nuair a shocraíonn siad nach bhfuil go leor spásanna i scoileanna áitiúla le freastal ar phobal an cheantair atá ag fás nó ag athrú. Cé nach bhfuil sé chomh coitianta céanna, féadtar soláthar nua lán-Ghaeilge a bhunú i scoil atá ann cheana freisin:
![]() Cabhrú leis an LéitheoireachtAn bhfuil imní ort maidir le léitheoireacht do pháiste? B’fhéidir go bhfuil sé nó sí ag streachailt le gnéithe de? Tá sraith an-mhaith póstálacha ar an ábhar seo ar fáil ar an suíomh Talk Nua. Is í an Dr Mary-Pat O’Malley, léachtóir i Scoil na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Éireann, Gaillimh, atá taobh thiar den suíomh. Chomh maith le bheith ina léachtóir, is teiripeoir urlabhra agus teanga cláraithe í Mary-Pat chomh maith. Tá go leor comhairle phraiticiúil ar fáil ina cuid póstálacha agus go leor comhairle maidir leis an dátheangachas. Seo thíos na cinn is deireanaí a bhaineann leis an léitheoireacht. Tá siad dírithe ar pháistí ar aoiseanna éagsúla. Ná déan dearmad go bhfuil rannóg speisialta ag Gaeloideachas ar an disléicse do thuismitheoirí freisin! Féach www.gaeloideachas.ie/dyslexia/
Léitheoireacht as GaeilgeAn mbíonn leabhair Ghaeilge á léamh agat féin mar rud pléisiúrtha nó mar mhodh foghlama? Tá an léitheoireacht ina huirlis iontach le teanga ar bith a fhoghlaim. Tá eolas ag an Siopa Leabhar ar a suíomh atá dírithe go speisialta ar thuismitheoirí maidir le cothú na léitheoireachta. Roinntear comhairle maidir le leabhair mhaithe le breis Gaeilge a thabhairt isteach i saol an teaghlaigh, comhairle maidir le bheith ag léamh as Gaeilge (fiú mura bhfuil móran Gaeilge agat), moltaí leabhar do dhaoine fásta agus go leor eile. Má tá Gaeilge agat, is féidir éisteacht le Seosamh Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin i Leabharlann Ghaoth Dobhair, ag caint faoi leabhair shuimiúla Gaeilge atá ar fáil do dhaoine fásta agus do pháistí chomh maith. An mbeadh suim agat bheith mar bhall de Chlub Leabhar? Tá ceann ar fáil ar líne ag an nasc thíos. Cúpla comórtas - deis iarratais i nGaeilge a chur isteachAn mbeadh suim ag do pháiste cur isteach ar aon cheann de na comórtais seo thíos? Tá deiseanna ann do scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile ann agus is fiú go mór iarratas i nGaeilge a chur isteach. Comórtas staire do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileannaAn bhfuil suim ag d’iníon nó do mhac i gcúrsaí staire? Mar chuid de chomóradh ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’, tugtar cuireadh do scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile ar fud na tíre, bheith rannpháirteach sa gcomórtas staire bliantúil seo. Is é an 8 Aibreán 2022 an spriocdháta. Gach eolas anseo. Comórtas scileanna gairmeacha ó Careers PortalTá comórtas iontach curtha ar fáil ag Careers Portal do lucht na hidirbhliana agus lucht na hArdteiste. Má tá do pháiste tar éis socrúchán taithí oibre a dhéanamh, is fiú go mór dóibh iarratas a i nGaeilge a chur isteach! Spreagann an comórtas seo daoine óga le machnamh a dhéanamh ar na scileanna atá forbartha acu le linn tréimhse thaithí oibre agus taighde a dhéanamh ar ghairm faoi leith. Is é an spriocdháta ná 25 Márta 2022. Gach eolas anseo. ![]() Imeachtaí as Gaeilge do TheaghlaighIs iomaí rud atá le déanamh as Gaeilge do thuismitheoirí agus theaghlaigh timpeall na tíre seo. Idir imeachtaí ar líne go himeachtaí sa bhfíorshaol. I measc na ndreamanna éagsúla thíos, tiocfaidh tú ar shiamsaíocht nó imeacht éigin feiliúnach do do theaghlach le meascán rudaí ann do theaghlaigh gan Ghaeilge, le beagán Gaeilge agus do thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá sé tábhachtach do pháistí atá ag freastal ar naíonraí agus scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, ach go háirithe, go dtuigfidh siad go labhraítear Gaeilge lasmuigh d’uaireannta scoile agus i gcomhthéacsanna sóisialta neamhscoile. Má tá suim agat freastal ar imeacht trí Ghaeilge, tá cúpla dream thíos faoin alt seo arbh fhiú go mór breathnú orthu. Spotsholas ar Ghlór na nGael Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht náisiúnta atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh. Is é ról Ghlór na nGael ná a chinntiú go bhfuil tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Bíonn clár mór imeachtaí á reáchtáil lena n-áirítear: seachtainí saoire sa Ghaeltacht, deirí seachtaine sna ceithre cúigí, imeachtaí lae, scéalaíocht um Shamhna, cuairteanna Daidí na Nollag, picnicí na Bealtaine, seomra na dteaghlach ag Oireachtas na Gaeilge agus níos mó. Má tá leadrán ar éinne le linn bhriseadh an mheánteárma, tá go leor físeán curtha ar fáil ag Glór na nGael ar an aclaíocht, ar an gceardaíocht, scéalaíocht, mar aon le puzail agus crosfhocail! Féach www.glornangael.ie/teaghlaigh/ Tá liosta imeachtaí Ghlór na nGael do mhí Feabhra agus Mhárta ar fáil anseo. Cuireann siad nuachtlitir rialta theaghlaigh ar fáil atá lán le heolas, smaointe praiticiúla, stór focal agus gníomhaíochtaí teaghlaigh chomh maith. Is féidir clárú anseo. Tá teacht ar Nuachtlitir mhí Feabhra ag an nasc seo. ![]() Liosta Grúpaí An Carn www.ancarn.org/ Comhluadar Luimnigh www.facebook.com/ComhluadarL/ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich www.culturlann.ie/ga Cultúrlann Uí Chanáin www.culturlann.org/ Gaeilge Locha Riach www.bailelochariach.ie/ Glór Cheatharlach www.facebook.com/glor.cheatharlach Glór na Móna www.glornamona.com/ Glór na nGael www.glornangael.ie/ Líonra Leitir Ceanainn www.lionralc.ie Tuismitheoirí na Gaeltachta www.tuismitheoiri.ie/ Tús Maith/Oidhreacht Chorca Dhuibhne www.tusmaithocd.ie/ga/ Deiseanna do thuismitheoirí bheith rannpháirteach i gcomhairliúchán tábhachtachComhairliúchán ar an Dréachtchreat Curaclaim na BunscoileTá athbhreithniú agus athfhorbairt á dhéanamh ar an gcuraclam bunscoile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Méasúnachta (CNCM). Leanfaidh an comhairliúchán ar aghaidh go deireadh mhí Feabhra 2022. Is féidir le tuismitheoirí bheith páirteach sa gcomhairliúchán seo i mbealaí éagsúla. Tá gach eolas anseo. Aistear á nuashonrú – cuir do thuairimí in iúl!Is é Aistear an creat curaclaim luath-óige do gach páiste ó bhreith go sé bliana d’aois. Tá sé á nuashonrú i láthair na huaire agus tá comhairliúchán ar siúl ag an CNCM ina leith. Is féidir le tuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl trí cheistneoir ar líne a líonadh isteach. Gach eolas anseo. ![]() Eolas do thuismitheoirí GaeltachtaBileog nua ó Gaeloideachas: An Bhunscoil GhaeltachtaAn bhfuil ár mbileog úr ar an oideachas bunleibhéil Gaeltachta feicthe agat go fóill? Tá eolas úsáideach ann do thuismitheoirí agus freagraí ar roinnt ceisteanna coitianta. Léigh an bhileog anseo. An Polasaí don Oideachas GaeltachtaEolas do thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar naíonra nó scoil Ghaeltachta agus freagraí ar cheisteanna coitianta a bhaineann leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22 (POG) á chur i bhfeidhm i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna na Gaeltachta ó 2017. Is polasaí stáit é a cruthaíodh chun aitheantas na scoileanna a dhaingniú mar scoileanna Gaeltachta. Tá Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta á feidhmiú sna scoileanna atá páirteach sa bPolasaí. ![]() Cúinne TaighdeSpléachadh ar a bhfuil á rá i dtaighde faoin dátheangachas! “Language switching is natural for bilinguals. So, even though it’s a workout for the brain, there’s no extra work involved once the language becomes second nature.” Bilingualism Is Good for Your Mental Health. An article on the benefits of bilingualism from Intelligent Living. Nuachtlitreacha GaeloideachasLe do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith. Físeáin Gaeloideachas do ThuismitheoiríFíseáin dírithe ar thuismitheoirí ar gach leibhéal teanga. Is féidir breathnú ar fhíseáin atá lán le heolas maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, taifead de sheimineáir éagsúla, físeáin ealaíne agus cheardaíochta, agus go leor eile! |