4 Deireadh Fómhair 2023

Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag socrú isteach go maith sa téarma nua seo agus go raibh briseadh deas agaibh le linn an tsamhraidh.

Seo an chéad eagrán dár nuachtlitir ar riachtanais speisialta oideachais an téarma seo. Roinnfear eolas maidir le hacmhainní praiticiúla ann, eolas cabhrach do thuismitheoirí agus deiseanna forbartha gairmiúla do mhúinteoirí.

 

Teanga bhreise a fhoghlaim ag páistí a bhfuil neamhord teanga orthu: Bileog eolais úsáideach ó Speech-Language & Audiology Canada

“[…] Students with language difficulties who attend dual language French immersion programs attain the same language and academic outcomes as comparable students in monolingual programs with, or at risk of, language disorder, while also attaining higher levels of functional proficiency in French than their non-immersion peers (Genesee & Lindholm-Leary, 2021). Therefore, students with, or at risk of, language disorder should not be systematically counselled out of immersion programs. Further, they should be able to fully access both special education supports and dual language learning opportunities in the school setting; they should not be obligated to choose one over the other (Pesco et al., 2016)”.

Tugann an bhileog seo achoimre ar sheasamh Speech-Language & Audiology Canada (SAC), eagraíocht náisiúnta do theiripeoirí urlabhra agus teanga, éisteolaithe, agus cúntóirí sláinte chumarsáide i gCeanada, maidir le páistí a bhfuil neamhord teanga orthu nó imní ann go bhfuil neamhord teanga orthu agus an dátheangachas – sin gur chóir go mbeadh deis acu bheith dátheangach agus gur chóir na tacaíochtaí cuí a chur ar fáil dóibh chuige sin.

D’fhéadfadh an t-eolas anseo bheith úsáideach do thuismitheoirí nó le roinnt ar dhaoine proifisiúnta éagsúla.

Léigh an Bhileog Eolais
 
 

Acmhainní praiticiúla don naíonra nó don seomra ranga

Tarraing Anáil: Teicnící Féinrialúcháin agus Suaimhnis do Leanaí

Cártaí Gníomhaíochta Inchlóite agus Cleachtaí Samhlaithe Treoraithe do Leanaí de gach Aois ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí

Is féidir le leanaí teicnící análaithe a úsáid chun dul i ngleic le himní, le fearg agus le teannas. Is féidir a mhúineadh dóibh le feasacht ar an anáil a úsáid i gcúinsí strusmhara ar nós scrúduithe agus trialacha, coimhlintí nó bulaíochta, mar aon le taibhiú nó láithriú a dhéanamh os comhair a gcomhscoláirí agus a dtuismitheoirí. Is féidir le leanaí de gach aois, agus le daoine fásta freisin, na gníomhaíochtaí análaithe a leanas a úsáid.

Tarraing Anáil
 
 

Ábhar Léitheoireachta

An Mac Tíre a raibh faitíos an domhain air le Orianne Lallemand

Bíonn faitíos ar Mhac Tíre i gcónaí, agus bíonn na mic tíre eile ag gáire faoi. Ceapann sé nach mac tíre ceart é. Ní thuigeann a mhuintir féin é ar chor ar bith! Ar deireadh, socraíonn sé imeacht amach faoin domhan mór agus é sa tóir ar an misneach.

Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 4-7 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéanann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl.

D’fhéadfaí an leabhar seo a léamh le téamaí agus mothúcháin éagsúla a phlé: eagla, crógacht, misneach, feiniúlacht, fás agus forbairt, féincheistiú, éagsúlacht.

An Drúchtín agus an Seilide le hOein DeBhairduin

Seo leabhar nuafhoilsithe ó Little Island Books agus Skein Press atá fréamhaithe i dtraidisiún scéalaíochta an Lucht Siúil. Is fáthscéal séimh é seo faoi éagsúlacht, féinghlacadh agus léargais éagsúla ar an domhan. Tá ceacht sa bhfáthscéal faoi fhéinghlacadh, bród féiniúlachta agus faoi rudaí a dhéanamh ar do bhealach féin. D’fhéadfaí an leabhar seo a léamh le páistí níos óige agus plé suimiúil ranga a bheith ann ar roinnt de na ceisteanna agus téamaí a chíortar ann.

Treoir léitheoireachta ar fáil anseo.

 
 

Acmhainní ar an Tairseach

An bhfuil cur amach agat ar na hacmhainní iontacha atá ar fáil ar an Tairseach? Is féidir scagaire a úsáid fiú le teacht ar acmhainní feiliúncha don oideachas speisialta, don bhfolláine agus d’ábhair éagsúla.

Bunscoil

Tuiscint a Fháil ar Imní

Glac Liom Mar Atá Mé

Mise agus mo Mhúinteoir Oideachais Speisialta

Scéalta Sóisialta (Pacáiste de 40 Scéal Sóisialta)

Iar-Bhunscoil

Scéalta Sóisialta (Pacáiste de 40 Scéal Sóisialta don Iar-bhunleibhéal)

Biongó Folláine

Féilire Folláine

Mo Dhialann Bhuíochais

Mo Ghréasán Tacaíochta

Mo Phlean Staidéir

Dialann Folláine

An Tairseach
 
 

Sosanna Gluaiseachta - Oíche Shamhna agus An Nollaig

An bhfaca tú na cártaí do shosanna gluaiseachta ar shuíomh Gaeloideachas, forbartha i gcomhpháirt le Middletown Centre for Autism? Seans go mbeidh cuid acu úsáideach don téarma atá amach romhainn!

Is sosanna gearra fisiciúla iad seo a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de ghnáthlá an pháiste. Is píosa spraoi iad a thacaíonn le páistí gluaiseachtaí a dhéanamh agus ardaíonn siad leibhéal fuinnimh. Bíonn sos i lár an lae dá bharr agus cuidíonn siad le páistí lena mothúcháin agus a bheith níos folláine. Is féidir sosanna gluaiseachta a dhéanamh laistigh agus lasmuigh araon.

Tá na cártaí sosanna gluaiseachta seo dírithe ar théamaí Oíche Shamhna agus na Nollag, agus is féidir iad a úsáid mar ghníomhaíocht aonair leo féin nó fite fuaite i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann leis na téamaí céanna le sos gluaiseachta a thabhairt agus deis a thabhairt don rialú.

Sosanna Gluaiseachta – Oíche Shamhna

Sosanna Gluaiseachta – An Nollaig

Tá breis gníomhaíochtaí den chineál seo ar fáil ón Roinn Leanaí anseo.

 

 

Abhcóideacht, Cruinnithe agus Éilimh ar bhur son

Cumann Disléicse na hÉireann

Beidh cruinniú ag Gaeloideachas le Cumann Disléicse na hÉireann níos deireanaí an mhí seo. Tá muid ag súil go mór le tógáil ar an gcomhoibriú leis an eagaíocht agus ceisteanna tábhachtacha faoi riachtanais pháistí agus dhaoine óga a bhfuil disléicse orthu a phlé, mar aon le tacaíochtaí dá múinteoirí. Tá acmhainn úr nua á forbairt againn le chéile a bheidh ar fáil go luath freisin.

Ná déan dearmad go bhfuil an leabhrán a d'fhorbair Gaeloideachas le Cumann Disléicse na hÉireann ar fáil le hordú i gcónaí chomh maith!

  • Students with Dyslexia in an Irish-medium school: Advice for Parents 
  • Daltaí a bhfuil Disléicse orthu i Scoil lán-Ghaeilge: Comhairle do Thuismitheoirí

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta

Bhí cruinniú an-fhiúntach ag Gaeloideachas le baill foirne ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta le linn an tsamhraidh. Bhuail Bláthnaid, Ciara agus an Dr Sinéad Nic Aindriú le John Kearney, Helen Walsh, Mandy McGarvey agus Cathy Connolly agus pléadh an t-uafás lena linn. I measc na réimsí a pléadh, bhí:

  • tacaíochtaí agus acmhainní atá ag teastáil ón earnáil
  • ceisteanna soláthair
  • forbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanais speisialta
  • rúin ábhartha ó Chruinniú Ginearálta Bliantúil Gaeloideachas

Tá muid ag súil leis an ngaol comhoibritheach seo a threisiú thar na míonna romhainn agus an CNOS ag fás agus ag forbairt agus guíonn muid gach rath orthu.

 
 

Faigh acmhainní agus scéalta eile bunaithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais thíos:

 

Spotsolas ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach atá dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais

 

Cúrsaí oiliúna trí mheán na Gaeilge ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Bunleibhéal amháin

Múineadh na nDaltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais, 7ú Feabhra 2024, Ionaid Oideachais Laoise.

Iompar a Théann i gcion ar an bhFoghlaim agus Iompar ar Ábhar Imní é - Pointe tosaigh, 21 Feabhra 2024, ar líne

Teagasc agus Foghlaim i gcomhthéacs Daltaí Sárchumasacha agus Dé-Eisceachtúla, 30ú Aibreán 2024, ar líne

 
 

Crann Taca, Comhdháil ar Shainriachtanais eagraithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Comhghairdeas mór lenár gcairde i gComhairle na Gaelscolaíochta as comhdháil iontach ar shainriachtanais a chur ar fáil le deireanaí. Bhain foireann Gaeloideachas an-taitneamh as an ócáid. Cuirfear sleamhnáin na gceardlann ar fáil ar shuíomh na Comhairle go luath.

 

Tionól Forbartha 2023 - 10ú Samhain 2023, Óstán Slieve Russell, an Cabhán

An mbeidh tú féin nó ionadaithe ó do scoil i láthair ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG i mbliana? Ócáid fhíorspeisialta a bheidh ann agus Gaeloideachas ag ceiliúradh 50 bliain faoi bhláth.

Beidh rogha leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí le linn an Tionóil Forbartha. Ina measc, díreofar ar conas tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta acu in dá cheardlann shonracha faoi leith:

·         Bunú agus Buanú Ranganna Speisialta agus tacaíochtaí eile atá ar fáil don oideachas speisialta ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) [seisiún trasearnála]

·         Conas tacú le scoláirí a bhfuil disléicse nó deacrachtaí leitheoireachta (Gaeilge & Béarla) acu i suíomh lán-Ghaeilge? Caitríona Uí Shoracháin, Scoil Uí Riada, Co. Chill Dara agus Sharon Ní Chasaide, Gaelscoil Lorgan, Co. Mhúineacháin [seisiún bunleibhéil]

Má tá suim agat sna ceardlanna seo agus clár lán le rogha leathan ceardlann eile, is fiú go mór clárú ag an nasc thíos. Tá roint spásanna fós ar fáil. Is deis iontach é an Tionól Forbartha le cloisteáil faoi acmhainní úrnua, dea-chleachtais agus straitéisí ó mhúinteoirí eile, agus smaointe agus comhairle a chomhroinnt ar a chéile.

Breis Eolais Anseo
 

Cúpla dáta eile le cur sa dialann: Laethanta Feasachta

An eagraíonn do naíonra nó scoil aon ghníomhaíochtaí faoi leith le feasacht a ardú ar éagsúlacht nó riachtanais speisialta nó le héagsúlacht nó ionchuimsiú a cheiliúradh ar dhátaí faoi leith? Seo roinnt dátaí mar spreagadh breise daoibh:

2-8 Deireadh Fómhair: An tSeachtain Feasachta i leith Disléicse

8 Deireadh Fómhair: Lá Idirnáisiúnta an Disléicse

3 Nollaig: Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas

10 Nollaig: Lá Chearta an Duine

4 Eanáir: Lá Domhanda Braille

1 Márta: Lá Idirnáisiúnta um Chathaoireacha Rothaí

3 Márta: Lá Domhanda na hÉisteachta

21 Márta: Lá Idirnáisiúnta Siondróm Down

2 Aibreán: An Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas

Mí Aibreáin: An Mhí Dhomhanda Feasachta ar Uathachas

 

Ar oscail do scoil rang uathachais nua i mbliana?

Osclaíodh a lán ranganna nua uathachais i scoileanna lán-Ghaeilge i mí Mheán Fómhair. Tá go leor tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ó Gaeloideachas chun cabhrú libh ar an aistear seo. Seo blaiseadh beag díobh:

·         Rannóg eolais agus bailiúchán acmhainní ar an uathachas: bit.ly/uathachas 

·         Físeán ó Bláthú 2022 dírithe ar bhunú agus bhuanú ranganna speisialta: bit.ly/bunaighrangspeisialta  

·         Rannóg eolais dírithe ar ranganna uathachais: bit.ly/ranguathachaisnua  

 

Grianghraif de ranganna uathachais, spásanna suaimhnis agus seomraí céadfaí

Mar a d’fhógair muid cheana, tá grianghraif agus físeáin á mbailiú againn ar bhonn leanúnach a léiríonn ranganna uathachais agus spásanna céadfaí. Ba bhreá linn i bhfad níos mó a chur leis an albam agus na féidearthachtaí a roinnt libh ar fad. Má tá do scoil sásta grianghraif nó físeáin bhreise a roinnt linn, cuir rphost chuig ciara@gaeloideachas.ie.

Seo an t-albam Flickr go dáta. Ár mbuíochas mór leis na príomhoidí agus múinteoirí uilig a roinn linn iad.

 

Spotsolas ar Cheardlanna ó Bláthú 2022

Tá na ceardlanna uile ónár gComhdháil ar RSO, Bláthú 2022, ar fáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas anois. Seo cúpla ceann a bhféadfadh bheith suimiúil do léitheoirí an eagráin seo:

·         Aireachas mar thacaíocht bhreise sa seomra ranga iar-bhunscoile  - Katie McGreal, Solas Relaxation

·         Forbairt iomlán an dalta le riachtanais speisialta trí úsáid éifeachtach sonraí agus cuir chuige tréadchúraim - Mary Uí Dhaimhín, Coláiste Feirste

·         Cluichí agus gníomhaíochtaí súgartha chun tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu - An Dr Ciara Uí Chonduibh, Scoil Uí Ghramhnaigh, Aingeal Nic an tSábhaisigh, an tÁisaonad, agus Áinín Uí Chaiside, Glór na nGael

·         Gach páiste a chur san áireamh sa cheacht Gaeilge: ag roinnt dea-chleachtais - An Dr Claire M. Dunne, Institiúid Oideachais Marino agus an Dr Sylvaine Ní Aogáin, Coláiste Mhuire gan Smál

 

Cluiche Aithne a Chur Ort!

An bhfuil cluiche á lorg agat chun cabhrú leis na páistí aithne níos fearr a chur ar a chéile ag tús na scoilbhliana? Tá cluiche breá simplí ar fáil anseo atá an-fheiliúnach don tréimhse seo den bhliain. Dhear Middletown Centre for Autism an cluiche go sonrach do pháistí agus dhaoine óga uathacha agus is féidir é a úsáid ar mhaithe le spriocanna éagsúla a bhaint amach le grúpaí éagsúla.

 

Ceist ó scoil - aon mholtaí cabhracha ag éinne? 

An bhfuil aon acmhainn ar leith a úsáideann sibh nó a mholfadh sibh le tacaíocht a thabhairt do pháiste le riachtanais bhreise (litearthacht agus uimhearthacht) a aistríonn isteach sa chóras lán-Ghaeilge in ardrang?

Cuir rphost go ciara@gaeloideachas.ie le moltaí úsáideacha ar bith.

 

Nuachtlitreacha Gaeloideachas | Newletters

Le do thoil, roghnaigh na nuachtlitreacha uile gur mian leat a fháil uainn. Is féidir do rogha a leasú ag am ar bith.

Please choose the newsletters you wish to receive from us. You can amend your selection at anytime.

Cláraigh Anseo | Subscribe Here

Físeáin Gaeloideachas

ar RSO

Físeáin dírithe ar Riachtanais Speisialta Oideachais

Videos based on Special Educational Needs

 Físeáin RSO | SEN Videos 

 
https://linktr.ee/Gaeloideachas
Cé Muid?
 
 
  Share 
  Tweet 
  Share 
  Forward 
Gaeloideachas

Is Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta í Gaeloideachas, cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
Uimhir cuideachta: 317146 | Uimhir cláraithe carthanais: 20042394 | CHY: 13520
Oifig cláraithe i Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9, D09 K4P6, Éire
Tá an ríomhphost seo á fháil agat toisc go bhfuil tú ar liosta Gaeloideachas dá nuachtlitreacha. Is féidir do roghanna a chur in oiriúint nó do sheoladh a bhaint ón liosta trí chliceáil ar na naisc thíos. 
Preferences  |  Unsubscribe